Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chraoibhin Aoibhinn i nGleannamaighdibhe.

Title
An Chraoibhin Aoibhinn i nGleannamaighdibhe.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Chraoibhin Aoibhinn i nGleannamaighdibhe.



Deireadh na seachtmhaine so a chuaidh thart thainic an
Craoibhin ar chuairt air a sheancharaidh — an tAthair
Uaitéir Ó Conmhacáin go Gleannamaighdibhe. Tráth-
nóna Dia sathuirn thainic sé, agus, sul ma d'airigh na
daoine, ar maidin lá'r na mhárach, bhí lantán no binnse
breagh, fairsing ádhmuid 'na sheasamh lé binn tíghe an
phobail. Tar éis an dara Aifrinn chruinnigh an pobal
ar fad thimcheall ar an lantán. Agus chruinnigh bláth
an phobail ar a lantán — an Chraoibhin agus na Sagairt i
n-a lár.



Thóg an tAthair Uaitéir an Chathaoir agus thug se an
Chraoibhin i n-eólas an chruinnighthe ag rádh.



“Tá fear i nbhur measg nach bhfuil eólas agaibh air.”
Sé Naomh Eóin Baisde a rinnigh úsáid de na bréithribh
sin, i dtaobh ar Shlánuightheóra, agus ba leis na h-Iúdaibh
a bhí se ag caint. Bhí aithne agus eólas maith aca ar an
Slánuightheóir, óir rugadh agus tóigeadh i n-a measg É, agus


L. 484


bhí gaol 's muinteardhas ag go leór aca leis. N-a
dhiaidh sin ba fhíor bréithre Eóin. Nach raibh eólas — se
sin eólas ceart — aca air, óir do cheap síad-san nach
raibh ann acht duine lag, an-fhann mhar iad fhéin. Ní
raibh a fhios aca go raibh fá ghné an duine sin, an té a
chruthuigh agus a riaghuileas an domhan — neamh, talamh agus
ifrionn. Ma b'fhíor briathra an fhaid i dtaobh ar
Slánuightheóra, tá siad, air mhodh, chomh fíor i dtaobh an
té a tá in bhar measg andiu, óir cé gur rugadh agus gur
tóigeadh é achar beag taobh thall de theórainn na
Conndae seo, ní fhacaidh urmhór an phobail seo ariamh é.



Acht cé nach bhfacaidh, níl fíor-Ghaodhal in bhur measg
agus tá súil agam gur fíor-Ghaodhail sibh, uilig — níl fíor-
Ghaodhal in Éirinn, ó Bhinn Éadair go Ceann Léime ná
ó Chloch-na-bhFomhorach go dtí íochtar Mumhan ná in
aon áit eile sa domhan, nach n-éirigheann a chroidhe ag
fuaim anma an Chraoibhin Aoibhinn (Bualadh bos). Óir
tá a fhios ag gach duine a léigheans sgéal agus gníomh na
haimsire seo nach bhfuil aon Éireannach beó andiu is
mó a bhfuil gean agus grádh aige ar a thír dhúthchais, ar a
daoinibh na ar a teangaidh ná tá ag an Chraoibín.
(Bualadh bos). Ní'l aon fhear eile beó — in m'eólas-sa —
atá ag oibriughadh chomh cruaidh chum ar dtír a thógáil
suas ó'n lathaigh agus ó'n phuiteach i n-ar sháith Sasana í agus
chum a cuir 'na seasamh i n-a h-áit féin i measg náisiún
an domhain — níl aon fhear eile a fhantuigheas chomh géar
ar n-daoine a spreagadh le meas cóir a bheith aca
orra féin agus la gach nídh a bhaineas le náisiúntas a dtíre;
agus níl aon fhear eile a tá a déanamh an oiread ná a thug
suas an oiread chum ar dteanga dílis a choimhéad agus a
chosaint in sna háitibh i bhfuil sí beó agus a tabhairt ar ais
in sna háitibh nach bh-fuil. Mar ní hé amháin go bhfuil
sé aig caitheamh a shaoghail, a aimsear, a shláinte, a
mhaoin agus a substáint leis an obair so a chur air chionn.
Acht chaith sé uaidh, agus tá sé ag caitheamh uaidh gach deis
agus gach ócáid a thainic nó a tá a tigheacht i n-a bhealach
chum é féin árdughadh i measg riaghluighteóirí nó, a
ndéarfaidh mé é i measg sgriosadóirí agus námhaid a thíre.
(Mor-bhualadh bos).



