Seoda na Sean
1. Giotaí ar n-a mbaint as
Litridheadt na hÉireann.
V.
(Seoda ó'n “Táin”)
[“Maith an bhean bean deagh-fhir”]
— Aileall adubhairt (Táin Bó
Cuailgne, 4-5).
[“Beag a bhrígh gion go rabhadh acht
aon lá agus aon oidhche amháin im' bheathaidh,
acht go maireadh mo sgéala agus m'im-
theacha im' dhiaidh.”]
— Cúchulainn adubhairt (“Macgnim-
rada Conchulainn,” Táin Bó Cuailgne,
1111-3).
[“Ní ghonaim araí1 ná eachlaigh2 ná
daoine gan armaibh.”]
— Cúchulainn adubhairt (Táin Bó
Cuailgne, 1416-7).
[“Leath mo chroidhe an Cú gan chaim,
Agus leath croidhe na Con mise.”]
— Feardiadh adubhairt (Táin Bó
Cuailgne, 3663-6)
[“Is éigin do neach a theacht
Go dtí an fód ar a mbíonn a leacht.”]
Id., 3126-7.
[“Ionmhuin liom do suidheadh
(.i. ruadhadh luisne) uasal,
Ionmhuin do chruth caomh comh-lán,
Ionmhuin do rosg glas glan-aobhdha,
Ionmhuin d'áille agus d'urlabhra”]
— Cúchulainn adubhairt le Feardiadh
agus é marbh (Táin Bó Cuailgne, 4043-6).
1 Ara, .i. Tiománaidhe charbhaid.
2 Eachlach, i. Giolla turais
— An Craoibhín.