A Satirical Poem On Franciscan Friars
Seón Mairtín cecinit
Cionnas sin, a Phápa,
créad do-bheir na bráithre ' marcaíocht
is gurab amhlaidh bhí San Phroinsias
dar mo choinsias a' coisíocht.
Gan chlóca maith, gan ghúna,
gan bhútais, gan spor dealgach,
gan bhanna mór ar a ghuaillibh,
gan uabhar i dtruaill anma.
Gan bhróga ar nós Polónia,
gan chnaipí órdha nó síoda,
gan hata luach thrí bpunta,
gan chéad punta ina bhríste.
Do bhí a chóta gan lása,
cia gur mhór grásta Chríosta,
is gairtéil don tsról uaithne
faoina ghlúine go híseal.
Gan léine gheal mar lítis,
gan spíosair, gan fhíon Gréagach,
is fiosach dhuit, a Phápa,
cia hacu an crábhadh bréige.
I gcnoc i dtionól na bpobal
neach onoir nó i gculaidh,
níl fhios cia hé an bráthair
ó mhac mháthar Rí Uladh.
Dá bhfanadh an bocht uaibhreach
ina dhualgas níor mhiste,
is gan a bheith ag dréim le gach uaisle,
do-gheabhainn fuascailt mo cheiste.
Séan do Chríosta a shín i bpáis go léir,
séan don rí 's do bhrí gach Sácraiméint,
séan a-rís do dhlí an Phápa go léir,
agus géill do gach ní dár chríochnaigh an Pháirliméint.