I n-a óige mar tá fhios ag gach duine ag a bhfuil fios
sgéil a shaoghail, cuireadh é cum fóghlumtha go Árd-
Cholaisde na Tríonóide — an cholaiste is áirde agus is
céimeamhala dá chreideamh sa tír; áit ar casadh leis
cuid de na óganachaibh ba grinne agus b'inntleachdaighe
sa tir; áit a raibh duaiseanna agus gill mórluaighe
tairgthe do na sgoláiribh a b'fhearr. Agus, ní raibh aon
bhliadhain, d'ar chaith sé ann, nach dtainic se amach ar bhárr
a chomórtusuidhe; ní raibh geall ná duais a b'fhiú
thógáil nár bhuaidhigh sé, — ní raibh léigheann ná teagasg
d'ar thug oididhe an Choláisde uatha nach raibh sé 'na
mháighistear air ní raibh mórán oidí ann nach raibh se
'na sgoláire chom maith leó, thart timcheall, na oide
nach raibh se i n-ann suidhe in a chathaoir. (Bualadh bos).



Agus bhí a chlú agus a cháilidheacht do réir a fhoghluma.
Bhí sé chomh gnaoidheamhail le súireadhach le 'na comh-
sgoláiribh. Bhí sé chomh umhal le paisde d'a mháighistiríbh
agus chomh macánta le manach le gac uile dhuine. Amhail
gur “dá bh-faghadh Gaodhal a cheart” ní raibh posda le
fagháil sa gcoláisde nár dho ba cóire a thabhairt. Acht
posda ná ónoir ní raibh le fágháil ag an gCraoibhín an
t-am sin ná ó shin. Óir, i súilibh ceann an choláisde
sin, bhí locht — agus locht mór air — locht a mhill gach subh-
áilce, bhí aige locht nach maithfidís an tam sin agus nach
maithfidh a leithidí go bruinn an bhrátha — Se sin — bhí an
iomarca cion aige ar Éirinn. Bhí an dearg-ghráin aca-
san uirri. Bhí gean agus grádh aige ar na daoinibh. Bhí
fuath agus droich-mheas aca san orra. Tharcuisnigh siad
san ar dteanga. B'í cloch na súile leis an g-Craoibhín
í. (Bualadh bos).



D'a bhrígh sin b'éigin do dul i n-áit éigin eile ar
thóir slíghe beatha. Acht níor mhisde leis. Ní raibh aon
choláiste san trí réagún nach bhfosclóchadh a dhóirse dho;
nach mbéidheadh fáilte roimhe agus ná tiubhradh posda, agus
onóir agus díoluidheachd dó, dá dtéidheadh sé ar a d-tóir.
Acht ní dheachaidh. B'fearr leis socrughadh síos i measg
fiorchlann na Féinne i gConnachdaibh. B'fheárr leis
dul i measg na m-bocht agus a g-cuid sean-sgéalta agus
sean-abhráin a chruinniughadh agus a chur i gcló.



Agus sé an spiorad sin a bhrostuigh é chum a theacht
in bhur measg andiu — le súil go lasfadh sé in bhur
gcroidhibh spré de'n teinidh sin atá ag dóigheadh a chroidhe
féin, le searc-ghrádh agus searc-chumann d'ar dteangaidh
dhúthchusaigh.” (Bualadh mór bos).



Ann-sin d'éirigh an Craoibhín i measg bualadh mór
bos agus “céad míle fáilte” i mbéal gach duine sa
gcruinniughadh agus dubhairt: —



“A Athair Uaitéir, a fheara agus a mhná Ghleannamaigh-
dibhe, is sean fhocal nach caraid bladaire” agus, muna
raibh fios cinnte agam gur fíorcharaid damhsa an
tAthair Uaitér, déarfainn go raibh sé dom' blaidireadh
nó ag déanamh ball magaidh dhiom — (gáire) — ní raibh
fios agam leath na haimsire an orm a bhí sé ag caint
(tileadh gáire). Shíl mé gur ar ghaisidheach mhór éigin
a rinne séirbhís aithbhéilach éigin dár dtír a bhí se ag
cur síos. Maidir liomsa ní fiosach liom dadadh a
rinne mé acht mo dhualgas do mo thír, do mo chóimh-
Éireannachaibh agus dár dteangadh dhúthchasaigh.



