Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Tá duine uasal ins an Rúise darab ainm Tolstoi,
sgríobhnóir leabhar is eadh é. Níor thaithnigh a chuid
sgríobhnóireachta le sagartaibh na hEaglaise Rúsach agus
dubhradar leis ná'r Chríosduidhe i n-aon chor é, agus ná
háirimhéochaidhe feasda imeasg a bpobul é. Bhí seisean
agus iad-san ag priocadh ar a chéile le tamall maith agus fá
dheireadh do choinneal-bháthaidh na sagairt é. Níor
réidhtigh an méid sin le macaibh léighinn na hárd-sgoile
i Moscó; do chabhruigheadar leis an úghdar úd agus bhí
brus agus imreas annsúd ar feadh seachtmhaine. Ní
áirighim gur bh'fiú biorán an gleó so. Ní raibh ann acht
conspóid idir fhear agus sagart i dtaobh chreidimh, acht d'á
léighthá cuid de na páipeáraibh i Lúnduin mar gheall
air, ba dhóich leat go raibh deireadh láithreach le hÍmpire-
acht na Rúise. Bhí sí lobhtha, dar leó, agus níor bh'iongnadh
go n-eireóchadh na daoine amach agus go mbrisfidís an
Ímpireacht dhúr ghránna sain. Droch-aigne do'n Rúise
is eadh is príomh-fháth de'n chaint sin. Tá Seaghán bocht
lag-bhrightheach agus chuirfeadh focal feargach ó'n Rúise na
creatha cos air. An té nách bhfuil sé 'na chumas dream
bheag Bórach do chlaoidhe le na mílte fear níor chás dó
cómhrac le beithir borb, géar-fhiaclach cabhail-ramharach
mar an Rúise. Tá an méid sin céille ag Seaghán leis,
mar is é tá go bog, mín, leis an Rúise ins an tSín.



Chím go bhfuil na Seapánaigh ag chur cochaill ortha
féin. Beithfear d'á ngríosadh chum cor iomrasgála
leis an Rúise. Deirthear léis an Seapáin gur chóir
di an Rúise do bhualadh anois mar go n-íosfar í ar ball
nuair do bheidh an bóthar iarrainn thríd an tSíbír críoch-
nuighthe ag an Rúise, agus bealach réidh aici le n-a sluaighte
fear do sheóladh go teóranaibh na Síne. Ní bhéidh an
bóthar iarrainn na Síbíre ullamh go ceann bliadhna, acht
nuair do bhéidh, béidh sé chómh maith ag na Cúmhachtaibh
eile go léir a suaimhneas do ghlacadh. Caithfidh siad a
mbóthar do thabhairt ortha as na ceanntraibh úd. Éirigh
suas a Sheapáin, buail an t-ainmhidhe mór, faid atá a
lapa ceangailte; má fhaghann sé an lapa coise sin
réidh beidh deireadh leat-sa muna leasuighir do bhéasa.
Is dóich leis an Seapáin go ngeobhaidh sí congnamh ó
Shasana. Ní gábhadh dhi bheith ag bráth air. Ní fhuil i
sgaothairibh Lúnduin acht gleó agus gaoth.



Cloisim go bhfuil Crúghér ag dul go hAmericá i
gcómhair airgid do bhailiughadh d'á Bhóracha. Tá Seaghán
ag easgainídhe air gach maidean Domhnaigh agus lae seacht-
mhaine, acht ní chuireann soin garra-bhuaic ar Phól. Is
truagh nách bhfuil mo radharc agam mar do bhíodh, adeir
sé, bhéinn ar ghualainn an uachdaráin Stein ag mar-
cuigheacht le De Bhet agus ag traochadh na Sasanach. Tá
an sean-leómhain suas le cheithre fichid, agus sgamall ar a
radharc. Is mór é a mhuinighin i nDia agus i gcródhacht na
mBórach. Siúd agus go bhfuil ós cionn fiche fear i gcoin-
nibh gach cinn aca táid siad ag troid chómh dána indiu agus
do bhíodar bliadhain an taca so. Do sheól Seaghán,
le déidheanaighe, deich míle fichid fear amach chum
cabhartha le Citsiner acht is beag do mhaitheas é. Ní
fhuil lá d'á ngabhann tharrainn nach síneann na Bóraigh
srath aca. Bíonn an bhuaidh i ngach bruighin ag Seaghán
adeir sé, acht mar sin féin ní fhuil sé 'na chumas na
Bóraigh do thiomáint as Tír na Rinne. Táid siad ag
damhas agus ag cosgairt annsúd ar thalamh Sheagháin le
rátha.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services