Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dlighe Chionnmhara

Title
Dlighe Chionnmhara
Author(s)
Driseóg,
Pen Name
Driseóg
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Dlighe Chionnmhara



Atá an dlighe thart i dtaoibh an anma Ghaedhealaigh
ar chár Phartaláin Uí Eidhin. Cuireadh Partalán fá
fíneál is fá chostas. Sin dlighe dhaoibh a cháirde!



Atá timcheall trí bliadhna ó cuireadh suas an
comhartha so ar dtús. Bhí an cár nuadh an uair sin, agus
d'fhéach an comhartha go rí-dheas. Ní raibh iongantas sa
tír acht é. Cruinnigheadh neart daoine timcheall ar an
gcár i ngach uile áit a seastaoi leis. Chomh héasga agus
leag na píolúraidhe a súile air cuireadar go dian agus
dúthrachtach i n-a aghaidh. Bhagair siad dlighe ar Phartalán
no ar a mhac. Dubhradar leis go ndéanfadh sé a leas


L. 435


dá mbainfeadh sé anuas an t-ainm. Congbhuighdear
suas an bhagairt so ar feadh tamaill fhada. Go deimhin
thugadar uile iarracht ar fhaitchíos do chur air. Acht
chlis ortha. Fágadh thuas an t-ainm. Atá sé thuas fós.
Agus ní dubhairt Mac Uí Eidhin nach mbéidh sé thuas.



Cúpla mí ó shoin déanadh an an t-ainm do ath-
dhathughadh. Is dóigh gur árduigh so fearg na bPiolúr.
Thugadar cuireadh chum na cúirte do Mhac Uí Eidhin.
Chaith sé teacht bíodh go raibh cuid mhaith dá chuid arbhair
ag tuitim dá cheann de cheal bhainte. Bhéadh an sgéal
maith go leór dhó dá gcuirtí ceann ar an dlighe an lá
so acht níor cuireadh. Caith sé teacht ó n-a chuid oibre
chum na cúirte arís Dia Céadaoin so tharainn. A
bhfaca éinne ariamh a leithéid do chos ar bolg? Fear
do thabhairt fá dhó ó'n a chuid oibre agus é chur fá fhíneál agus
fá chostas mar gheall ar go raibh sé do mhisneach aige,
agus do thíoramhlacht ann a ainm agus a áit chomhnuidhthe do
dhathughadh ar a chár i n-a theangaidh dhúthchas féin.



Ní'l acht sa dlighe níos aistighe ná an t-acht a cuireadh
ar bun i gCionnmhara Dia Céadaoin so tharainn. "Be,
de, de, de, law" is ainm dó. Is é a mhíniughadh nuair
chuirfeas tú t'ainm agus t'áit comhnuidhthe i nGaedhilg ar
thaoibh do cháirr caithfidh tú é chur i mBéarla ar an
taoibh eile. So é dlighe Chionn-mhara. Nach breágh é?



Driseóg

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services