Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Acht um Bhunreacht Shaorstáit Éireann

Teideal
Acht um Bhunreacht Shaorstáit Éireann
Údar
Oireachtas, An t-,
Dáta cumtha
1922
Foilsitheoir
Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


ACHT UM BUN-REACHT SHAORSTÁIT Éireann, 1922.



Acht chun Bun-reacht do Shaorstát Éireann d'achtú agus chun an Connradh
idir an Bhreatain Mhóir agus Éire do sighníodh i Lundain ar an 6adh lá
de Mhí na Nodlag, 1921, do thabhairt chun críche.



Dáil Éireann 'na suidhe mar Dháil Bhunaidh sa Pháirlimint Shealadach so,
á admháil gur ó Dhia a thagann gach údarás dleathach chun na ndaoine
agus muinghin aice gur mar seo a tabharfar thar n-ais beatha agus aontacht
Náisiúnta na hÉireann, fógrann sí leis seo bunú Shaorstáit Éireann
agus de bharr lán-chirt gan dearmad dineann sí a reachtú agus a achtú
mar leanas: -



1. Is é an Bun-reacht atá leagtha amach sa Chéad Sgeideal a ghabhann
leis seo a bheidh mar Bhun-reacht do Shaorstát Éireann.



2. Léireófar an Bun-reacht roimh-ráite maille le aith-fhéachaint ar
na hAirtiogail Chó-aontuithe do Chonnradh idir an Bhreatain Mhóir agus
Éire atá leagtha amach sa Dara Sgeideal a ghabhann leis seo (dá ngoirtear
feasta "an Connradh Sgeidealta") agus dá dtugtar feidhm dlí leis seo,
agus má bhíonn aon fhoráil den Bhun-reacht roimh-ráite ná d'aon leasú
air ná d'aon dlí a déanfar fé buiniscionn in aon tslí le aon cheann
d'fhorálacha an Chonnartha Sgeidealta, beidh sé, i méid na buiniscionntachta
san amháin, gan brí gan feidhm ar bith, agus rithfidh Oireachtas
agus Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann fé seach pé reachtúchán eile
agus gach n eile a bheidh riachtanach chun an Connradh Sgeidealta do
thabhairt chun críche.



3. Chun gach críche féadfar an t-Acht um Bun-reacht Shaorstáit Éireann,
1922, do ghairm den Acht so.


L. 4


An Chéad Sgeideal dá dtagartar thuas.



BUN-REACHT SHAORSTÁIT ÉIREANN.



Airtiogal 1.



Ball có-ionann iseadh Saorstát Éireann den Chuideachta Náisiún a dhineann
suas an Có-chiníochas Briotáineach.



Airtiogal 2.



Tagann gach comhacht rialtais agus gach údarás reachtúcháin,
feidhmiúcháin agus breithiúntais in Éirinn ó mhuintir na hÉireann agus
feidhmeofar iad i Saorstát Éireann trí sna có-ghléasanna a bunófar do
réir an Bhun-reachta so no fé no leis.



Airtiogal 3.



Saoránach de Shaorstát Éireann iseadh gach duine idir fireann agus buineann
ar a bhfuil buan-chomhnuí i líomatáiste údaráis Shaorstáit Éireann le
linn an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm agus gur in Éirinn do rugadh
é féin no a athair no a mháthair no ar a raibh gnáth-chomhnuí i
líomatáiste údaráis Shaorstáit Éireann ar feadh seacht mblian ar a
luighead, agus, laistigh de theoranta údaráis Shaorstáit Éireann, beidh
aige na príbhléidí agus tuitfidh air na hoibleagáidí a ghabhann leis
an saoránacht san: Ar choiníoll go bhféadfaidh aon duine atá 'na
shaoránach de Stát eile a bhreith de rogha gan an tsaoránacht a tugtar
leis seo dho do ghlaca; agus socrófar le dlí na coiníollacha a rialóidh
feasta saoránacht d'fháil agus do chríochnú i Saorstát Éireann.



Airtiogal 4.



Sí an Ghaedhilg teanga Náisiúnta Shaorstáit Éireann, ach có-aithneofar
an Béarla mar theanga oifigiúil. Ní choiscfidh éinní san Airtiogal so
ar an Oireachtas forálacha speisialta do dhéanamh do cheanntair no do
líomatáistí ná fuil ach teanga amháin i ngnáth-úsáid ionta.


L. 6


Airtiogal 5.



Ní bronnfar ar aon tsaoránach de Shaorstát Éireann aon teideal onóra
i dtaobh aon tseirbhísí do thabhairt uaidh i Saorstát Éireann no 'na
thaobh ach le cead no ar mhola Ard-Chomhairle an Stáit.



Airtiogal 6.



Is slán saoirse an duine, agus ní bainfear a shaoirse d'aon duine ach
do réir na dlí. Ar aon duine do dhéanamh ghearáin no ar ghearán do
dhéanamh ar a shon go bhfuiltear á chimeád go nea-dhleathach, fiosróidh
an Ard-Chúirt agus aon bhreitheamh agus gach breitheamh di an gearán san
láithreach agus féadfaid órdú do dhéanamh á chur d'fhiachaibh ar an
nduine atá ag cimeád an duine sin corp an duine atá i gcimeád do
thabhairt i láthair na Cúirte no an bhreithimh gan mhoill agus deimhniú
do dhéanamh i scríbhinn i dtaobh cúise a chimeádtha agus órdóidh an
Chúirt no an breitheamh san an duine sin do sgaoile ansan mara mbeifar
sásta go bhfuiltear á chimeád do réir na dlí: Ar choiníoll, ámh, le linn
chogaidh no rebiliúntachta armtha ná gairmfear éinní dá bhfuil san
Airtiogal so chun aon ghníomh dá ndéanfaidh fórsaí airm Shaorstáit
Éireann do chosg, do smachtú ná do thoirmeasg.



Airtiogal 7.



Is slán do gach saoránach a árus comhnuithe agus ní raghfar isteach ann
le fóirneart ach do réir dlí.



Airtiogal 8.



