Mo thrúaighe cor na héigsi,
ní hiomdha céile aice,
ní léigthear dhúinn mar dhuine
gidh beag suidhe 'na haice.
Eidir shaóithibh go ttrásta,
gidh mór na grása fúair-se,
an éigsi dob fhearr 'na hóinmhid
ná bheith ró-ghlic san úair-se.
Beannacht lé d'éis na bhfileadh,
an éigse chrithreach chruithgheal,
a n-am do chaill a hanam,
ní mhairionn lucht a tuigthe.
Ag úaislibh dísle ar ttalaimh,
dá maradh aón san mhíle,
as é as amadán aca
fear a sgagtha go fíre.
Dá mbeith sgáile don éigsi
ag neach éigin don domhan
do chlódh an reachta ró-mhaith
diúltaid dó-sain mar ollamh.
Dá mbeadh cion ar an éigsi,
ní áirbhim tréidhe a ndile
dar liom atáid dá mealladh
nach áil leo ceangal linne.
A bhfuil agum dom éigsi
treise éirghe ná leagadh,
gabhuim mar gheall 'na maóinibh
slán gach aoinfhir fán tsh.