Cill Sgíre
Is iongantach an fear é an tAthair
Mag Uidhir, atá 'n-a shagart paróiste
ar Chill Sgíre i dTír Eoghain. Ní
hamháin gur éachtach an duine chun na
hoibre é féin, acht 'n-a theannta san,
gur ró-mhaith an sás é chun fonn oibre
a chur ar dhaoinibh eile. Níl acht
tamall beag ó bhí sé 'n-a shagart óg i
nDruim Móir, agus ba mhór é a shaothar
ann. Ní fheadar féin an bhfuil sé
bliadhain fós mar shagart paróiste
i gCill Sgíre, agus féach a bhfuil déanta
aige ann!
Tá beirt mhúinteoirí taistil aige,
agus iad ag múineadh na Gaedhilge, agus
ag teagasg na sgoláirí i stair na
hÉireann i naoi gcinn de sgoil-
eannaibh. Tá an obair chéadna ar
siubhal i gcúig sgoil oidhche; agus le
heagla go mbeadh éad ar na cailínibh
nuair nách féidir leo-san teacht go
dtí an sgoil oidhche tá rangaí áirithe
'n-a gcomhair, i ruith na seachtmhaine,
agus ar maidin Dé Domhnaigh idir an
dá Aifreann.
Ní mór ná gur cuma leo i gCill
Sgíre cá ngeabhaidh airgead na
Gaedhilge. Mara mbeidh an t-airgead
aca ar ais beidh sé aca ar éigean.
An t-airgead ná beidh le fágháil aca
de bharr oibre an lae, beidh sé le
tarrac aca de bharr áirneáin na
hoidhche. Agus má's rud é go mbeidh
an Birrelleach chomh maith le n' fhocal
agus go mbogfar greim an tSasanaigh ar
sparán na Gaedhilge, beidh an dá
tharrac ar an sparán úd ag Gaedheal-
aibh Cill Sgíre; iarracht ar son oibre
'n lae, agus iarracht eile mar gheall ar
saothar na hoidhche. Ar mhiste dhom é
'thabhairt mar chomhairle do Ghaedhealaibh
eile, aithris a dhéanamh ar mhuinntir
Cill Sgíre chun airgid a thuilleamh de
bharr bheith ag múineadh na Gaedhilge?
An séipéal atá i gCill Sgíre tá sé
sáithte síos i bpoll leath-bháidhte, le
hais na habhna. Is dócha ná raibh a
mhalairt d'áit le fágháil i n-aimsir an
chruadhtain. Bhíos ag an Aifreann
ann Lá 'le Pádraig. Bhí tuile ar an
abhainn. Bhí an tuile mór-dtimcheall
an tséipéil. Tháinig an t-uisge aníos
tríd an úrlár, agus na daoine ag
éisteacht an Aifrinn. Acht má bhí an
t-urlár fuar fliuch, níor mhar sin
do'n phobal. Chuir sé aoibhneas ar mo
chroidhe bheith ag éisteacht leo, agus iad
ag rádh na Coróineach. Ní raibh sgáth
ná eagla ortha, murab ionann is na
Béarlóirí, d'árduigh gach éinne aca a
ghuth, agus ba threise na mná ná 'na fir.
Fágaim le huadhacht gur tháinig na
deora lem' shúilibh ag éisteacht le ceol
an ghutha úd. Chuir sé i gcuimhne dhom
laetheanta m'óige, nuair do bhíodh
seana-Dháith Ó Bruighin ag rádh na
Coróineach i bparóiste na Tuatha agus
Domhnall O Géaráin mar chléireach
aige.
Tráthnóna an lae úd bhí Cuirm
Cheoil againn sa sgoil. Bhíodar ann
idir Gaedhil agus Gall-Ghaedhil, agus
acht go rabhadar brúighte ar a chéile,
ceapaim go raibh gach mac máthar aca
sásta lé lá 'le Pádraig i gCill
Sgíre.
Beirt Fhear