Duan an Oireachtais, 1903
I.
A Cháirde dílse, i lár na hoidhche,
'Seadh tagann smaointe ar sean 's ar
óg,
Aislingí fíora, brionglóidí díomhaoin,
Na smaointe aoibhnis, is na smaointe
bróin,
Aréir im' leabaidh ba léir dam aisling —
Bhí spiorad 'na sheasamh le m'ais — fear
mór.
Agus phreab mé suas, — “Cia thusa,”
dubhras,
“Tá teacht i gan-fhios dam ar mo thóir?”
II.
Agus dubhairt an Spiorad, “Tá daoine i
nÉirinn,
Agus níl siad Gaedhealach i n-aon nídh,
Acht deirim-se leat-sa anois, a's geallaim,
Go mbéidh siad feasta gan mórán brígh,
Tá talamh na hÉireann a's mairbh na
hÉireann,
Tá na cnuic 's na sléibhte ag déanamh
grinn,
Tá cogar san ngaoith, Ó! sé guth na laoch
Tá 'tabhairt an fhéir ghlais, an cogar sin.
III.
Annsin adubhairt sé, — “'Sé m'ainm Cuala,”
Ar shliabh geal Cualann 'seadh tógadh mé,
Gach cúig céad bliadhain, le céad ó Dhia,
Fágaim an sliabh a's éirighim ó'n gcré.
Atá mé 'tigheacht 'nois le ár a's díoghaltas,
Do'n ghramsgar daoine sin do ghoid
m'onóir,
Go sguabfaidh mé liom-sa go luath an
drong sin,
Tá ag baisteadh orm-sa an “Sugar-
lóaf.”
IV.
'Na daoine Gallda is iad do shlad mé
Agus Gaedhil gan anam, 'na bhfáisiún
bréan,
Agus phioc siad ainm as siopa siúcra
Le fíor-spiorad seóinín dom' shliabh geal
féin
Do ghoid siad díom-sa le corp Seóiníneacht
An t-ainm díleas do bhí ag na Gaedhil,
Agus bhaist siad orm-sa rud gránna
coitcheann,
Chom gránna coitcheann le n-a n-inntinn
féin.”
V.
Do tháinig chúthach ar an Spiorad buaidhearta,
Do las a shúile mar dhá splannca beó,
“Geal dam,” — adubhairt sé — “An grams-
gar suarach
Do chuir faoi bhuaidhreadh, faoi smúid a's
ceó.
Lean dó a chara, bhí a-choidhche ag magadh
Faoi an lota salach sin atá ag Seón,
A bhfuil a n-anam greamuighthe in a siopa
earraidh
Is do thug mar ainm dam an “Sugarlóaf.”
VI.
Sin é, a cháirde, an sgéal mar thárla:
Bhi an Spiorad sásta, agus d'imthigh sé,
Acht bhain sé gealladh an uair sin asam
An Sugarlóafer do chur faoi chré.
Céad faraoir géar, 'sé an nídh nach bhféadaim
Acht tá na Gaedhil 'nois ag teacht chum
cinn,
Agus buailfidh siad an seóinín síos,
Le congnamh Chríosta le mo linn.
VII.
Tá Sugarlóafer ar gach aon bhóthar,
'Sé an Sugarlóafer an fear gan croidhe,
Tá ag iarraidh i gcómhnaidhe gach nídh onórach
Do mharbhadh i nÉirinn le neart nó dlighe.
Gach nídh tá fiúntach Gaedhealach, uasal,
Ársa, uaibhreach, fearamhail, fial,
Tá an Sugarlóafer ó shiopa an tSeóinín,
Ag súil i gcómhnaidhe le n-a chongbháil
síos.
VIII.
Acht mar dubhairt an Spiorad liom, atá mé
cinnte
Go bhfuil sléibhte na hEireann ag cuid-
iughadh linn
Agus anam na ndaoine tá le fada sínte,
Faoi fhéar glas aoibhinn na sléibhte sin.
Tá an t-uisge, an talamh, an féar 's an
cladach,
An spéir, 's an ghealach os cionn ár gcinn
Ag labhairt go héif'teach “bí Gaedhealach,
Gaedhealach,”
Nach binn mo sgéalta! nach bríoghmhar
binn!
An Craoibhín Aoibhinn.