Is slán do gach saoránach saoirse choinsiais agus saor-chleachta agus
admháil phuiblí chreidimh, ach gan dochar don rialtacht ná don
mhoráltacht phuiblí, agus ní déanfar aon dlí go díreach ná go mí-dhíreach
chun maoin do bhronna ar aon chreideamh, ná chun cosc ná teora
do chur le saor-chleachta aon chreidimh, ná chun aon bhontáiste do
thabhairt do dhuine ná aon mhí-ábaltacht do chur air mar gheall ar a
thuairim ná a chéim i gcúrsaí creidimh ná baint go díobhálach ó
cheart aon leinbh dul chun scoile atá ag fáil airgid phuiblí i dtaobh
gan é bheith láithreach ag an dteagasc chreidimh sa scoil sin, ná chun
aon deifríocht do dhéanamh i dtaobh cabhrach Stáit idir scoileanna atá
fe bhainisteoireacht lucht chreidimh dheifriúla, ná chun aon chuid dá
maoin do thógaint ó aon lucht creidimh ná ó aon fhundúireacht
oideachais ach amháin chun bóithre, bóithre iarainn, oibreacha soluis,
uisce no draeneála, no chun oibreacha eile d'úsáid phuiblí, agus ar
chúiteamh do dhíol.


L. 8


Airtiogal 9.



Is slán ceart oipineon do chur in úil gan chosg agus ceart teacht le
chéile go síochánta gan airm, agus ceart cumainn no aontaisí do bhunú
ar aon toisg ná fuil i gcoinne mhoráltacht phuiblí. Na dlithe a
rialóidh an tslí 'na bhféadfar ceart cumainn do bhunú agus ceart
saor-theacht le chéile do chur i bhfeidhm, ní dhéanfaid aon leithreachas
i dtaobh polaitíochta ná creidimh ná aicme.



Airtiogal 10.



Tá de cheart ag gach saoránach de Shaorstát Éireann bunoideachas d'fháil
in aisce.



Airtiogal 11.



Gach talamh agus uisce, gach mianach agus minearál, laistigh de chrích
Shaorstáit Éireann dá raibh go dtí so i seilbh an Stáit, no i seilbh
aon roinne dhe, no do bhí á chimeád chun úsáide no tairbhe puiblí,
agus fós gach maoin nádúrtha den chrích chéanna (mar aon leis an aer
agus le gach abhar gníomh-chomhachta), agus fós gach rí-chíos agus
reacht-shaoirse laistigh den chrích sin, is le Saorstát Éireann iad ó
dháta an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm, gan dochar d'aon
mhuinghineachas, bronntas, léas, ná cead 'na dtaobh do bhí an uair sin
ann, no d'aon cheart dlisteanach príobháideach 'na leith, agus smachtóidh
agus riarfaidh an t-Oireachtas iad, do réir pé rialacha agus forálacha
a ceadófar le reachtúchán ó am go ham, ach ní aistreofar a seilbh sin
ná seilbh aon choda acu, ach féadfar chun an leasa phuiblí iad do
leigeant amach ó am go ham ar léas no ar chead, chun iad d'oibriú no a
dtairbhe d'fháil, fé údarás agus do réir smachta an Oireachtais:
Ar choiníoll ná féadfar aon léas ná aon chead den tsórt san do
dhéanamh ar théarma a raghaidh thar naoi mbliana déag is cheithre fichid
ó dháta a dhéanta, agus ná féadfar de bhrí a théarmaí féin aon
léas ná aon chead den tsórt san d'athnuachtaint.



Airtiogal 12.



Bunuítear leis seo Cóir Reachtúcháin dá ngoirfear an tOireachtas.
Beidh ann an Rí agus dhá Thigh, Dáil Éireann agus Seanad Éireann. Is
ag an Oireachtas amháin a bheidh an t-aon-chomhacht chun dlithe i dtaobh
síochána, rialtachta agus dea-riartha Shaorstáit Éireann do dhéanamh.



Airtiogal 13.



Suidhfidh an t-Oireachtas i gcathair Bhaile Atha Cliath no 'na haice no i
pé áit eile a shocróidh sé ó am go ham.


L. 10


Airtiogal 14.



Beidh de cheart ag gach saoránach de Shaorstát Éireann idir fireann agus
buineann go mbeidh aois bhliana is fiche slán aige agus a chó-líonfaidh
forálacha dlithe toghacháin na haimsire, vótáil le teachtaí de Dháil
Éireann, agus páirt do thógaint sa Referendum agus sa Tionnscnamh. Beidh
de cheart ag gach saoránach de Shaorstát Éireann idir fireann agus buineann
go mbeidh aois deich mblian fichead slán aige agus a chó-líonfaidh
forálacha dlithe toghacháin na haimsire, vótáil le baill do Sheanad
Éireann. Ní chaithfidh aon vótálaí níos mó ná aon vóta amháin i
dtoghachán d'aon cheann den dá Thigh, agus is le ballóid shicréideach
a déanfar an vótáil. Socrófar le dlí an chuma agus an áit 'na
mbainfear feidhm as an gceart so.



Airtiogal 15.



Gach saoránach go mbeidh aois bhliana is fiche slán aige, agus ná beidh
curtha fé mhí-ábaltacht ná fé mhí-chumas ag an mBun-reacht ná ag an
ndlí beidh sé iontoghtha chun bheith 'na theachta de Dháil Éireann.



Airtiogal 16.



Ní fhéadfaidh éinne bheith 'na bhall de Dháil Éireann agus de Sheanad
Éireann in aonacht, agus má toghtar aon duine atá 'na bhall cheana d'aon
Tigh chun bheith 'na bhall den Tigh eile, tuigfear feasta a chéad
shuidheachán do bheith follamhuithe.



Airtiogal 17.



Is sa bhfuirm seo leanas a bheidh an mhóid a thabharfaidh Baill an
Oireachtais:-



Bheirim-se … mo mhóid go solamanta go ngéillfead agus
go mbead fír-dhílis do Bhun-reacht Shaorstáit Éireann ar n-a bhunú do
réir dlí, agus go mbead dílis dá Shoillse Rí Seoirse V., dá oighrí
agus dá chomharbaí do réir dlí, de bhrí chó-shaoránachta na hÉireann
leis an mBreatain Mhóir agus de bhrí gur ball í agus go leanann sí den
chó-chruinniú náisiún a dhineann suas an Có-chiníochas Briotáineach.



Roimh thógaint a shuidheacháin san Oireachtas do, tabharfaidh gach ball
an mhóid sin agus cuirfe sé a ainm léi i bhfianaise Ionadaí na
Coróinneach no i bhfianaise duine éigin go mbeidh a údarás aige uaidh.


L. 12


Airtiogal 18.



