Cois Trágha.
Seo annso sinn anois cois fairrge, ag féachaint ar an uisge ag mion bhualadh
ar an dtráigh; ag éisteacht leis an íseal-ghlór a dheineann sé mar bheadh bog
chrónán. Tá an fhairge mar bheadh sgáthán agus sgamail na spéire le feiscint
tríthi. Nach iongantach iad na sgamaill sin fein. Bímíd ag féachaint ar
dhéanamh agus ar dhath na tíre; ar ghorm na dtonn, ar dhonn na sléibhte, ach is mó is fiú
féachaint ar sgamaill na spéire, ar a ngile, ar a nduibhe, ar na cumaí ata orra;
ar a dteacht agus a n-imtheacht ar a ngluaiseacht tríd an spéir. Níor dhóigh leat
ar an bhfairge indiu gur tháinig anfa na gála uirthi riamh. Ciúineas atá uirthi indiu
agus taitneamh na gréine. Is féidir bán bhád seoil a thabhairt fé ndeara amuigh,
ach is beag má tá sí ag corruidhe. Níl an oiread gaoithe ag séideadh agus do
choimeádfadh í ar bogadh ar bharr an uisge. Ach an dream daoine atá innti, dar
ndóigh, is é is fearr leo gan í bheith ag corruidhe. Táid siad ar saoire i n-ár
ndála féin. Is fearr imreas ná uaigneas adeirtear agus gan aon agó, an
rud ná fuil corruighe éigin ann ní beo dhó ach marbh. Ach nuair a thagann an aimsir
seo orainn a dtugaimíd saoire uirthi da luighead a chorruighmíd is eadh is fearr
linn é. Is dóigh linn, bíodh ceart againn nó neamhcheart gur amlaidh is fearr
a bheidh an spréach ionainn ar ball má stadaimíd ar fad anois d'obair is de ghnó.
Gan dada a dhéanamh ach suidhe annso cois fairge ag cur na haimsire dhínn. Blúire
bidhe a chaitheamh. Píopa d'ól. Bíonn páipéir againn ach ní léighmíd iad. Is
amhlaidh a shuidhmíd orrtha. Tagann machtnamh uaireachta, óir ní féidir le duine
stad ar fad a chur le n-a mheabhair. Ar an bhfairge a dhírímíd ár machtnamh. Cad
as di? Cá bhfuil sí ag dul? Cad deir sí? Cad a thugann uirthi a bheith chomh ciúin,
chomh cneasta, chomh mín, macánta indiu, agus lá eile a bheith faochmhar, feargach,
fiadhain ag brise agus ag brúsgar róimpi. Ní bhfaighmíd aon fhreagra ar na
ceisteanna sin indiu. Dá gcuirimís neart na haigne ag obair b'fhéidir go
ndéanfaimís rud éigin ach ní fonn linn indiu neart ár naigne ná lúth ár ngéag
a chur ar obair. Fanadh na ceisteanna sin go léir gan fuasgailt. Táimíd ar
saoire.
Nach glan atá an t-aer indiu. Bhí báisteach ann aréir agus do sguab sí léi
na cáithníní ceoidh a bhí ins an aer. Is fada a theidheann ár radharc indiu. Rudaí
ná féadfaimís a fheicsint i néanchor indé, táid siad go soiléir ós ár gcomhair.
Cinn agus rinnce ag síne amach ins an uisge agus tighthe bána soluis orrtha.
Cuanta ag rith ón bhfairge isteach ins an tír. Sléibhte a bhí foluighthe indé. Tá
go leor leor le feiscint indiu, agus is fearr bheith ag feiscint ar a bhfuil le
feiscint ná ag iarraidh cruaidh cheisteanna a réidhteach. Níor dhóigh leat ag feachaint
duit ar an dtír shíothchánta san go bhfuil brón ná buadhairt ar an saoghal. Ach
mo chreach! Ní hamhlaidh atá. Tá siad agus marbhú agus brise cnámh agus
dortadh fola ar siubhal indiu ná feacaidh aoinne a leithéid ó thúis an domhain.
Agus tá gorta agus ocras agus tinneas croidhe ag leanamhaint an chosgair sin.
Mo thruagh iad na fir atá ag dortadh fola agus ná feadar cad ar a shon, agus
mo thruagh níos mó an dream atá n-a dhiaidh sa mbaile. Ach sinn féin, ná fuil
aon chúram orainne? Tá mhuise. Ins an saoire féin ní thagann linn ár nimnidhe
a chur dínn. Tá ár gcogadh fein againn, bíodh gur cogadh gan fuil é. Ní féidir
linn stad de dhe ló ná d'oidhche agus dá chomhartha sin fein, tá cloigín dá bhualadh
anois dár nglaodhach aníos ó chiúmhais na trágha - óir is i gColáisde na Rinne
atáimíd dár nglaodhach chun éisteach le sean sgéal ó Mhicíl Ó Muirgheasa.
Pádraig Mac Suibhne.