Olc mo thuras sonn ó Lundain.
Olc mo thuras sonn ó Lundain
go Cnoc Samhruidh aoibhinn áird;
Fuaras ainnséin mar nár shaoilios
begán aoibhnis, easbhaidh gráidh.
Do shaoilios go mbiadh san dúnsoin
fáilte romham ar son Dé;
Mar nár shaoilios tárla dhamhsa,
beg faríor dom' amhgar é.
Ar mh'aithne do lucht an dúnaidh
amach tar múraibh cuirthear mé,
Dhá rádh lem airís gan rochtoin
'san dúnsoin do bhochtaigh mé.
Am' bráthair bhocht tré bheith dhamhsa
's am' shagart do dheibhlén dé,
Lag sin an chúis, ba chúis oirne,
fóir mo mhúith, a Choimdhe chléibh.
Lé Cnoc Samhruidh beg mo bháidhsi
's leis an chríchsin 'n-a bhfuil sé;
baoi mo dhóigh, gidheadh, 'san Iarla,
fá olc riamh nír liamhnadh é.
Sgéla uaimsi má fuair seision,
sgéla uaidhe ní fhuair mé;
É dhá dhénamh lem as iongnadh,
muna bhfuil orm diomdha Dé.
Ó nó iarla dá mbeith againn
do shíol cCuinn do chlannoibh Néill,
Saoilim féin go bhfuighin fáilte
am riocht féin, gé'r bhráthair mé.
Do chaithios ag teacht don dúnsoin
begán beg bá feirde mé,
'S ní fhuaras feóirling dhá shochar,
turas Ghóidrisg, donas é.
Olc.