Beidh de phríbhléid ag gach ball den Oireachtas, ach amháin i gcás
tréasúin, feleontachta no brise síochána, go mbeidh sé saor ó thógaint
le linn do bheith ag dul chun aon Tighe den dá Thigh no ag teacht uaidh,
no le linn do bheith fé ia aon Tighe den dá Thigh, agus ní féadfar
aon aicsean ná aon imeachta in aon Chúirt ach sa Tigh féin do thabhairt
'na choinne i dtaobh éinní dá ndéarfa sé in aon Tigh den dá Thigh.



Airtiogal 19.



Beidh gach tuairisc agus foillsiúchán oifigiúil den Oireachtas no
d'aon Tigh de fé phríbhléid agus beidh gach ní adéarfar in aon Tigh
de fé phríbhléid is cuma cá bhfoillseófar é.



Airtiogal 20.



Déanfaidh gach Tigh a rialacha agus a Bhuan-Orduithe féin agus beidh de
chomhacht aige pionós do chur i bhfeidhm i dtaobh a mbriste agus beidh de
chomhacht aige saoirse dhíospóireachta do chur in áirithe, a scríbhinní
oifigiúla agus páipéirí príobháideacha a bhall do chosaint agus é
féin agus a bhaill do chosaint ar aon duine no daoine a bhainfidh le n-a
bhaill no a chuirfidh isteach ortha no a thabharfaidh fé iad do bhreaba
le linn dóibh a ndualgaisí do chó-líona.



Airtiogal 21.



Déanfaidh gach Tigh a Cheann Comhairle agus a Leas-Cheann Comhairle féin
do cheapa agus a gcomhachta, a ndualgaisí, a luach saothair, agus a
dtéarmaí oifige do leaga amach.



Airtiogal 22.



Socrófar gach ceist i ngach Tigh, ach amháin mar a bhfuil a mhalairt
de shocrú sa Bhun-reacht so, le mór-áireamh de vótanna na mball atá
láithreach, lasmuich den Cheann Chomhairle no den bhall atá i gceannas,
ag a mbeidh vóta réitigh agus ar a mbeidh é chaitheamh má's ionann
vótanna an dá thaobh. Socróidh Buan-Orduithe gach Tighe an mó ball a
dhéanfaidh cruinniú dleathach d'aon Tigh chun a chomhachta do chur i
bhfeidhm.



Airtiogal 23.



Déanfaidh an t-Oireachtas soláthar chun a bhaill do dhíol agus
féadfaidh sé fós saor-thaisteal do sholáthar dóibh in aon pháirt
d'Éirinn.



Airtiogal 24.



Tionólfaidh an t-Oireachtas siosón amháin ar a luighead gach bliain.
Déanfaidh Ionadaí na Coróinneach in ainm an Rí an t-Oireachtas do ghairm
agus do sgur agus ar na hachtaibh sin ceapfaidh Dáil Éireann dáta
aith-thionóil an Oireachtais agus dáta críochnuithe shiosóin gach Tighe:
Ar choiníoll ná críochnófar siosóin Sheanaid Éireann gan a thoil féin.


L. 14


Airtiogal 25.



Beidh suidheanna gach Tighe den Oireachtas go puiblí. Ar ócáidí de
riachtanas speisialta féadfaidh aon Tigh suidhe príobháideach do
bheith aige ach dhá dtrian na mball a bheidh láithreach do thoiliú leis.



Airtiogal 26.



Beidh i nDáil Éireann teachtaí agus iad ag ionadú dáilcheantar a
socrófar le dlí. Socróidh an t-Oireachtas uimhir na dteachtaí ó am go
ham, ach ní socrófar lán-uimhir theachtaí Dháil Éireann (lasmuich de
theachtaí na bPríomh-sgoileanna) fé bhun teachta in agha gach deich
míle fichead den líon tíre, ná os cionn teachta in agha gach fiche
míle den líon tíre: Ar choiníoll, gurb é an cothrom céanna chó fada
agus is féidir, a bheidh ar fuaid na tíre idir uimhir na dteachtaí a
bheidh le togha aon uair do gach dáilcheantar agus líon tíre gach
dáilcheantair, ar n-a fháil sin amach sa chomhaireamh deireanach roimhe
sin. Is do réir Ionaduíochta Cothromúla a toghfar na teachtaí.
Déanfaidh an t-Oireachtas ath-chóiriú ar na dáilcheantair uair amháin
gach deich mbliana ar a luighead, gan sóinseáil in áireamh áitiúil an
lín tíre do dhearmhad, ach ní thiocfaidh aon atharú sna dáilcheanntair
i bhfeidhm i rith téarma na Dála a bheidh ann le linn a leithéid
d'ath-chóiriú do dhéanamh.



Airtiogal 27.



Beidh de cheart ag gach Príomh-sgoil i Saorstát Éireann, do bhí ann ar
dháta an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm, trí teachtaí do thogha
do Dháil Éireann ar reacht-shaoirse agus ar nós a socrófar le dlí.



Airtiogal 28.



Le linn Toghacháin Ghenearálta do Dháil Éireann déanfar an vótáil
(lasmuich den vótáil do theachtaí do sna Príomh-sgoileanna) ar an lá
céanna ar fuaid na tíre, agus ní bheidh an lá san thar deich lá
fichead tar eis dáta an sgurtha agus fógrófar 'na lá saoire puiblí é.
Tiocfaidh Dáil Éireann le chéile fé cheann mí ón lá san, agus mara
sguirfear níos túisce í, leanfa sí ar feadh cheithre mblian ó dháta
a céad chruinnithe, agus ní leanfa sí níos sia ná san. Ní féadfar
Dáil Éireann do sgur aon uair ach ar chomhairle na hArd-Chomhairle.



Airtiogal 29.



I gcás teachta de Dháil Éireann d'fháil bháis, do thabhairt suas nó
do theacht fé mhí-cháilíocht, líonfar an follamhntas le togha ar
chuma a socrófar le dlí.


L. 16


Airtiogal 30.



Beidh i Seanad Éireann saoránaigh a ainmneofar as ucht onóir do bheith
déanta acu don Náisiún le seirbhís phuiblí úsáideach, no, de bhrí
cháilíocht no bhua speisialta do bheith acu, go n-ionaduighid tréithe
táchtacha de shaol an Náisiúin.



Airtiogal 31.



