Ná Clisidhidh an Uair Seo.
Is fada linn uainn Hóm Rúil. Tá ar bhfoighid caithte beag nach le roighneas.
An cluiche mar is cluiche í an phoilitidheacht, agus an dream nach n-imrigheann an
cluiche go maith rachaidh sé ortha. Santuigheann cuid dár ndaoine riaghaltas
baile mar go bhfuil súil aca go mbéidh tús an mhála aca féin agus ag á gcairdibh
nuair a ghlanfas Seán Buidhe amach as Caisleán Bhleáth Cliath. Ba chuma leis
an dream so cé aca sochar nó dochar a dhéanfadh athrú riaghaltais do'n tír dá
mbeadh seal thuas sa saoghal dóibh féin. Ní dream líomhar iad, ach is dream árd-
ghlórach iad. Tá láimh istigh san gcluiche aca agus bheidís sásta lá ar bith Éire
do dhíol ar bheagán ach an beagán soin do bheadh aca féin. Tá a mhalairt do
sgéal le haithris fá'n sluagh mór Éireannach. Níl uatha ach
go mbrisfidhe ar chumhacht Sheáin i n-ar sgoileannaibh, i n-ar gcomhairlibh,
i n-ar gcúrsaí oibre go léir agus go mbeadh lámh uachtair againn san tír seo Éire.
Tá an dearg ruathar tugtha ag
Seán ar fud Éireann uile. Níl sgoil sa tír nach bhfuil an Béarla curtha
i n-uachtar aige innte; tá barraics an ríogh tógtha i ngach baile beag agus an
t-arm dearg i ngach longphort; tá gach oifig phuist, go fiú an oifigín bhig sa
mbaile i bhfad siar fá n-a chuing. Níl comhairle chonndae ná cheanntair againn
nach bhfuil smacht ag bord Seáin i mBleáth Cliath. Tá talamh na hÉireann nach
mór ina sheilbh, agus iasgaireacht Éireann fá n-a choimirce agus gnó agus
tráchtáil Éireann fé n-a smacht. Theastuigh uainn
an dian-smacht do bhogadh beagán.
Theastuigh uainn glór bréagach an Bhéarla do chur ina thost ins na sgoileannaibh.
Theastuigh uainn smacht d'fhagháil ar na síothmhaoir atá le trí sgór bliadhain mar
spíodóirí i n-ar measg. Theastuigh uainn oifigí an phuist d'fhagháil dúinn féin.
Theastuigh uainn deireadh do chur le caimiléireacht sa dlighe, agus thar gach rud
eile, theastuigh uainn deireadh do chur le díol agus ceannach Gaeheal. Ní bhíodh
saothrú sgillinge le fagháil ag Gaedhealaibh gan a ndílse do dhíol chomh maith le
n-a saothar. B'fhíú mórán an tsaoirse a bheadh againn dá gcuirtí an socrú so
atá os comhair na Pairiliméide i bhfeidhm. Bhéadh saoirse againn réimh oideachais
do leagadh amach agus do dhéanamh feileamhnach do mhuintir na tuaithe, agus
réim eile do mhuintir na mbailte mór. Bhéadh deireadh le
díol agus ceannach Gaedheal
ins na síothmhaoir agus i n-oifig an phuist. Bheadh deireadh le cam-dlighe. Bheadh
Éireannaigh i n-uachtar agus thiocfadh dóchas do dhaoinibh nach raibh dóchas aca ó
rugadh iad. Táthar anois ag iarraidh an socrú atá tairgthe d'Éirinn do bhriseadh.
Táthar ag iarraidh oifig an phuist do choinneáil fá smacht an fhir thall. Táthar
ag iarraidh an chomhacht bheag ar cháin do bhí le bheith ag Éirinn do bhaint dínn, agus
táthar ag iarraidh sgoileanna agus oideachas Chúige Uladh do chur fá chúram
dream Ghallda. Is aoibhinn linn ar fad an chroidheamhlacht agus
an tógáil chinn
agus an dóchas atá i nÉirinn indiu, ach molamuid gan bheith muinghineach as an
bhfear thall nó as an dream meathta i nÉirinn atá i gcomhnaidhe réidh leis an
gcluiche do chur ar a mbunadh féin. Táid i láthair na huaire seo ag iarraidh an
socrú so Hóm Rúil do bhriseadh agus Éire d'fhágáil ar bheagán saoirse. Is mian
leo ceist an oideachais do chur i n-aimhréidh agus adhbhar achrainn do chothú i
nUltaibh. Is mian leo oifig an phuist do choinneáil dóibh fein ionnus go mbeidh
lucht leanamhna aca in gach baile agus taobh tíre. Ní bheadh baoghal ar an gcás
mar a mbeadh go bhfuil lag-fhir againn atá ina 'margadh réidh' agus nach bhfuil
smaoineadh ar bhunadh na tíre aca. Is mór an t-adhbhar misnigh dúinn na
hÓgláigh ach mara sgaoiltear na ceangail anois ní sgaoilfar le n-ar linn iad
b'fhéidir. Seasamaois go dlúth dána daingean agus beidh linn. Mara nglacaidh
Carson leis an socrú so, ná glacamaois-ne le socrú níos measa ná é.
Torna.