An tAcadamh.
Tá an tAcadamh ag corruighe fé dheireadh. Má's maith é is mithid é. Tamall
ó shoin, do chuireadar amach roinnt den bhfoclóir mhór atá idir lámhaibh aca le
ní fios cadé an fhaid. Isé seo céadtoradh an tsaothair a chuir Maxwell Close
ar bun nuair d'fhág sé […] lena uadhacht ag an Acadamh chun foclóir Gaedhilge
a chur i gclós. Fear críonna léigheanta do b'eadh an Clósach agus chuireadh
sé árdspéis sa Ghaedhilg.
Do tuigeadh dhó cadé an gádh a bhí le foclóir maith úsáideach: mar ní raibh
saothar an Athar Pádraig Ua Duinnín againn an uair sin. Nuair fuair muinntir
an Acadaimh an t-airgead d'orduigheadar don Ollamh Atcinson tosnú ar an
obair. Do dhírigh seisean ar chuardach leabhar agus láimhscríbhinne a d'iarraidh
na bhfocal. Bhí fir ar a bpágh aige ag déanamh na hoibre sin. Bhí Atcinson ag
gabháil dó go dtí go bhfuair sé bás.
N-a dhiaidh sin do cuireadh Cúna Meighear i bhfeidhil na hoibre. Do toghadh
an Dochtúir Ó hAimhirgin chun eagarthóireacht do dhéanamh air. B'éigin dósan
stad de nuair dochuaidh sé san Iolsgoil Náisiúnta, agus do toghadh Carl
Marstrandar, Ollamh, ina ionad. Ó láimh Mharstrandar a tháinig an chuid seo
dhen obair. Is mór an truagh nach féidir leis sin a chuid oibre do dhéanamh i
mBaile Átha Cliath.
Ós ag cur síos ar an leabhar so dúinn, bfhéidir nár mhiste focal nó dhó
a rádh i dtaobh an Acadaimh féin. Is iomdha Gaedhilgeóir a thagann ar cuaird
go Baile Átha Cliath, agus nach eol dó leithéid an Acadaimh do bheith ann ar
aonchor. Agus n-a dhiaidhsan, ní dóigh liom go bhfuil áitreabh ar dhruim talmhan
indiu is saidhbre ina é fé sheódaibh Gaedhilge ón tseanaimsir.
Tá na mílte agus na mílte láimhsgríbhinn ann. Leabhair a scríbh Eoghan Ruadh
Ó Súilliobháin, agus Mícheal Ó Longáin, agus Seán Ó Coileáin, agus Aindrias
Mac Cruitín, agus an tAthair Eoghan Ó Caoimh, agus a lán eile dfhilidhibh mórchlú
na Gaedhilge, táid siad ann. Agus seanleabhair, leis, - mar atá an Leabhar
Laighneach agus Leabhar Bhaile an Mhóta, agus a leithéid. Ag an Acadamh atá
an cnuasach is fearr de láimhscríbhinnibh Gaedhilge - agus go háirithe leabhair
do sgríobhadh ó aimsir Chéitinn anuas.
Acht ní hiad na láimhsgríbhínní amháin atá go flúirseach ann. Tá leabhair
chló ann leis. Is dócha gur beag leabhar dar cuireadh i gcló sa Ghaedhilg anuas
go dtí le déadhnaighe nach fuil cóib de le fagháil ann. Acht i dtaobh na leabhar
a cuireadh amach lenar linn féin, bfhearr dul dá lorg san go dtí an Leabharlainn
Náisiúnta. Do theip orm féin cóib de “Séadna” dfhagháil san Acadamh an
lá fá dheireadh.
Sraith de leabhraibh Gaedhilge iseadh an “Todd Lecture Series” a chuir
an tAcadamh amach, acht Seanghaedhilg iseadh a n-urmhór. Is iad do chuir “Trí
Bhiorghaoithe an Bháis” i gcló don Ollamh Atcinson agus “Cath Ruis na Ríogh”
don Athair Éamonn Ó hÓgáin.
