An t-Athair Séan Ó Connaill cct.
A Uain oirdheirc do cosgaradh gan gnás cionnta
Is fuil t'ochta ghil gur dhoirtis-se le grádh dhúinne
Ó's follus duit mé i boichteanacht i lár dúithche
I n-obantacht tabhair cabhair dom is bár conganta.
Bár conganta i dtráth tabhair dom, a Athair na naomh
Gach cás cúmhang 'na bhfághair fútha feasda mé réidh;
Lá an chúntais fá'd stiuirchirt aduimh mé saor,
Is dáil chúghat go fáilteamhail go parathas mé.
Ga parathas mé leig-se, a Dhia na ngrás
Gan pheannaid gan phéin saor-ghlán gan chíach gan chás,
Mo bhearta cé daor, tréithe mo mhiana pláis
Is tabhair dom déirc éigin i mbliadhna id' pháirt.
Id' pháirt-se glach mé a Athair chaoin chomhachtaigh,
Is áilim feasda an Mac dom fhír-threoradh
Is an Ard-spioraid cheart is treas don Trionóid ghil
Im' láimh-se ag teacht go teagh na síor-ghlóire.
Trionóid na síor-ghloire 'gham ghlacadh go buan;
Is guidhim fós an rígh mór maith gan ghanguid gan gruaim
Go síodhach sóghail síthéoilte seasamhac suairc
Dom chruinn-sheóladh i bhfíorchomhgar fhlaitheas an Uain.
LS. UÍ MH. LXXII, L. 229