Sé uimhir bhall Sheanaid Éireann trí fichid. Chun go mbeidh saoránach
iontoghtha chun bheith 'na bhall de Sheanad Éireann caithfe sé bheith 'na
dhuine iontoghtha chun bheith 'na theachta de Dháil Éireann, agus
caithfidh aois a chúig bliana déag ar fhichid bheith slán aige. Gan
dochar d'aon fhoráil a ceapfar chun bunuithe an chéad Sheanaid is é
téarma oifige gach baill den tSeanad dhá bhliain déag.



Airtiogal 32.



Toghfar an ceathrú cuid de bhaill Sheanaid Éireann gach trí bliana ó
ainm-liost a déanfar ar chuma a luaidhtear 'na dhiaidh seo agus déanfar
san ag toghachán 'na mbeidh líomatáiste údaráis Shaorstáit Éireann
mar aon líomatáiste toghacháin amháin, agus is do réir Ionaduíochta
Cothromúla a déanfar an toghacháin.



Airtiogal 33.



Roimh gach toghachán do bhaill Sheanaid Éireann déanfar ainm-liost do
chur le chéile 'na mbeidh:-



(a) A thrí oirid de dhaoine oiriúnacha agus atá de bhaill le togha;
agus díobh san ainmneoidh Dáil Éireann dhá dtrian ag vótáil do réir
Ionaduíochta Cothromúla agus Seanad Éireann trian amháin ag vótáil
do réir Ionaduíochta Cothromúla; agus



(b) Pé daoine do bhí aon uair 'na mbaill de Sheanad Éireann (mar aon le
baill atá i ndeire a dtéarma) a chuirfidh in úil d'Uachtarán na
hArd-Chomhairle le fógra i scríbhinn gur mian leo a gcur ar an
ainm-liost.



Socróidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann fé seach an tslí déanfar
tairisgint agus togha chun ainmniúcháin, maille le aireachas speisialta
do thabhairt don riachtanas atá le ionaduíocht do sholáthar do leasanna
agus d'fhundúireachtaí táchtacha sa dúthaigh: Ar choiníoll go mbeidh
gach tairisgint i scríbhinn agus go luaidhfear inte cáilíocht an té a
tairgeofar, agus ná tairgeofar aon duine gan a chead féin. Chó luath is
cuirfear an t-ainm-liost le chéile foillseofar liost ar órdú aibítre
d'ainmneacha lucht an ainm-liosta mar aon le n-a gcáilíocht.


L. 18


Airtiogal 34.



I gcás ball de Sheanad Éireann d'fháil bháis, do thabhairt suas, no
do theacht fé mhí-cháilíocht, líonfar a ionad le vóta de Sheanad
Éireann. Imeoidh aon bhall de Sheanad Éireann a toghfar mar sin as oifig
ar chríochnú na tréimhse trí mblian a bheith an uair sin ag rith
agus cuirfear an follamhntas a thárlóidh mar sin i dteanta na n-ionad
a bheidh le líona fé Airtiogal 32 den Bhun-reacht so. Críochnóidh
téarma oifige na mball a toghfar tar éis an chéad chúig dhuine dhéag
do thogha, ar chríochnú na tréimhse no na dtréimhsí go mbeadh imeacht
as oifig i ndán don bhall no do sna baill de Sheanad Éireann gurb é a
mbás no a dtabhairt suas fé ndear ar dtúis an follamhntas no na
follmhntaisí do dhéanamh: Ar choiníoll go dtuigfear an follamhntas is
túisce do thárla in órdú aimsire do bheith líonta ag an séú ball
déag agus mar sin de.



Airtiogal 35.



Is ag Dáil Éireann amháin lasmuich de Sheanad Éireann a bheidh údarás
reachtúcháin maidir le abhar Billí Airgid mar a mínítear 'na dhiaidh
seo.



Cialluíon Bille Airgid Bille ná fuil ann ach forálacha i dtaobh gach
abhair no aon abhair díobh so leanas, eadhon, leaga, ath-ghairm,
maitheamh, atharú no rialú cánach; muirir do leaga ar airgead phuiblí
chun fiacha do dhíol no chun cúrsaí eile airgid, no a leithéidí sin
de mhuirir d'atharú no d'ath-ghairm; soláthar; airgead puiblí do chur i
leithreas, d'fháil, do chimeád, do thabhairt amach no a chuntaisí do
scrúdú; tógaint no urús aon iasachta no a aisioc; mion-chúrsaí ag
baint leis na habhair seo no le haon cheann aca. Sa mhíniú so ní
fholuíonn na focail "cáin" "airgead puiblí" agus "iasacht" fé seach
aon cháin, airgead ná iasacht a thógfaidh lucht údaráis áitiúla
chun úsáide áitiúla.



Deimhneoidh Ceann Comhairle Dháil Éireann gur Bille Airgid aon Bhille
atá 'na Bhille Airgid dar leis, ach, fé cheann trí lá tar eis Bille
do bheith rithte ag Dáil Éireann, má éilíonn dhá chúigiú de bhaill
aon Tighe é, le fógra i scríbhinn do Cheann Comhairle an Tighe dár
baill iad, déanfar an cheist i dtaobh ce'ca Bille Airgid no nách eadh
an Bille d'fhágaint fé Choiste ar Phríbhléidí ar a mbeidh trí baill
a thoghfaidh gach Tigh agus mar Cheann Comhairle ortha an breitheamh is
aoirde céim den Chúirt Uachtarach a bheidh ábalta agus toilteannach
ar fheidhmiú, agus a bheidh, i gcás có-ionannas vótanna, agus sa chás
san amháin, i dteideal vótála. Ní bheidh aon dul thar breith an Choiste
ar an gceist.


L. 20


Airtiogal 36.



Breithneoidh Dáil Éireann, chó luath agus is féidir tar éis tosnuithe
gach bliana airgid, meastacháin fháltais agus chaiteachais Shaorstáit
Éireann i gcóir na bliana san, agus, ach sa méid go ndéanfaí achtú
sonrách 'na thaobh i ngach cás, achtófar fé cheann na bliana an
reachtúchán is gá chun Rúin Airgid gach bliana d'fheidhmiú.



Airtiogal 37.



Ní cuirfear airgead i leithreas le vóta, le rún ná le dlí, mara
ndéanfar sa tsiosón céanna intinn a churtha i leithreas do mhola trí
theachtaireacht ó Ionadaí na Coróinneach ar chomhairle na
hArd-Chomhairle.



