Maillí an Chlóca, a wretched man who kept a rural brothell at
Enistimon, 1780
Raghad 'teagh Mhaillí an Chlóca; is ann do bhídh an spórt ar fad:
punch dá riar ar bord ann, is cailín an tighe 'na suidhe le m'ais.
As geall le Tír na hÓige é, tá gach uile ní ann mar is ceart:
mise a' sinim cheóil ann, 's nach breágh mo sháoghal nuair 'shuidhim
'na measg!
Ansúd do bhíonn dá leasughadh Seaán do Búrc is Donnchadh Mór,
fear gan spleáchas, mac deagh-athar: Toirrdhelbhach Sheaáin Ó
Tulaigh Ruaidh.
Níl gnó dá n-árriomh, 's ann atáid siad - fearaibh Pháil a' dul ar cuaird;
Brighid dá dingeadh ar lár ann, 's nár bhreágh lé an ciorradhbuac!
Sláinte Mhaillí an Chlóca 's na ccailínidhe óg 'tá gan fear!
Má táid a mbothán bhrónach, is ann do gheóbhaid a n-íochtar ceart.
Má ghabhann tú choidhche an bóthar, bíodh ad póca agat le tabhairt dóibh
breab;
's go mb'fhearradh dhuit chum spóirte é ná clóca 's ná high-caul cap.
Bíon teacht an tsáile isteach gach lá ann, an long 's an bád anoir 's aniar,
grove re fás ann, cúrsa ráis ann, móinín báire, ceól is fiadhach;
tá tobar spa ann gan aon charn air re haghaidh mná agus fear do riar;
ba minic sin teinte cnámh ann, sop dára 'gus pis dá riar.
Lá dá rabhas a' siubhal cois abhann as ann do chuala an ciorradh cas:
Úna is Máire a' bruighean 's a' gártha, lámh an íochtar gach aile seal.
As é dubhairt . . .