Gúth na mBárd.
Máire Ní Bhroin.
[Amhrán do fuair duais ag an Oireachtas, 1906
(Comórtas a deich). Roinneadh an chéad
duais idir Dhiarmaid Ó Muimhneacháin,
Mainistir an Bhealaigh (“D. Chích Dh.”), an té
do scríobh an t-amhrán so, agus comórtasaidhe
eile.]
Ag taisteal treasna glinn dom
I gcríochaibh Máil na dtréan,
Bhí Sol go geal ar aoirde,
Dob' aoibhinn gáir na n-éan.
Bhí'n tSlainge 'g ealughadh síos le n-
A cíos ó lár gach réidh' —
Ag bailiughadh bláth an fhraoigh léi
Go tuinn, an áit 'n-a dtéidheann.
Bhí'n breac go haicillidhe ann
'S an groidhe-bhradán ar faobhar,
Ag snapadh bheach chun puill leis
A ghníodh gabhail 'n-a ghaobhar;
An chearc 's a hál ar maoilinn,
Na faoílinn árd san aer,
'S ar fhaithchíbh glasa ísle
Bhí caoire bána 'r féar.
An ceanabhán 'n-a mhín-chulaith
Do bhí ag fás 'n-a shlaod —
'Ghá scaipeadh 'g cama-ghaoithibh —
Ar fíora ársa Chéid;
Na céadta glaise 'g fíor-ruith
Go binn le fánaidh sléibh'.
Níor dhath go dath na gcoillte
'S torthaí go bárr gach géig.
Bhí aiteas ceart im' chroidhe le
Gach nídh ar áileacht scéimh'.
Do stadas seal ag smaoineamh
Ar líontacht grásta Dé.
Níor bhfada dhom lem' chuimhnte
Gur fhríth im' dháil an té
Ba chneasta ghasta naoidheanda
De chloinn ghil-Ádhaimh is Éabh'.
Mar eala mara Maoile
A píop 's a brágh gan bhéim,
'S a cneas mar shneachta geimhridh
Ar chraoibh 'ghá chathadh 'g gaoth.
I leacain tais an bhrídigh
Bhí tríd sin scáil na gcaor,
Is lasair dheas 'n-a raimhir-roisc
Mar shoillse breághtha 'n rae.
Mar ór ar fhlós a bhuidhe-fholt;
A braoi mar áirse 'r aol;
A snódh, a clódh, a fíoghar mar
Inghin do Ghráinne Mhaol
Mar ómra lóghmhar fhíor-ghlan
'N-a gcír gan smál a déid,
'S a glór mar cheol ar chaoin-chruit
Ar ling le fáinne 'n lae.
Do ghlacas searc im' chroidhe istigh
Gan mhoill do'n stáid-bhean glé.
Do bheannuigheas láithreach baill di;
D'umhluigheas go lághach do'n bhé.
Ba mhear do fhreagair sí me,
'S dob' í nár ná'r di é,
Sa teanga chleacht ár sinnsir
'N-ár dtír go dtáinig Béir.
“Ná ceap gur neart droch-iomchair
Toisc múineadh 'fhágháil dá réir
Fé ndeara d'fhear ó'n Mumhain ghil
Sa chúig' seo 'tá ar strae,
Do ainm-bhaist' dh'fhiafrughadh dhíot,
An chrú ná 'n rás dar'bh aon.
An aingeal neamhdha 'thúirling
Ar dhúthchaibh Fáil tu féin?”
“Ní Danar-threabh ó'r shíolas ná
Ó Bhruidhin na nGrás mo léim;
De mhaithibh Bhroin mo phríomh-stoc;
Ó Mhíl' Easpáinn a bpréamh;
San áit seo 's gnáth 'm chomhnaidhe me —
I gCill Manntáin na Naomh —
'S is ainm ceana 's grinn dom
Lem' mhuinntir ‘Máire shéimh.’”
“A ainnir mhaiseach mhíonla
Is mílse ráidhte béil
'Ná cantain ghreanta Sidhe 's ná
Siollaí ó chláirsigh Gaedheal,
Níl bean dár mhair ó'n dílinn
Go dtí an tráth so 'shaoghal
Dob' fheas liom bheith im' choimhdeacht
Mar mhnaoi go bráth lem' thaobh.”
“Níor mhair, ní mhairfidh choidhche,
An saoi ná 'n sáir-fhear séin
Go mbéarfainn gean mo chroidhe dhó
Ná slighe dhá fháinne 'm mhéir;
Le neach ní dhéanfad coimhdeacht
I gcuibhreach-páirte cléir;
'Sé'n fear is mian leis Íosa —
'Sé Íosa grádh mo chléibh.”
“Cé'r maith an scéal le ríomh soin,
A rígh-bhean áluinn chaomh,
'Sé ghearann cneadh go croidhe 'nam
'S tríd go lár mo aéibh.
Níl áireamh feasta 's scíth dhom
Ná crích acht fán an tsaoghail
Ó'n tan is fearr dom díbirt
Óm' mhaoineach, báb na gcraobh.”
Mairim chun bheith críona
Nó claoidhim gan spás do'n éag;
Leanaim bealaighe síotha,
Nó slíghe lucht laímhchte p'léar;
Mairim 'measc coigcríochaibh
I bhfuinn tar sáil óm' laogh;
Nó caithim 'measc mo dhaoine
Ó rinn go sáil mo ré; —
'Sí Máir' Ní Bhroin an chaoimh-chruith
'S an líth mar bhláth ag scéith' —
'Sí barr is bun mo smaoint' í
Istoidhch' 's i meadhon a' lae.
Ar maidin ag éirghe dhom
'S ag luighe go cráidhte faon
Chun árus t'Athar guidhim-se,
A Chríost, beir Máire saor!
Diarmaid Ó Muimhneacháin.