Cúrsaí an tSaoghail
Léigheann & Oideachas.
Guth ar an Sliabh.
Cúis gháire is lúthgháire chughainn,
bhíos gá cheapadh gur mé héin an guth
ar an sliabh, nó gur labhair na hEas-
puig an tseachtmhain seo ghabh thorainn.
'Sé deir siad soin, agus ní chuirid siad
fiacal ann, ná beidh againn ghá dhéanamh
acht an ceart nuair a thabharfamíd fogha
fearamhail fé Ghallaibh na hÉireann,
mar gur b'iad atá ag déanamh an
díoghbhála ar fad dúinn. Tá na col-
áisdí, adeir siad, agus a leanann iad i
lámh na nGall, cé gur againn-ne is
fearr ceart chúcha, agus an méid ughdar-
áis agus lámh suas a thugann na coláisdí
dhóibh gur b'amhlaidh a chuirid siad i
bhfeidhm é chum sinn-ne do choimeád
fé chois. Agus, adeir na hEaspuig,
níl ag Gaedhealaibh acht gan an lámh
uachdair a leigint leo súd as so
amach, ní ins na coláisdíbh amháin acht
ar aon ocáid eile, muna dtagaid
siad ar malairt comhairle láithreach.
'Seadh, is maith é sin, agus má's maith
is mithid. Acht cad tá ar an ndúthaigh
eile go léir ná tagann a nglór chúcha?
An balbh atáid siad, nó an eagla atá
ortha roimis, an sgoil bheag Gall atá
'n-ár measg, sgoil bheag gan áird?
Tá a lán daoine agus is dóigh leo go
bhfuil an cheist seo bun os cionn leo,
mar gur ceist í a bhaineas le creideamh.
Is greannmhar an tuairim sin, mar a
shamhluigheann sé dhamh-sa. Le fogh-
luim iseadh bhaineann an cheist ó bhun,
agus baineann sí go speisialta leis na
neithíbh go bhfuil muinntir na Gaedh-
luinne cúramach ionnta. Dá mba
páganaigh muinntir na Gaedhluinne
nó ár bhfurmhór, i n-ionad bheith 'n-ár
gCaitilicíbh, cad chuige go leigfimís
do Ghallaibh an fhoghluim sin a chosg
orainn, ná a dtoil féin d'imirt
orainn 'na taobh?
'Sé thug dos na hEaspuig labhairt
an turas so, muinntir Choláisde na
Tríonóide agus cara dhóibh darab ainm
an Ridire Seaghán Nutting, cara an
lae chruaidh dar leis féin, a thairisgint
breab do Chaitilicíbh acht dul isteach
sa choláisde sin. Bhí 'fhios acu sul ar
dheineadar an tairisgint gur d'ain-
deoin na nEaspog a théidheann aon
Chaitilicidhe isteach sa choláisde chéad-
na. Níor bh'é an chéad uair é ag an
ndream chéadna ag tairisgint bhreab,
acht b'fhéidir go bhféachadís rómpa an
chéad uair eile. Mholfainn an chraobh
dóibh aon lá riamh chum beart leibid-
each a dhéanamh.
Bhí daoine eile ag caint mar gheall
ar an gceist seo le déidheanaighe.
Séarlas Máirtín éigin atá i mBaile
Átha Cliath, agus comhaltas atá 'na
theannta, 'sé bheadh uatha Árd-Sgoil
Chaitilicidhe ná beadh aon ughdarás ag
an gcléir innti, pé dream eile a
gheobhadh lámh innti nó ná fuigheadh.
Ní dóigh liom go mbeadh an sgoil a
sháiseochadh iad soin ana-Ghaedhealach.
Thug Steafán Guinn leis oráid uaidh,
agus thug sagart dá raibh láithreach a dhóth-
ain de fhreagra air nuair adubhairt sé
nár thuig Steafán i n-aon chor cad tá
uainn. Seo rud ná tuigim-se, cad
chuige gur tugadh cuireadh chum labhar-
tha do Steafán Guinn, “le n-a leath-
bhróg Ghallda is a leath-bhróg Ghaedh-
ealach.”
Níor mhisde liom a chur i n-umhail
do lucht breibe agus do lucht teanga liom
leo agus do sheoiníníbh ná fuil aon fhonn ar
Ghaedhealaibh, mo leithéid-se agus do leith-
éid-se, a léightheoir, druim lámha a
thabhairt leis an gcléir mar mhaithe le
Gallaibh agus le lucht comharthaí sóirt.
D'inneosainn rud eile leis dóibh, i
gcás ná tiocfadh sé i gan fhios ortha,
ná fuil aon fhonn orainn acht fonn
bheith i n-uachdar san oileán so.
Feargus Finnbhéil