Airtiogal 38.



Cuirfear chun Seanaid Éireann gach Bille do tionnscnuíodh i nDáil Éireann
agus do ritheadh ag Dáil Éireann agus maran Bille Airgid é, féadfaidh
Seanad Éireann é do leasú agus breithneoidh Dáil Éireann aon leasú dá
shórt; ach Bille a rithfidh Dáil Éireann agus a bhreithneoidh Seanad
Éireann, tuigfear i gcionn dhá chéad agus deich lá is trí fichid ar a
dhéanaí tar éis é do chur chun an tSeanaid den chéad uair, no i
gcionn pé tréimhse níos sia ná san le n-a dtoileoidh an dá Thigh,
gur rith an dá Thigh é sa bhfuirm is déanaí 'nar rith Dáil Éireann
é: Ar choiníoll go gcuirfear gach Bille Airgid chun an tSeanaid chun a
mholta san d'fháil air agus i gcionn tréimhse nách sia ná lá is fiche
tar éis é do chur chun an tSeanaid, go gcuirfear thar n-ais é go dtí
Dáil Éireann a fhéadfaidh é rith, agus molta uile Sheanaid Éireann no
aon mhola aca do ghlaca no do dhiúlta, agus, mar a bheidh rithte mar sin,
no mara gcuirfear thar n-ais fé cheann an lae is fiche sin é tuigfear
é bheith rithte ag an dá Thigh. Tar éis Bille nách Bille Airgid do
chur go dtí Seanad Éireann féadfar Co-shuidhe de Bhaill an dá
Thighe do thabhairt le chéile ar rún a rithfidh Seanad Éireann, chun
díospóireacht, ach gan vótáil, do dhéanamh ar intinn an Bhille no
ar aon leasú air.



Airtiogal 39.



Féadfar Bille do thionnscnamh i Seanad Éireann agus má ritheann Seanad
Éireann é tabharfar isteach i nDáil Éireann é. Má leasuítear i nDáil
Éireann é breithneofar ar nós Bille do tionnscnuíodh i nDáil Éireann é.
Má diúltuítear i nDáil Éireann é ní tabharfar isteach arís é sa
tsiosón chéanna, ach féadfaidh Dáil Éireann é d'aith-bhreithniú ar
a tairisgint féin.


L. 22


Airtiogal 40.



Bille a rithfear ag Tigh agus a glacfar ag an dTigh eile tuigfear é
bheith rithte ag an dá Thigh.



Airtiogal 41.



Chó luath agus a bheidh aon Bhille rithte no tuigthe do bheith rithte ag
an dá Thigh, cuirfidh an Ard-Chomhairle ag triall ar Ionadaí na
Coróinneach é chun go cuirfe sé siúd in úil, in ainm an Rí, aontú an
Rí leis, agus féadfaidh an t-Ionadaí sin aontú an Rí do choinneáil
siar nó an Bille do mhoilliú chun toil an Rí 'na thaobh do chur in úil:
Ar choiníoll le linn do an t-aontú san d'aon Bhille do choinneáil siar
no aon Bhille do mhoilliú, go ndéanfaidh Ionadaí na Coróinneach do
réir an dlí agus an cleachta agus an úsáid bhun-reachtúil a rialuíonn
a leithéid de choinneáil aontú siar no de mhoilliú i dTiarnas Canada.



Bille a moilleofar chun Toil an Rí 'na thaobh do chur in úil, ní bheidh
aon fheidhm aige mara ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh Ionadaí na
Coróinneach, fé cheann bliana ón lá do tíolacadh d'Ionadaí na
Coróinneach é chun Aontú an Rí d'fháil, a chur in úil, le hóráid
no le teachtaireacht do gach Tigh den Oireachtas, no le furógra, go
bhfuil Aontú an Rí i gComhairle fachta 'na leith.



Cuirfear cúntas ar gach óráid, teachtaireacht, no furógra dá sórt síos
i gCinn-lae gach Tighe agus tabharfar a n-aithghein fé dhearbhú cuibhe
don oifigeach ceart le cimeád imeasc Annála Shaorstáit Éireann.



Airtiogal 42.



Chó luath agus féadfar tar éis d'aon dlí aontú an Rí d'fháil,
cuirfidh an cléireach no pé oifigeach eile a cheapfaidh Dáil Éireann
chuige sin dhá chóip chearta den dlí sin á dhéanamh, ceann aca i
nGaedhilg agus an ceann eile i mBéarla (agus sighneoidh Ionadaí na
Coróinneach ceann de sna cóipeanna san chun é do chur ar rolla cuimhnte
in oifig an oifigigh sin den Chúirt Uachtarach ar a gcinnfidh Dáil
Éireann), agus beidh na cóipeanna san mar fhínéacht chríochnuithe ar
fhorálacha gach dlí dá sórt, agus i gcás coinbhliocht idir an dá chóip a
cuirfear i dtaisce mar sin, sé an ceann a bheidh sighnithe ag Ionadaí
na Coróinneach a bhuaidhfidh.



Airtiogal 43.



Ní bheidh de chomhacht ag an Oireachtas a fhógairt gur brise dlí
gníomhartha nár bhrise dlí iad le linn a ndéanta.



Airtiogal 44.
Féadfaidh an t-Oireachtas cóireanna íochtaracha reachtúcháin do
bhunú agus pé comhachta a socrófar le dlí do thabhairt dóibh.


L. 24


Airtiogal 45.



Féadfaidh an t-Oireachtas soláthar do dhéanamh chun Comhairlí Feidhme
no Gairm-bheatha do bhunú a ionadóidh brainsí de bheatha cho-mhuinteartha
agus chó-ionmhasach an Náisiúin. Déanfaidh an dlí le n-a mbunófar
Comhairle dá sórt a comhachta, a cearta agus a dualgaisí agus an bhaint
a bheidh aice le rialtas Shaorstáit Éireann do shocrú.



Airtiogal 46.



Is ag an Oireachtas amháin atá an t-aon cheart chun rialú do dhéanamh
i dtaobh tógaint agus cothú na bhfórsaí armtha san i gcríocha
Shaorstáit Éireann atá luaidhte sa Chonnradh Sgeidealta, agus beidh gach
fórsa dá shórt fé smacht an Oireachtais.



Airtiogal 47.



