aige, agus réasún ceart, agus in-
tinn réidh shocair; agus is tig leis
innseacht roimh ré cad a thárlóchas do
na náisiúnaibh seo agus do thíorthaibh
eile mar aon leo. Seo í an targair-
eacht so-thuigseana, óir atá sí soiléar
os comhair gach aoinne.
Ar an ádhbhar sin, má's fíor go
ndéanann stair aith-aithris uirthi féin,
agus is fíor go cinnte, ní baoghal nach
n-eireochaidh grian na saoirse go
taithneamhach fós ar oileán iath-ghlas na
hÉireann, agus nach sgairtfidh sí go
lonnrach agus go soillseach agus go
glórmhar ar a cnocaibh glasa, agus ar
a gleanntaibh réidhe míne, agus ar
a chéidibh mín-taise drúchtmhara, agus
ar a clannaibh uaisle misneamhla
cródha. Ná bíodh, mar sin, croidhe
breoite i gcorp-chléibh aon Éireannaigh,
óir atá an cás ar láimh shábhála; agus
níl ag Clannaibh Gaedheal acht cur le
chéile chun saoirse d'fhágháil — saoirse
na hinntleachta, nach féidir ceann ar-
aghaidh do dhéanamh agus í ar easbaidh —
de dheoin nó d'aimdheoin.
I dtaobh na targaireacht eile le n-a
mbaineann na focla ar thosuigheas an
chéad alt leo, is ró-dheacair í do
léiriughadh. Gan aimhras fághann
daoine naomhtha léargas ó Dhia ar
iomdha nídh ó am go ham. Tá sé seo
soiléar againn ó'n Sgrioptúr agus ó
bheatha na Naomh féin. Cuireadh é sin
'n-a luighe orainn fad ó, agus atámuid
lán-chinnte dhe. Agus a thuilleadh fós,
ní féidir fad agus leithead cumhachta
inntleachta an duine do thomhais — ní
fhéadfá an tomhais sin do dhéanamh le
creasaibh móra an domhain, gidh gur
iongantach an nídh é. Is dóigh liom-sa,
mar sin, go gcuireann daoine faoi-
luach ar a gcumhachtaibh féin, agus meas-
aim go bhfeicim é gach lá dá dtéigheann
an ghrian an t-aer tharm siar. Acht ní
abraim go bhfuil sé i gcumas gach
uile dhuine an míniughadh ceart do chur
ar thargaireach de'n tsórt so. Is
fada do bheinn ag braith air. Ar an
láimh eile is annamh do gheobhfar duine
atá i riocht í do sgrúdughadh, agus do
léiriughadh, agus do mhíniughadh mar is
cóir.
Caithfidh an té ar mian leis í d'fhíor-
sgrúdughadh oideachas mór do bheith
air, a bheith fad-fheiceallach, tugtha do
stuidéar os cionn stuidéir, agus
meabhair ghlan agus radharc breagh do
bheith aige; caithfidh sé a bheith díreach
cneasta agus rún-diamhrach; agus
caithfidh sé fós an lár do threabhadh go
dúthrachtach, gach puinn do bhreithniughadh
go géar, gach nídh do mheadhachan go
haireach agus go dlúth agus go síor-
breathnuigheach i n-a mheanmhain an
tráth a bhfuil sé ar tí déanamh amach
cia an bhrígh agus éifeacht atá i dtar-
gaireacht do'n tsórt so. Annso is
mithid dom admhuigheáil gur an-
fhorusta duine do chur de'n chasán
díreach; agus atá daoine ann gurab
é an rún atá aca an bealach cam do
leanamhaint ar gach ócáide. Níl aon
mhaith ag cur aighnis ar an ndream
déidheannach so; dá ndéarfá “gur dubh
é an fiach,” déarfaidís-san, “dar
fiadh, ní headh, acht bán.” Is é an
rún atá aca an millteanas, agus an
éagcóir, agus an t-aimhleas do
dhéanamh. Ní mar sin do'n té a bhfuil
an dul amugha air, san am chéadna
go gceapann sé go bhfuil an fhírinne
aige. Admhóchaidh sé féin gur féidir
dul amugha do chur air, óir déarfaidh
sé gur fíor an chainnt adubhairt an
Romhánach, Cicero, i gcéin: “Cujusvis
hominis est errare,” 'sé sin “Is é
nádúr an duine dul amugha.” Agus
cheana, tá aon dream amháin a bhfuil
agat bheith tláith leo. Fág an t-aigh-
neas leasmuigh nó gheobhaidh tú go
searbh agus go siúráilte blas de
“quid femina furens facere possit.”
