Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Tá páipéar go nglaodhthar an Fiolar air, curtha amach
i n-áit éigin. Dubhairt an páipéar úd an Fiolar, aon
uair amháin, go raibh a shúil chómhchruinn, lasmhar, ghrian-
mhar, dírighthe ar Ímpire na Rusach agus bhítheas ag caitheamh-
aimsire fá'n “bhFiolar” 'na thaobh soin. Bíonn mo
shúil-se uaireannta dírighthe ar an Ímpire úd leis. Bíodh
do gháire agat, agus do mhagadh.



Nicolás is ainm d'Ímpire na Rúise. Fear beag
leice, droch-shláinteach, is eadh é. Is é an fear is lúgha
é ar a chineadh. Aithigh do b'eadh a athair agus a shean-athair.
Bhí a shean-athair an tSár Nicolás sé troighthe agus seacht
n-órlach ar áirde agus dathamhail agus cúmtha leisin. Ní raibh
Alasdair, athair an tSáir seo anois ann, chómh hárd
soin ar fad, acht bhí sé an-théagartha agus an-láidir. Do
bhéarfadh sé ar dhá sháil crúidh capaill agus do dhíreóchadh
sé glan amach í le neart a chuisleanna. Ní bhainfeadh
an tSár beag atá anois ann an pruímpín de phíb chré
le neart a mhéireanna, acht tá ceithre mhilliún saighdi-
úir aige agus d'á gcuirfidhe ar siúbhal an méid sin
dhéanfaidís glór nách taithnfeadh le héinne'. Ba mhór


L. 82


an cosduis an ceathramhadh cuid de'n méid sin do
sheóladh soir go Sín agus iad do bheathughadh agus do chongbháil
i ndéantús cogaidh annsúd. Ní fhuil an Rúise saidhbhir,
agus ní fhuil aon fhonn cogaidh uirthe má leigthear di réise
maith de'n tSín do ghoid, mar gan amhras gaduighe-
acht is eadh é. Beidh Mansúria aici gibé olc mhaith leis
na Cumhachtaibh eile é. Ní chuirfidh Seaghán Buidhe 'na
coinnibh mar tá an fear séimh sin chómh macánta indiu
d'á gcaithfeadh Cúmhacht mhór seile 'na shúil, i gcead
duit-se, nách déarfadh sé, “Cuir uait!”



Acht ní mar sin do'n tSeapáin. Tá éirghe 'n-áirde
uirre sin. Is iongantach na daoine na Seapáinigh seo.
Ní raibh ionnta tá deich mbliadhna fichead ó shoin acht
daoine allta nó geall leis, acht is é iongna an tsaoghail
an borradh atá fútha le déidheannaighe. Tá an loingeas
agus an t-arm is breághdha le fághail aca anois. Fir bheaga
chruadha, ghéar-inntleacha, aicillídhe, is eadh iad. Tá
éad orra leis an Rúise, agus faitchíos orra go mbéidh sí
ró-chómhgarach dhóibh má bheidheas seilbh aici ins an Man-
súria úd. Do mhaoidheamh fear mór díobh go dtiomáin-
fidís an Rúise as Mansúria gan mhoill. Ná'r bhreágh
le Clann Lúnduin dá dtabharfaidhe rásdáil mhaith
do'n Rúise sin ná cuireann suim 'nár gcuid cain-
te-ne. Is saoire caint 'ná cogadh. Do shíleamar tá
dhá bhliadhain ó shoin nách raibh i gcogadh acht sult, acht is
daor an sult é. Bhíos ag léigheadh áireamh do theasbáin
oifig an chogaidh i Lúnduin an lá eile. Deir siad gur
cuireadh 'sa chré ins an Aifric theas deich n-oifigigh
fichead agus seacht gcéad saighdiúir ar feadh mí an Mhárta
tharainn, agus gur seóladh abhaile breóite, basguighthe,
céad agus naoi n-oifigeach fichead agus trí mhíle fear. Nách
mín, macánta an duine beag an Bórach soin. Beidh
áireamh eile againn i ndeireadh an Abráin mar táid
siad ag cómhrac ar feadh na seachtmhaine ghabh thart thíos
i dTír na Rinne agus ins an Transbhaal.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services