Aon Bhille a bheidh no a tuigfear a bheith rithte ag an dá Thigh,
féadfar é chur ar fionraoi ar feadh deich lá is cheithre fichid, ach
dhá chúigiú de theachtaí Dháil Éireann no mór-áireamh de bhaill
Sheanaid Éireann á iarraidh i scríbhinn ar Uachtarán na hArd-Chomhairle
fé cheann seacht lá, an tráth is déanaí dhe, ón lá a bheidh no a
tuigfear a bheidh an Bille sin rithte. Déanfar Bille den tsórt san do
chur, do réir rialacha a dhéanfaidh an t-Oireachtas, fé bhreith na
ndaoine le Referendum, má iarrtar san do dhéanamh fé cheann deich lá
is cheithre fichid pe'ca le rún de Sheanad Éireann le n-a n-aontóidh
trí chúigiú de bhaill Sheanaid Éireann, no le hachuiní a shighneoidh
an fichiú cuid ar a luighead de sna vótáluithe a bheidh an uair sin
ar chlár na vótáluithe, agus ní bheidh dul thar breith na ndaoine de
réir mhóráirimh na vótanna a caithfear le linn a leithéid de
Referendum. Ní bheidh feidhm ag na forálacha so maidir le Billí Airgid
ná le pé Billí a fhógróidh an dá Thigh a bheith riachtanach
láithreach chun an tsíocháin no an tsláinte no an tsábháltacht
phuiblí do chosaint.



Airtiogal 48.



Féadfaidh an t-Oireachtas soláthar do dhéanamh chun tairisgintí ó
sna daoine do thionnscnamh i dtaobh dlithe no i dtaobh leasuithe
bun-reachta. Má theipeann ar an Oireachtas a leithéid de sholáthar do
dhéanamh fé cheann dhá bhliain, déanfa sé, ar achuiní chúig míle
déag is trí fichid míle vótáluí ar an gclár, an chuid is lú dhe,
ná beidh thar cúig míle déag aca 'na vótáluithe in aon dáilcheantar
ar leithrigh, a leithéid de sholáthar no an cheist do chur fé
bhreith na ndaoine do réir na ngnáth-rialacha a rialuíonn


L. 26


an Referendum. Aon reachtúchán i dtaobh a leithéid de thionnscnamh ó
sna daoine a rithfidh an t-Oireachtas, forálfar ann (1) go bhféadfar a
leithéid de thairisgint do thionnscnamh ar achuiní leath-chéad míle vótáluí
ar an gclár, (2) má dhiúltuíonn an t-Oireachtas do thairisgint a
tionnscnófar amhlaidh, go gcuirfear fé bhreith na ndaoine é do réir
na ngnáth-rialacha a rialuíonn an Referendum: agus (3) má achtuíonn
an t-Oireachtas tairisgint a tionnscnófar amhlaidh, go mbeidh an t-achtú
san do réir na bhforálacha a rialuíonn gnáth-reachtúchán no leasú
ar an mBun-reacht pe'cu san é.



Airtiogal 49.



Ní cuirfear Saorstát Éireann fé oibleagáid páirt ghníomhach do
thógaint in aon choga gan aontú an Oireachtais, ach amháin i gcás
ionsuidhe do dhéanamh ar Éirinn.



Airtiogal 50.



Féadfaidh an t-Oireachtas leasú do dhéanamh ar an mBunreacht so laistigh
de théarmaí an Chonnartha Sgeidealta, ach tar éis ocht mblian ó dháta
an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm, ní dhéanfaidh dlí de n-a
leithéid de leasú, ar n-a rith ag dhá Thigh an Oireachtais, mara
ndéanfar, tar éis do dhá Thigh roimh-ráite an Oireachtais é do rith
no tar éis a rith do thuisgint, an leasú san do chur fé referendum na
ndaoine agus mara gcaithfidh móráireamh de sna vótáluithe ar an gclár
a vótanna le linn a leithéid de referendum, agus vótanna mór-áirimh
de sna vótáluithe ar an gclár, no dhá dtrian na vótanna sa chomhaireamh,
do chaitheamh i bhfabhar an leasuithe. Féadfar aon leasú dá shórt do
dhéanamh laistigh den tréimhse ocht mblian roimh-ráite mar
ghnáth-reachtúchán agus mar sin tiocfaidh fé choiníollacha Airtiogail 47
de seo.



Airtiogal 51.



Fógartar leis seo Udarás Feidhmiúcháin Shaorstáit Éireann do bheith
sealbhuithe sa Rí, agus go bhfeidhmeofar ag Ionadaí na Coróinneach é
do réir an dlí an cleachta agus an úsáid bhunreachtúil a rialuíonn
feidhmiú an údaráis fheidhmiúcháin i gcás Thiarnais Canada. Beidh
Comhairle ann dá ngoirfear an Ard-Chomhairle chun cabhruithe agus
comhairlithe i rialú Shaorstáit Éireann. Beidh an Ard-Chomhairle
freagarthach do Dháil Éireann, agus is é a líon seachtar n-Airí ar an
gcuid is mó dhe no cúigear Airí ar an gcuid is lú dhe ar n-a gceapa
ag Ionadaí na Coróinneach ar ainmniú Uachtaráin na hArd-Chomhairle.


L. 28


Airtiogal 52.



Beidh Airí uile na hArd-Chomhairle 'na dteachtaí de Dháil Éireann agus
beidh ortha Uachtarán na hArd-Chomhairle, Leas-Uachtarán na
hArd-Chomhairle agus an t-Aire i gceannas Roinn an Airgid.



Airtiogal 53.



Ceapfar Uachtarán na hArd-Chomhairle ar ainmniú Dháil Éireann. Ainmneoidh
sé sin Leas-Uachtarán den Ard-Chomhairle, a ghníomhóidh chun gach críche
in ionad an Uachtaráin ar an Uachtarán d'fháil bháis, do thabhairt suas
no do thuiteam fé mhí-chumas bhuan, go dtí go dtoghfar Uachtarán nua
den Ard-Chomhairle. Gníomhóidh an Leas-Uachtarán thar ceann an Uachtaráin,
leis, le linn eisean do bheith as láthair go sealadach. Is ar ainmniú an
Uachtaráin, le haontú na Dála, a ceapfar na hAirí eile atá chun bheith
in oifig mar bhaill den Ard-Chomhairle, agus imeoidh an t-Uachtarán agus
na hAirí a ainmneoidh sé as oifig má chailleann seisean tacuíocht mhór-áirimh
i nDáil Éireann, ach leanfaidh an t-Uachtarán agus na hAirí sin
ag déanamh a ndualgaisí go dtí go gceapfar a gcomharbaí: Ar choiníoll,
ámh, ná sguirfear an t-Oireachtas ar chomhairle aon Ard-Chomhairle go
mbeidh tacuíocht mhór-áirimh i nDáil Éireann caillte aici.



