DO CHUM SEAGHÁN Ó DÁLA
Le cleasaibh an tsaoighil chlaoinbheartaigh chlé gan cheart,
Am chaitheamh do shíor ag sraoile le céacht is cairt,
Gan rachmus, gan puinn saoirse, gan séad, gan slacht,
is adhbhar do mhoill a ní mise ag sgéidhe mo lacht.
A chogair, a chumainn, 's a chuisle nách faon sa duain,
'S do hoileadh gan time le buime na n-éigseadh mbuan,
Corruigh im choine gan mhoille agus réidhigh mo ghruaim,
I dtobar na mbruingheal má fuineadh mo dhréacht i n-uaim.
Micheál Mc Cárrtha,
Doire na nUbhall,
Aois Críost,
1840.