A chara na n-órd n-eólglan gan truailleacht riamh,
Leathnuigh an sceól bróin-se do bhuair mo chiall;
As aithris i gcód chóimhcheart do thuathaibh Cian,
Gur leagadh i bhfód feórainn 'n-a uaigh, Brian.
Brian lé'r briseadh go h-uile mo chroidhe ar dó,
Brian do chruthaigh a chuisle do'n chraoibh is mó,
An Brian-so, tuigidh gur cineadh do'n fhíor-fhuil Róigh;
'S i dtriall na druinge sin, d'imthigh mo bhrigh-se leó.
Leómhan láidir láinmhear luathmhar luath,
An t-óigfhear áigh dob áluinn gnúis as gruadh.
Mo león go bráth mar thárlaigh dúinn a luadh,
I gcomhrainn chláir ar scáth na h-úire, is truagh.
Is truagh an cheó so ar ógmharcra Eamhna úd faon,
Sluagh na sróll sórtdathach saineamhail saor,
A uain na h-óighe ó leónais an tsean-chrú caomh
Buanaigh i mbeó is deónaigh le planndú a phréamh.