Airtiogal 54.



Beidh an Ard-Chomhairle freagarthach in aonacht i ngach cúrsa bhaineas
leis na Ranna Stáit a bheidh á riara ag Baill den Ard-Chomhairle.
Ullamhóidh an Ard-Chomhairle Meastacháin d'fháltas agus de chaiteachas
Shaorstáit Éireann i gcóir gach bliana airgid, agus cuirfidh ós cóir
Dháil Éireann iad roimh dheire na bliana airgid roimhe sin. Tiocfaidh an
Ard-Chomhairle i gceann a chéile agus gníomhóid in aonacht mar aon
údarás.



Airtiogal 55.



Féadfaidh Ionadaí na Coróinneach Airí ná beidh 'na mbaill den
Ard-Chomhairle do cheapa agus géillfe siad san d'fhorálacha Airtiogail 17
den Bhun-reacht so. Ainmneoidh Dáil Éireann gach Aire den tsórt san ar
mhola Choiste de Dháil Éireann a toghfar i slí a bheartóidh Dáil
Éireann i dtreo go n-ionadóid Dáil Éireann gan leithreachas. Mara mbeidh
Dáil Éireann sásta le aon mhola áirithe féadfaidh an Coiste leanúint
ar ainmneacha do mhola go dtí go bhfaghfar ceann le n-a mbeifear sásta.
Ní raghaidh lán-uimhir na n-Airí, agus Airí na hArd-Chomhairle
d'áireamh ortha, thar dháréag.


L. 30


Airtiogal 56.



Beidh gach Aire nách ball den Ard-Chomhairle 'na cheann freagarthach ar
an Roinn no ar na Ranna a bheidh fé n-a chúram, agus beidh sé
freagarthach uaidh féin do Dháil Éireann amháin i riara na Roinne no
na Rann ar a mbeidh sé 'na cheann: Ar choiníoll, má dhineann an
t-Oireachtas socrú i gcóir Comhairlí Feidhme no Gairm-bheatha, go
bhféadfaidh na hAirí seo no aon duine aca, má chinneann an t-Oireachtas
amhlaidh, bheith 'na mbaill de sna Comhairlí sin agus bheith molta acu
do Dháil Éireann. Is é téarma oifige aon Aire, nách ball den
Ard-Chomhairle, téarma na Dála a bheidh ann le linn a cheaptha, ach leanfa
sé in oifig no go gceapfar a chomharba, agus is í Dáil Éireann féin
amháin a chuirfidh aon Aire dá shórt as oifig le linn a théarma, agus
san ar chúis a luadhfar, agus tar éis an tairisgint go gcuirfear as
oifig é do chur fé bhráid Choiste, a toghfar i slí a bheartóidh Dáil
Éireann, i dtreo go n-ionadófar Dáil Éireann gan leithreachas, agus tar
éis don Choiste sin tuairisc do thabhairt ar an scéal.



Airtiogal 57.



Beidh de cheart ag gach Aire bheith láithreach agus éisteacht d'fháil
sa tSeanad.



Airtiogal 58.



Má ceaptar teachta de Dháil Éireann 'na Aire ní bheidh d'oibleagáid
air a shuidhchán do thabhairt suas ná dul fé ath-thogha.



Airtiogal 59.



Gheobhaidh Airí pé luach saothair a socrófar ó am go ham le dlí, ach
ní luigheadófar luach saothair aon Aire i rith a théarma oifige.



Airtiogal 60.



Ceapfar Ionadaí na Coróinneach, dá ngoirfear Seanascal Shaorstáit
Éireann, ar an slí chéanna ceaptar Seanascal Canada agus de réir an
chleachta atá in úsáid timpeal a leithéid de cheapa do dhéanamh.
Beidh a thuarastal ar có-mhéid leis an dtuarastal atá anois indíolta
le Seanascal na hAstráile agus cuirfear de mhuirear é ar chiste phuiblí
Shaorstáit Éireann agus déanfar soláthar oiriúnach as an gciste sin
chun a áit chomhnuithe oifigiúil agus a theaghlachas do choinneáil suas.


L. 32


Airtiogal 61.



Déanfaidh ciste amháin d'fháltas uile Shaorstáit Éireann pé as é,
gan dochar do pé eisceacht a socrófar le dlí, agus cuirfear i leithreas
é chun úsáide Shaorstáit Éireann ar an gcuma agus fé sna muirir agus
na fiachaisí ordófar le dlí.



Airtiogal 62.



Ceapfaidh Dáil Éireann Ard-Sgrúdóir chun gníomhuithe ar son Shaorstáit
Éireann. Smachtóidh sé díoluíocht agus scrúdóidh cuntas gach airgid
a riarfar ar ordú no fé údarás an Oireachtais, agus tabharfa sé
tuairisg uaidh do Dháil Éireann ar uairibh áirithe a socrófar le dlí.



Airtiogal 63.



Ní cuirfear an t-Ard-Sgrúdóir as oifig ach mar gheall ar dhrochiompar
no mí-chumas a luadhfar agus ar rúin a rithfidh Dáil Éireann agus
Seanad Éireann. Gan dochar don bhforáil seo socrófar le dlí téarmaí
agus coiníollacha sealbhuíochta a oifige. Ní bheidh sé 'na bhall den
Oireachtas ná ní bheidh aon oifig ná ionad eile sochair aige.



Airtiogal 64.



Is i sna Cúirteanna puiblí a bhunóidh an t-Oireachtas a cuirfear
comhacht bhreithiúntais Shaorstáit Éireann i bhfeidhm agus a riarfar ceart
le breithiúin a ceapfar i slí a foráltar 'na dhiaidh seo. Beidh ar na
Cúirteanna so Cúirteanna Céad-Chéime agus Cúirt Aith-éisteachta
Deire dá ngairmfear an Chúirt Uachtarach. Ar na Cúirteanna Céad-Chéime
beidh Ard-Chúirt, ag a mbeidh lán-údarás bunaidh agus comhacht chun
socruithe gach cúrsa agus gach ceiste bhaineas le dlí no le fírinne,
pe'ca síbhialta no coiriúil, agus fós Cúirteanna go mbeidh a n-údarás
go háitiúil agus go teoranta maille le ceart aith-éisteachta mar a
cinnfear le dlí.



