Cúrsaidhe an tSaoghail
Thall 's i bhfus i dTírchonaill
Tá dhá chineál daoine 'na gcomhnuidhe i nGleann
tSúiligh. Thart fá bhun an ghleanna — 'sé sin i n-aice
Leitirceannain — tá na plandóirí, daoine macánta
de chineadh Gaedhil as Albain; acht is Sasanaigh iad
do réir a gcomhbháidhe, óir táid díleas do Shasana i
ngach uile nídh. Taobh thiar de sin, fá bharr an ghleanna,
tá sliocht Gaedheal na hÉireann, & is beag measgann
siad le chéile. 'Sé a gcreideamh an rud i mó eidir-
dhealbhuigheas iad ó chéile, acht tá neithe eile ann chomh
maith leis an gcreideamh. Chár ghéill Gaedhil Éireann
riamh do bhéasaibh Gallda mar ghníd na hAlbanaigh, &
bhí a dteanga féin aca go dtí tá tamall ó shoin ann.
Is féidir go dtí an lá indiu dhá bhaile comh-teórannach
d'fhagháil i nGleann tSúiligh & go labharthar Gaedhilg
'sa' bhaile eile. Agus is amhlaidh atáid le linn céad
bliadhan.
Tógadh mo mháthair mhór ar imealbhórd an ghleanna
cóir a bheith céad bliadhain go leith ó shoin, agus í 'na
Gaedheal Éirionnach, & chá raibh focal Gaedhilge i n-a
pluic aici, agus chá raibh go lá a bháis acht an oiread.
Tógadh mo mháthair i gceart-lár Gleann tSúiligh deich
mbliadhna is trí fichid ó shoin, agus chá dtiocfadh léithe
Gaedhilg a labhairt. Nuair phós sí chuaidh sí 'na comh-
nuidhe dhá mhíle ní b'fhuide siar an gleann, & d'fhoghluim
sí an Ghaedhilg do labhairt go binn blasta, agus siúd
í anois ag gabháil an dá theangan go tiugh. Tógadh a
clann-sa 'san áit chéadna beagnach ar tógadh ise, & tá
go leór Gaedhilge ag gach duine aca; & tá glún eile
ag fás suas 'san áit céadna anois & iad ag gabháil
ar an Ghaedhilg. Chídhtear as an méid seo nach ar gcúl
atámaoid ag siubhal i nGleann tSúiligh. Agus tá
bród orm trácht ar so nuair machtnaighim chomh sgiop-
thuigh is d'imthigh an Ghaedhilg i n-áiteachaibh eile, & gan
an Galldachas bheith ag an doras aca mar bhí againne.
Cailleadh beagán de'n Ghaedhilg i n-áiteachaibh i
nGleann tSúiligh le mo linn-se, acht tá sí ag teacht
ar ais, & má gheibhtear í 'sna' sgoltaibh, mar is dual, ní
baoghal di. Tá beagán dá dhéanamh ins na sgoltaibh
'san am atá i láthair, acht ní'l an oiread is badh chóir.
Ag sgoil na Trian Chaola tá Domhnall Ua Gallchobhair
'gá teagasg Gaedhilge dhá uair 'sa' tseachtmhain, & tá
Domhnaill Ua hAireachtaigh ag déanamh a dhíchill ag
Srath Sidióige; acht sílim nach bhfuil dadaidh dhá dhéan-
amh ag sgoil Teampoll Dubh-Ghlaise, ag Bealach
Sreanga, nó ag Rath Riabhach, & is mór an náire é sin.
Cé 'n uair dhéanfas lucht stiúrtha na sgol an rud is
ceart dóibh dhéanamh fá theagasg na Gaedhilge?
Cú Uladh