An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 22, 1902
Corcaigh
Do bhí an cruinniughadh ag muinntir Chorcaighe an lá
cheana, & cé go ndeachadar ar aghaidh go láidir i
n-imtheacht na bliadhna ní mó ná sásta iad. Dubhairt
an Rúnaire go mb'fhéidir gurab iad féin atá deacair
ar a shárughadh i ngeill le fonn a bheith orra buille
láidir ar aghaidh a thabhairt, acht is dócha nach ar an
Rúnaire ná ar na craobhacha a chuir Feis na Mumhan ar
bun atá an locht, acht ar na spríosáin a ndeacha an
ghalldacht go smior ionnta, & nach féidir an ghalldacht
soin a bhaint amach as a gcnámha anois féin. Deir an
Seortanach — sé an Rúnaire é — go mb'fhéidir [nar]{nár} chuir
an chraobh cúis na teangadh sáthach dána amach os
comhair na ndaoine, go mb'fhéidir gur choinnigheadar
iad féin ro-iargcúlach. B'fhéidir sin, acht, a Mhic an
domhain! an túinnt a theasduigheas ó dhaoinibh cuideachan
le teanga na hÉireann? An túinnt a theasduigheas
ó'n Examiner ná ó pháipéar nuaidheacht ar bith eile i
nÉirinn, a chuireas roimhe ceisteanna náisiúnta do
shaothrughadh anam na tíre do chur os cionn gach uile
nídh eile? Badh mhaith an rud é an Taisbeánadh, agus
bhí daoine ag á stiúradh a bhí fabharach do'n teangaidh —
cuir i gcás go raibh — cia an mhaith a mbriathra béil, cia
an mhaith dóibh rud a rádh, agus rud eile ina choinne
sin a dhéanamh? Do labhair Uachdarán na craoibhe i
nGaedhilg, acht níor thug an tExaminer a chuid
cainnte i nGaedhilg, & níor thug sé iomlán an tuarasg-
bhála acht an oiread. Tigeann strúinéis éigin ar
mhuinntir na bpáipéir, go minic & annsin le teann
uilc ort ní leigfidh siad focal isteach fá dtaobh de'n
sgéal i n-éan-chor. Ní linne ná le Craoibh Chorcaighe
an teanga acht an oiread leó-san, & taréis iad a
bheith ag déanamh faillighe san teangaidh tá siad ag
leigeann orra féin go bhfuil an oiread suime i
nÉirinn aca, & tá ag lucht na Gaedhilge.
Tá éan-rud amháin san sgéal i gCorcaigh, do réir
mar chítear dhúinne é, & leigfimid chuca é. Tá neart
& spreacadh & láidireacht 'san gConnradh 'san gcathair
sin, acht ní'l a fhios ag lucht an Bhéarla é, & ní bhéidh
aon athrughadh ar an sgéal nó go gcurtar i n-iúl dóibh
é. Ní raibh seóinín i mBaile Átha Cliath nár chuir
seachtmhain na Gaedhilge an galar creathach air, & dá
mbeadh Coisde Ceanntair i gCorcaigh nó slighe éigin
le n-a gcuirfidhe neart an Chonnartha i n-iúl ann, bhéadh
an sgéal céadna le n-innsint 'san gcathair sin. Níor
mhisde, fós, “An Sprid” do chur ar an árdán arís
ann, & “magadh láidir” do dhéanamh fá na smearachán
atá ag cur a gcosa uatha chomh teann & dá mbadh leó
an tír ó bhun go barr. B'fhéidir gur gearr go dtiubh-
raidh an tAthair Peadar dearg-ruathar eile, chomh
bríoghmhar & thug sé 'san “Sprid,” fá lucht an Bhéarla.