Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá fá'n dtuaith

Title
Lá fá'n dtuaith
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LÁ FÁ'N TUAITH



“Díolfaidh tú as na foclaibh sin, a mhic ó,” arsa
mise liom féin.



Chomh luath is bhí an cailín imthighthe labhras os árd
ag tabhairt cúl-amhairc ar an mboicín.



“Cia hé an dailtín sin thall?” arsa mise.



Do gheit an fear direach mar bhuailfidhe é. Ba léir
gur thuig sé gach focal dá ndubhras.



Thuig an bheirt cois teineadh cér'd do bhí fúm, agus
sméid siad ar a chéile. D'fhreagair an fear mór mé.



“Mac lánamhain macánta atá 'na gcomhnaidhe i
bhfoisgeacht dhá mhíle do'n áit seo,” ar seisean.



“'Sé mo bharamhail go bhfuil se thar éis Ameriocá,”
arsa mise.



“Tig leat bheith cinnte go bhfuil,” ar seisean.



“Níor mhór go mbéadh Gaedhilge ag a mhuinntir,”
arsa mise.



“Tá agus bhí riamh,” ars' an fear.



“Ó thárla go bhfuil sé 'na Bhéarlóir chomh mór sin,”
arsa mise, “is baramhlach gur chaith sé fiche bliadhain
i nAmeiriocá ar a laighead.”



“Níor chaith, muis, ná dhá bhliadhain,” ar seisean.



“Cáide ó tháinig sé a bhaile?” arsa mise.



“Ní'l sé acht trí seachtmhainí ó shoin” ar seisean;
“is ar éigin d'aithin sé a mhuinntir féin nuair tháinig
sé a bhaile. Tá sé ag cur faoi sa teach so anois,
leabaidh tighe a athar.”



Tháinig buachaill isteach, faoi seo, le hinnsint dam
go raibh cárr nua réidh ag Peadair Fada. Nuair a bhí sé
ag fágáil an tseomra labhair an boicín leis.



“Look here, janitor,” ar seisean, “you go and tell
the boss straight away that I won't have any objec-
tionable parties in this saloon.”


L. 818


H'obair gur bhain an focal “janitor” gáire asam,
gan trácht ar “saloon,” acht bhíos ró-fheargach le gáire
a dhéanamh. D'éirigheas 'mo cheart-sheasamh.



“Mo chroidhe ó'n diabhal,“ arsa mise, “go mbadh mhaith
liom an cábóg sin a chaitheamh amach ar an tsráid.”



“Phreab an boicín 'na sheasamh agus é ar buile. Tháinig
sé suas go dtí mé, agus ar seisean liom i nGaedhilge —



“Má's ag iarraidh troid a bhaint asam atá tú,” ar
seisean, “ní'l mé dhod' eiteach.”



“Ní'l mé ag iarraidh troid a bhaint asat-sa ná as
duine ar bith,” arsa mise, “acht sér'd do bhí fúm Gaedh-
ilge a bhaint asat, agus 'sé mo bharamhail gur bhaineas.”



“Cábóg, an eadh?” ar seisean. “Cábóg, a shuara-
cháin! Cábóg a thabhairt orm-sa agus mo mhuinntir fá
onóir agus meas leis na ciantaibh!“



“Má tá do mhuinntir chomh honórach sin,” arsa mise,
“níor bh'iongnadh dóibh bheith bródamhail asat-sa.”



Sháith Peadar Fada a cheann isteach sa doras faoi
seo, an sean-dúidín 'na bhéal i gcomhnaidhe aige, agus ar
seisean liom —



“Má fhanann tú annsin,” ar seisean, “ag clampar
leis an gcomharsanacht, tá faitchíos orm nach sroichfidh
tú Teampall na Manach indiu.”



Pádraig Mac Piarais.



(Leanfar dhe seo)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services