STAT-FHEARACHAS NA H-EIREANN.
Cuid a II.
I. LOINGEAS AN STAIT GHAEDHEALAIGH.
Gan loingeas gan saibhreas - sin a scéal ar
fud an domhain i gcomhnuì. Comhartha
cúachta náisiúin ar bith, sé an méad loingis atá
aige. "Náisiún fé smacht 'sa bhaile" (arsa
Friedrich List, anam-chara Airt Uì Ghriobhtha)
"nì dheacaidh sé ar aghaidh ar an fhairrge
ariamh." Nuair a chailleas náisiún a chuid
loingis, nì fada go gcaillfidh sé a chúacht, a
shaibhreas, agus a shaoirse féin.
Sin mar do bhì an scéal ag na Romhána-
chaibh. Nuair do scrios siad loingeas na
gCartagach, is annsin do chuir siad bun
daingean a n-Impireachta féin. Nuair do bhì
cúacht mhuireach an Róimhe ghá laghdú, is
annsin do thuit an Impireacht cheadna. Nuair
do bhì loingeas fairsing ag an Spáin, is annsin
dob ì an Spáin an tìr ba mho cúacht san
Euróip. Is ar scriosadh loingis na Spáine do
Shasan, gur éirigh na Sasanaigh 'na
máistreachaibh ar na domhan. Is ar dtógáilt
loingis don Khaiser Wilhelm II. gur éirigh na
Gearmánaigh i gcomórtas le na Sasanachaibh.
Is léir ón mhéad sin gur mór an tabhact atá
i gceist an loingis ar scrúdú stait-fhearachais
tìre ar bith. An rabh cúacht mhuireach ag
Eirinn ariamh? Ma bhí, cá huair a bhí sì aici?
Agus goidé mar a chaill na Gaedhil a loingeas
fé dheire? (Tuilleadh le teacht.)
A. DE B.