Ag so chugad (a léaghthóir) an chuid eile doibreachaibh
Shéathrúin Céating, mar atá Eochair Sgiath an Aifrinn; et gibé
léaghthoir lérab maith leas a anam do dhéanamh as tugtha dhó
dá aire go dithchiollach iad, et a léaghadh go minic go frioch-
namhach, agus dá ndeárna sin as follus go bhfághadh sochar
ádhbhal asda san aimsior so, seach na haimsearacha ina
rabhadar móran do dhiadhaireadhaibh et do dhaoinibh fógh-
lamtha an Éirinn, óir ní raibh Éire riamh (ó aimsir Pháttraicc
gus an am so) ní as teirce fá shearmóntaibh agus fá lucht craobh-
sgaoilte na fírinne diadha ina annois acht beagán do thuath-
chléiribh sanntacha saoghalta saoghalta <sic> bhíos an iomaidh
lé chéile attaoibh a sochair sóghluaiste a los a bporráistíghe.
Ní labhruim go geinearalta air an Eaglais atá an Éirinn annso,
ach ar an druing díob atá cionntach san choir adúbhart óir as
aithnid dhamh mórán díobh atá fóghlamtha go fírinneach et
fós iad ar na líonadh do dhaonnacht agus do dhéirc agus do ghníomhar-
thaibh sómholta eile. Dia na nuile chómhacht do chur na cléire
chuguinn tar ais go hÉirinn. Mar an gcéadna iarruim air Dhia
saoghal fada et sláinte chuirp agus anama do thabhairt don tí
dforáil orm an obhair <sic> so do sgríobh dhó .i. Tathair
Risteárd Breathnach Sagart agus Dochtúir dearsgnuídhthe san
dhiadhacht. Gurab í sin as gnáthghuídhe dá searbhfhóghan-
tuídhe .i. Seaghan Mac Cosgair.