AN DÁN GAEILGE
A mhac-alla dheas,
duit ós feas a lán,
créad, a ghlórach ghrinn,
do-bheir sinn dár gcrádh? - Grádh.
Grádh, dár ndóich, ní headh;
aithne damhsa an gean;
innis damh go fíor
mo shnuadh dhíom cé bhean? - Bean.
Más bean mar gach mnaoi,
a Dhé bhí, fo-dear
mo chéadfadh do chlódh,
uch, dár ndóich, ní headh! - Ní headh.
Munab eadh atá bé
do Thuathaibh-dé dom chrádh;
leigheas i ndán damh
innis damh má tá. - Atá.
A shíogaí ghlic ghrinn,
friotail rinn go réidh
créad is leigheas damh;
níor fhionnas ort bréag. - Éag.
Más é an t-éag go dimhin
foircheann fíre ar bpian
é do dhruidim liom
do b'ait liom, dar fia. - Dar fia.
Dar fia féin do b'ait,
a ghlac ghlan gan ghó;
gidh eadh, ar do bhás
ná cluineadh Cáit só. - Cad so?
Cad so an diabhail ort,
a thrú nár loc bréag,
fáth do mhagaidh can
faoi Cháit is glan déad. - Éad!
Más trí Narcissus tréan
ataoi ag éad ret olc,
beag an díth, dar Duach,
a dhul uait fán loch. - Och!
Och is míle mairg
do-chluinim agaibh gach laoi;
créad atá libh dá luadh,
a chú chuarta an chaoi? - Caoi.
Do chaoi Narcissus náir
do rug bárr gach gnaoi
sguir, is go rug Cáit
a bhárr so, más fíor. - Is fíor.
Beannacht ar do bhéal
nár chan bréag i-niu;
ó taoi ag dul i bhfad
cuirim leat adieu. - Adieu!