DEOR AITHRIGHE.
Deor aithrighe de dhruim tuirse,
'S a déanamh ria uair do bháis -
Ní tráth deor an uaigh;
Ní dual crann feoigh ag fás.
Deor aithrighe de dhruim tuirse,
'S a déanamh 'na ham féin -
Leathadh an tailimh seo d'ór
Is feárr fá dhó an deor 'ná é.
Dá bhfliuchtá fabhra do shúl
I n-aithrighe chiuin 'na ham féin,
d'imtheochadh do pheaca mar an smál
Is badh é an turas fó bhláth do réim!
LS. Uí Mh., 13, 47.