Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Conán Maol

Teideal
Conán Maol
Údar
Ua Concheannainn, Peadar,
Ainm Cleite
Conán Maol
Dáta cumtha
1901
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


“Conán Maol”.



I.



A “Chonáin Mhaoil” go mbudh buan do shaoghal
Ag innsint sgéil “Tar Lear”
'San teangaidh shéimh do labhair ár naoimh
Acht bhí faoi smúid le seal.



II.



Fad saoghail, is sógh agat go deó,
'S ag clannaibh Gaedheal na mbeart
Pé áird do'n domhan n-a mbeidh a gclann
Go raibh solus Dé 'n-a measg.



III.



A “Chonáin” chródha tá lán do bhuaidh,
Sgríobh chughainn go luath “Tar Lear”,
Ar chúrsaidhibh sgéil na mBórach féil,
Tá ag troid go tréan 'san gcath.



IV.



'Dir ló 'gus oidhch' támuid ag caoi
Nac bhfeiceam “rí na gcleas”
Ag trácht ar ghnó na n-arm-sluagh
Tá dhá phlé san Áifric Theas.



Peadar Ua Concheannainn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services