Is iongnadh liomsa ná taithigheann níos mó Gaedhilgeóirí an áit. Dá dteas-
toghadh ó dhuine stuidéar a dhéanamh ar aonphonge léighinn sa Ghaedhilg is don
Acadamh is fearr dhó dul ag lorg na n-ughdar. Má's mian leis bheith coitchianta
ann ní fuláir do bheith ina “léightheóir”: acht is furus na riaghlacha chuige sin
do choimhlíonadh.
Áit mhór fhairsing iseadh é. É lán de leabhraibh ealadhan de gach saghas agus
i gnach teangain fé'n spéir nach mór. Agus tar a éis sin is uile is beag duine
ar an dtaobh amuigh de lucht chuardaigh na Gaedhilge a thaithigheann an áit. Dá
bhfágtaí gan chomhaireamh iadsan is annamh do-chífidhe éinne ann.
Gaedhilgeóirí ón dtuaith a thagann go Baile Átha Cliath, níor bhfearr dhóibh
rud do dhéanfaidis 'ná cuaird a thabhairt ar an áit, agus a iarraidh ar dhuine
éigin ann radharc dfhagháil ar na láimhscríbhinníbh Gaedhilge agus ar na seódaibh
eile atá i dtaiscidh ann. Ní beagh an iongnadh a chuirfidh an radharc soin ortha.
Tá a lán de lucht stiúrtha na háite agus ní'l aon ghrádh aca don Ghaedhilg na
tuigsint aca dá riachtanaisibh agus ar an adhbharsan ní bhíd siad ag taghdamh dhi
mar badh cheart dóibh a dhéanamh. Dá mbeadh ronn oibre ortha níl aon teóra leis
an maitheas a dhéanfaidís.
Sin iad an dream go bhfuil cúram an fhoclóra nua so ortha, agus ní miste
a rádh gur righin go leór a bhíodar leis go dtí so. Tuairim is deich mbliadhna
atáthar ag gabháil dó, agus cad tá dá bhárr againn? Tá céad agus dhá leathanach
déag, as trí mhíle leathanach! Nach shiné an “ridiculus mus!” An dagha, má
leanaid siad ortha ar an gcuma soin níl éinne suas anois a chifidh deireadh an
tsaothair.
Níl de locht ar an leabhar ach an mhoill do bheith leis. Sin a' bhfuil de
chúrsaí gearáin agamsa ina choinne, pé i nÉirinn é. Chomh fada agus a theigheann
obair an Ollaimh Marstrandar, tá go gonta agus go cruinn im thuairmse.
Níl leathanach ann dá léighfear ná go bhfaighfar air eolus agus adhbhar machtnaimh.
Nach é an truagh gan an leabhar go léir againn!”
Tosnuighear annso ar an litir D. agus tagathar annuas go dtí “Deagóir.”
Táid A. agus B. agus C le fagháil i leabhar Chúno Meighear, .i. Contributions
to Irish Lexicography, a cuireadh i gcló i mbiadhain a 1908. Leanfar de
sin anuas go dtí deireadh na hAibghitreach, agus annsoin casfar ar A. B. agus
C. Is féidir an “Contributions” dfagháil ón Acadamh anois i n-éinfheacht leis
an leabhar nua.
Isé an truagh agus an scalladh croidhe go buan gan fagháil againn ar an
saothar bhfiúntach so ina iomláine. Badh mhór an áise ag cuid againn é ar
aonchuma. Do thabharfaimís a dtiocfaidh 's a dtaínig ar aon “deile” amháin ann
uaireanta nuair castar focail fheannda orainn agus é ag dul dínn brígh ná
ciall a bhaint asta.
Saothruidheach mór iseadh an tOllamh Marstrandar amhthaigh. Tuigeann
sé go maith cadé an gádh atá le foclóir maith mineoluis den tSeanghaedhilg.
Éinnídh a ghabhann seisean ar láimh ní dhéineann sé righneas leis. Agus ní gádh
dham a rádh go mbeidh cruinneas foghluma agus ughdarás le gach ní a thiocfaidh
uaidh. Dá mb'áil leis brostú ar na clódóirí agus an brod a choimeád le seisrigh
an Acadaimh bheimís go léir buidheach dhe.
Torna.