Tá sé ráidhte go dtáinig “Long an
Óir” cheana, gur préachadh í i gcuan
na Gaillimhe, agus gur fritheadh cuid
de'n ór tar éis é do theacht i dtír
seal bliadhanta ó shoin. Acht atá sé
i n-aghaidh nádúir ag seafóid mar í seo
do dhul 'n-a luighe orm féin. Ní long
mar mhagadh í an soitheach áluinn úd
do luaidheadh; óir do sháruigh sí le
feabhas agus le cumas gach bád dár
sheol an fhairrge riamh, déanta le
lámhaibh suadh agus saor-cheard. Níl
bád faoi sheol, ná luingeas mór, ná
galtán mear, ná long-ghaile dá thréine
nach gcaithfidh ród glan agus bealach
díreach agus cúrsa réidh do thabhairt
di siúd. Is í atá i n-ann seasamh go
formáilte ar mhór-fhairrge, ar chuan,
agus ar ribhéar, i n-aghaidh ghála agus
sín agus stoirm-thuinntí. Is iad a
cuid seolta móra geala gléigeala
nach féidir a strócadh. Tá a bratach
de ghlas-uaithne agus de bhuidhe i
n-áirde ag foluamhain os a cionn
d'oidhche is de ló, d'uair is de thráth.
Is siad a cuid téadanna móra rámhra
toirteamhla nach féidir a sgéitheadh.
Is iad a cuid slabhraidhe teanna troma
cruadha nach bhfuil briseadh i ndán
dóibh. Is aici tá an cíle géar díreach
réidh le gearradh ar aghaidh do dhéanamh.
Is uirthi atá an stiúir adanáilte nach
féidir a chur as cóir. Is aici atá an
compás nach bhfuil aon dul amugha 'n-a
cheann. Agus gach pláta dá bhfuil i
n-a corp ó thús deireadh, ó íochtar go
huachtar, eidir bhun agus bharr agus
urlár, déanta de chruaidh ghlais a
fuineadh agus a déineadh gan marach
ar inneoin na saoirse. Ní hé ádhmad
lobhtha Shasana ná iarann dóighte Alban
atá innti siúd, acht miotal buan neamh-
mheirgeach, nár deárnadh a léithide
i gceardchain Bhulcain féin, agus
a múnluigheadh le hordaibh móra na
hinntleachta i gceardchain na
saoirse nuair do cuireadh léan-sgrios
ar Éirinn, nuair do foghluighaedh í,
nuair do basgadh í, agus cuireadh a
clanna múirneachta faoi ghéar-smacht,
faoi dhealbhas, faoi bhoichteanacht, faoi
an-shógh, faoi riachtanas, agus faoi
bhrón.
Is fada í an long so ag súil le lán-
fhoirinn. Foireann d'Éireannachaibh
fíora dílse buan-sheasamhacha. Ní
raibh aici acht foireann bheag ar dtús
agus ba mhall do bhí na lámha úsaid-
eacha trostamhla ag teacht chuici; agus
do bhí an t-éag ar an taobh eile dá
n-ídiughadh diaidh i ndiaidh. Acht ní
raibh sí riamh gan oifigeachaibh tréana
agus buidhean chródha ar bhord. Ní
raibh aon ghlacadh aici le fear meathta
i n-aon am ná ar aon chor, níl, agus
ní bhéidh. Níl aon bhinn aici ar philéir
ná ar phúdar, ar ghunnaíbh beaga ná ar
ghunnaibh móra, ar chlaidhmhthibh líomhtha
ná ar fhoghaibh fuileacha, ná aon sgáth
aici roimh cabhlach dá mhéad, ná arm dá
thréine, ná cumhacht dá threise. Ní
féidir báthadh ná múchadh do chur uirthi,
agus ní bhfuil aon ghonadh í n-a cionn.
Nach iongantach éagsamhail, mar
sin, an long í seo! An gcualabhar
riamh cheana aon trácht uirthi? Tá
níos mó ar Neamh agus ar thalamh 'ná
do smaoinighir air in do chuid ealadhain
ghleiceasa. Tá go deimhin, a dhuine
chóir. Agus anois, cad í an long ar a
bhfuilimíd ag trácht? Is tig le gach
aoinne an cheist do fhreagairt ar a
mhian féin. Acht is mór atáim-se as
mo mheabhair nó is é Connradh na
Gaedhilge an long úd. Chomh fada
agus atá eolas agam agus oideachas,
níl sé in mo chumhacht aon long eile
do dhéanamh amach a shamhluigheas chomh
mór leis an luing uaibhrigh úd 'ná
Connradh na Gaedhilge, óir is é an
Connradh “Long an Óir” gan dabhta
ar bith, agus níl baoghal nach dtioc-
faidh an tÓr de bharr a cuid oibre.
Le saoirse na hinntleachta tiocfaidh
barr agus biseach agus feabhas ar an
tír agus ar na daoinibh. Béidh meas
aca ortha féin, ar a dtír, agus ar a
dteanga uasail, agus dá bhrígh sin
béidh meas agus árd-mheas ortha-san
ag an domhan iomlán. Agus anois, a
cháirde, nach é seo an “tÓr” dá
ríríbh!
Seaghán Ó Flaithbheartaigh.