Leabhair
Tá oiread san cainnte déanta againn le fada i dtaobh leabhartha
Gaedhilge agus litridheacht Gaedhilge agus drámaí Gaedhilge gur dhóigh le
duine ná beadh a mhalairt d'fhios aige go raibh cranar mór déanta againn
ins na h-ealadhnaibh sin. Bíonn mórán cainnte againn amhthach agus beagán
leabhar. Le linn an Oireachtais bítear ag cur an mhileáin ar Chlódhanna nó ar
Coisge na gClódhann i dtaobh ná bíonn beart de leabhraibh nuadha i gcló aca
tar éis na bliadhna. Bíonn aon oiread san de neamh-shuim ag lucht Clódhanna i
sgéal na leabhar gur annamh a bhíonn duine aca i láthair chun iad féin a
chosaint. B'fhéidir gurab amhlaidh ná bíonn fios a gcosanta féin aca agus go
sgaoilid leis an sgéal agus go leigid an caineadh siar síos díobh.
Ní h-aon mhaitheas bheith ag cur an mhileáin ar choiste ná ar chumann.
Ní h-iad is cionntach. Do bhéarainn geall ná fuil sgríbhinn aca go bhfuil
aon mhaith ann ná fuil i gcló aca. Ní chuala-sa fós go bhfuil aon sgéal maith
Gaedhilge aca nó aon leabhar sgoile gur fiú trácht thairis ná seilbh agus ná
cuirfidís i gcló é. Ní h-iad na coistí ach na sgríobhnóirí atá faillightheach.
Tá stad tagaithe ionnta go léir beagnach. Ach an tAthair Peadar amháin,
ní heol do'n saoghal go bhfuil sgríobhnóir Gaedhilge i nÉirinn le bliaidhain.
Tá sgéalta i n-easnamh orainn go géar. Go dtí le bliadhain do bhíodh
sgéal beag le léigheamh gach seachtain, agus bhí na sgríobhnóirí ag éirghe
chughainn, dar linn: ach dála “Máire a bhí go maith ar dtúis ach gur imthigh
an fonn san di,” tháinig trághadh agus dísgiú ar ealadhain na sgríobhnóirí
úd agus tá suaimhneas ar an gcló ó shin. Tá leabhair sgoile uainn agus le
bliadhain níor sgríobh aon oide sgoile ná aon ollamh i gcoláiste oiread
agus leathnach de cheann.
Tá stad éigin gur deacair a thuisgint tagaithe i n-ár lucht sgríobh-
nóireacht le bliadhain. Cad fé ndeara é? An amhlaidh ná tugtar
mhisneach go leor dóibh. Dar liom-sa go mbítear 'á moladh agus á
ngríosadh, a ndóthain mór. Nó an amhlaidh go rabhamair roimh ré le nár
gcuid molta, go rabhamair ag tabhairt “fear maith” ar an bhfear ná
raibh ach cuibheasach agus go dtugaimís “Ard fhear” ar dhuine i dtaobh í
bheith na fhear i naon- chor. B'fhéidir gurbh amhlaidh a bhí agus go ndearnamar
moladh tar cuimse i n-ionad molta re coinghill, agus gur fhág éasgaidhe ar
ngártha maoidhimh sórt leamhais agus córt neamh-shuime ar na sgríobhnóirí ná
raibh ach i dtúis a maitheasa.
Ní bhímíd macánta le lucht sgríobhtha leabhar. Ní thugaimíd choidhche
chomhairle dhóibh ná ní theasbáinimíd go deó dhóibh aon locht dá mbíonn ar a
gcuid oibre. Agus is measa lucht measta leabhar ná an sluagh féin.
Faghann siad sin leabhar Gaedhilge. Léigheann siad nó ní léigheann siad ar
chor ar bith é. Sgríobhann siad léirmheas a ceathair nó a cúig de línte.
Ní bhíonn san méid sin ach go bhfuil a leithéid seo áirighthe a sgríobh é, go
bhfuil an áirighthe sin leathnach ann agus foclóir, agus gurab é an oiread san
airgid a fhiacha, go bhfuil an leabhar ar fheabhas an domhain “fé mar chífear
ón bpíosa so leanas.” Aon leabhar Gaedhilge i n-ao' chor a cuirtear amach,
pé 'ca olc, maith nó donaidhe é sin é an saghas measta a tugtar air.
Blfsn.