Is fíor go bhfuil grádh agam ar mo thír agus is tútach an
fear nach mbeidheadh gean aige ar an tír i n-a rugadh
's tóigeadh é agus i n-ar chaith sé a shaoghal. Is fíor freisin
go bhfuil gean agus meas agam ar mhuintir mo thíre mar
measaim nach bhfuil aon daoine eile faoi an ghrían níos
fearr na íad dá bh-faghadh Gaodhail a gceart. Is
cinnte mar an gcéadna go bhfuil an-ghean agus grádh
agam ar ar dteangaidh ní hé amháin do bhrígh gur b'í
ar dteanga duthchais acht mar gheall nach bhfuil aon
teanga eile ar chomh binn, chomh blasta, chomh milis léi.
(Bualadh bos).



Thairis sin táim cinnte dearbhtha, gurab í ar
dteanga an fál no an teóra idir sinn agus Shasanaigh agus
má leagtar an teóra sin — ma imthigheann ar d-teanga.
Ní bheidh uaidhe sin amach in ar d-tír acht conndae no
cúige Sasanaigh, ná in ar ndaoinibh acht Iar-Sasanaigh.
Acht glóir agus moladh mór le Dia níl baoghal air bith go
bh-feicimid go bráth an lá sin! Nuair chím an cruin-
niughadh breágh so agus nuair chím na cruinnighthe eile de'n


L. 485


tsórt céadna in gach áit d'a d-teidhim — eirigheann mo
chroidhe in mo chliabh — éirigheann sé de léim agus bidheann
sé ag gríosughadh le luthgháir. Óir tá fhios agam má
tá beárna sa teórainn i n-áitibh — go bhfuil fir agus mná
réidh le léimnigh asteach sa mbearna sin mar léim fir 's
mná Mumhan asteach le taobh Phádraig Sáirséil i mbaile
Luimnigh, réidh chum an náire tarcuisneamhail a bhí orra
faoi n-a dteangaidh féin teanga na bh-file 's na
m-bard, teanga na naomh a's na n-ollamh a labhairt,
a shaltradh faoi n-a g-cosaibh agus chum an oilphéist mhór
ghranna Sasana a chur an naire sin orrtha, a threasgart
no a bhualadh air ais go d-tí an dubhaigéin as a dtáinic
sí. (Bualadh mór bos).



Feicim, agus as so tá mo mhuinighin is mó, go bhfuil
na máighistirí agus na máighisdreása sgoile tríd an tír
air aon intinn i d-taobh na hoibre seo — go bhfuil rún
aca an cháin a cuireadh orrtha nuair a dubhradh gur
b'iad na Sgoile Náisiúnta “uaigh na teangadh” a chuim-
leadh amach, tá rún a ndíchioll a dheanamh chum an
t-aos óg a thabhairt suas mar is cóir a dtabhairt suas
in eólas teangadh a sinnsear — in eólas bealach a
sinnsear — in eólas subhailcí agus deaghbhéas agus stáire ar
sinnsear. Agus deanaim chomh-gháirdeachas go fonn-
mhar libhse — Phobal Buidheannaigh — go bh-fuil agaibh
sgata máighistear agus máighistreas chomh maith, chomh
geanamhail, agus chomh fhíor-Ghaodhlach agus tá in aon pharáiste
eile in m' eólas-sa agus go bh-fuil stiúruightheóir ós a
gcionn a bh-fuil a cháil tre Éirinn mar togha Gaedhilge-
óra. (Bualadh bos).



Tá súil agam go gcómh-oibreochadh sibhse leó agus nach
mbéidh sibh ag milleadh sa mbaile gach a ndéantar ag
na sgoilibh go labhaireóchadh sibh Gaedhilg lé nbhur
bpáistíbh go múnfaidh sibh a bpaidreacha i nGaedhilg
dóibh agus go n-déarfaidh sibh an Choróin no an Paidrín
Páirteach gach oidhche leó agus go d-tabharfidh sibh suas iad
mar fhíorchlann Éireann agus ní mar shamhluighthe bréagacha,
bradacha Sasana. Muna n-déanfaidh sibh sin deirim
libh, chomh cinnte 's ta an ghrian sa spéir, go dtiocfaidh
an lá nuair a thabhairfeas na páisdí a mallacht in áit
a mbeannacht do na hathaireachaibh agus na máithreachaibh a
théigh iad — óir imtheóchaidh siad ar fán agus ar seachrán —
céilfidh siad a n-anamna, a d-tír agus a g-creideamh agus
beidh siad na mbaill náire agus easonóire i leabaidh bheith
n-a nglóir agus n-a n-onóir dhá d-tír agus dá sinnsir.”



(Bualadh mór mór bos agus “go b-fágaidh Dia do
shláinte agad” ó urmhór an chruinnighthe).



Is fada a bhéas cuimhne An Chraoibhín glas i measg
daoine Ghleannamaighdibhe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services