EOCHAIDH Ó HEÓGHUSA .CC.
A mhacáoimh mháoidheas do shlad,
atá an fhírinne agad:
meinic dob fhoghluidh é ort
an té do fholmhuigh h'adhart.
Do gadadh úait, más fhíor dhuit,
proinn shaidhbhir do shéd phromuic
gibé gaduidhe do ghad
braduidhe é ina easpag.
Do mhinneóchadh duine dhamh,
gé tarla thusa at áonur,
go raibhe ad leabaidh leath ruibh
neach dob eagail dot arguin.
Do dhúsgadh feithmheach fada,
do fríoth faill na mórghada;
dámadh cadal badh loinn lat,
níor gadadh poinn dod phromac.
Fúarabhair faill an tshlaidsi -
trúagh truime do dhúsgaidhsi -
ar maduin re feill bhfolaigh;
greim aguibh níor fhágabhair.
Do-ghéana mé go mion mín
oruibh féin fios an Taidhgín;
smior a thaisseicne as dú dhuibh -
aiseigthi a cclú don chósair.
Ruguis úaid ar éidir lat,
gibé tú táinig chugat;
féach gá brú as tinne astoigh -
mo chú ime ná héagnuigh.
As tú féin nó an bráthair bocht
tug an arguinsi ar h'adhart;
más sáor tú ar thoradh an tshuip,
an cú odhar as ionnruic.
A mhacáoimh.