DÁN AN tSAIDHBHRIS.
Conall mac Daibhid cct., Circa 1800.
I bhfiacha ná saidhbhreas ní mhian liom mo bhás,
'S an scriptiúr da innsin gur contabhairt an cás:
B'fhearr liomsa roinn le gach drong ná bheith 'gcáin,
'S mo cháirde 's mo thiomna bheith i n-imreas 's mé ar lár.
Lucht sainnte ná saidhbhris ní mhaoidhfinn a ndóigh,
Óir tréigid an saoghal so is ní shaothraid an ghlóir.
Béidh a n-oighrí le díomhaoineas ag bruighean fa n-a stór,
Is na creutuir do shaothruigh faoi dhíbhircighe gan sógh.
Ba mhian liom bheith ag déirceadh 's bheith saoitheamhail os cionn cláir,
Fial agus daondha is gan éirghe ró-árd,
An chléir bheith ag guidhe liom 's an tír i mo pháirt,
Nuair nach féidir le fear maoine bheith naomhtha fághail bháis.
Do bhreathnuigh mé an saoghal so 's measaim nach baoghal don fhear atá
sidheamhail saidhbhir
Nach scaipidh a mhaoin le fifir an tsaoghail is do chruinnigh é gan breuga.
Is agaibhse bhíos an eaglais go buan 's lucht easbhuidh faghbháil bídh agus
eudaigh,
Gan aca le díol de ghearradh ná chíos acht flaitheas d'fhághail díbh i
n-éiric.