Airtiogal 65.



Raghaidh comhacht bhreithiúntais na hArd-Chúirte chó fada le ceist
dlisteanachta aon dlí maidir le forálacha an Bhun-reachta. Is í an
Ard-Chúirt amháin a chuirfidh údarás bunaidh i bhfeidhm i ngach cás 'na
dtiocfaidh cúrsaí den tsórt san i gceist.



Airtiogal 66.



Gan dochar do pé rialacha agus maille le pé eisceachtaí a cinnfear le
dlí (lasmuich d'aon chás do thabharfadh ceist dlisteanachta aon dlí
anuas) beidh údarás aith-éisteachta ag Cúirt


L. 34


Uachtarach Shaorstáit Éireann ar gach breith den Ard-Chúirt. Ní
bheidh dul thar breith na Cúirte Uachtaraighe in aon chás, agus ní
déanfar aith-bhreithniú ná ní féadfar aith-bhreithniú do dhéanamh
ar an mbreith sin ag aon Chúirt, Binse ná Udarás eile ar bith: Ar
choiníoll ná déanfaidh éinní sa Bhun-reacht so baint ó cheart aon
duine chun cead speisialta d'achuiní ar a Shoillse chun a chúis do
thabhairt fé aith-éisteacht ón gCúirt Uachtarach go dtí a Shoillse i
gComhairle ná baint ó cheart a Shoillse chun a leithéid de chead do
dheonú.



Airtiogal 67.



De réir na ndlithe bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus do réir na
rialacha a déanfar fútha iseadh bheidh uimhir na mbreithiún, bunú agus
có-ghléasa agus roint ghnótha agus údaráis imeasg na gCúirteanna agus
na mbreithiún roimh-ráite, agus gach ní bhaineas le nós imeachta.



Airtiogal 68.



Is é Ionadaí na Coróinneach a cheapfaidh ar chomhairle na hArd-Chomhairle
breithiúin na Cúirte Uachtaraighe agus na hArd-Chúirte agus na gCúirteanna
eile go léir a bunófar do réir an Bhun-reachta so. Ní cuirfear breithiúin
na Cúirte Uachtaraighe ná na hArd-Chúirte as oifig ach mar gheall ar
mhí-iompar no mhí-chumas a luadhfar, agus ansan féin le rúin a rithfear ag
Dáil Éireann agus Seanad Éireann araon. Socrófar le dlí aois oifige
d'fhágaint, luach saothair agus pinsean a leithéidí de bhreithiúin ar
oifig d'fhágaint dóibh agus na dearbhtha a thabharfaid uatha le linn a
gceaptha. Ní féadfar an luach saothair sin do luigheadú an fhaid a
leanfaid in oifig. Socrófar le dlí téarmaí ceaptha breithiún aon
chúirteanna eile a bunófar.



Airtiogal 69.



Le linn feidhmithe dhóibh beidh na breithiúin uile nea-spleách agus fé
riail an Bhun-reachta agus an dlí amháin. Ní bheidh breitheamh
iontoghtha chun suidhe san Oireachtas, agus ní bheidh aon oifig ná ionad
eile sochair aige.



Airtiogal 70.



Ní trialfar éinne ach do réir chúrsaí cuibhe na dlí, agus ní
bunófar cúirteanna nea-choitianta, ach amháin pé Binsí Airm a
údarófar le dlí chun lucht airm a bhrisfidh dlí airm do thriail. Ní
shroichfidh údarás na mBinsí Airm chun an phobail shíbhialta ná ní
cuirfear i bhfeidhm ortha é ach in aimsir chogaidh no rebiliúntachta
armtha agus mar gheall ar ghníomhartha a déanfar in aimsir chogaidh no
rebiliúntachta armtha, agus do réir na rialacha a socrófar le dlí.
Ní cuirfear an t-údarás san i bhfeidhm in aon líomatáiste 'na bhfuil
na cúirteanna síbhialta go léir oscailte no 'narbh fhéidir iad do
chomóra agus ní aistreofar aon duine ó líomatáiste go chéile chun
a leithéid d'údarás do chruithniú.


L. 36


Airtiogal 71.



Aon duine d'fhórsaí armtha Shaorstáit Éireann ná beidh ar seirbhís
chogúil ní thrialfaidh aon Chúirt Airm ná aon Bhinse eile Airm é in
aon choir intrialta ag sna Cúirteanna Síbhialta mara dtabharfar an choir
sin go speisialta laistigh d'údarás Chúirteanna Airm, no aon Bhinse
eile Airm, le haon chórus dlithe no rialacha chun smacht airm do chur i
bhfeidhm a mholfaidh an t-Oireachtas 'na dhiaidh seo.



Airtiogal 72.



Ní trialfar aon duine in aon chúis choiriúil gan choiste ach i gcás
cúiseanna timpeal mion-choirthe atá intrialta le dlí i láthair Chúirt
Údaráis Achmair agus i gcás cúiseanna timpeal coirthe i gcoinnibh dlí
airm atá intrialta ag Cúirt Airm no Binse eile Airm.



FORÁLACHA DIOMBUANA.



Airtiogal 73.



Gan dochar don Bhun-reacht so agus sa méid ná fuilid buiniscionn leis,
leanfaidh na dlithe atá i bhfeidhm i Saorstát Éireann le linn teacht i
ngníomh don Bhun-reacht so i lán-neart agus i lán-fheidhm go dtí go
n-ath-ghairmfear no go leasófar iad no aon cheann aca le hachtú den
Oireachtas.



Airtiogal 74.



Ní dhéanfaidh éinní sa Bhun-reacht so deifir d'aon fhiachas chun aon
cháin no diúité do dhíol i dtaobh na bliana airgid ag rith le linn dáta
an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm, ná i dtaobh aon bhliana airgid
roimhe sin, ná i dtaobh aon tréimhse a chríochnóidh ar an lá deireannach
den bhliain airgid reatha roimh-ráite no roimhe, ná i dtaobh aon ócáide
laistigh den bhliain sin no d'aon bhliain roimhe sin, ná fós aon deifir
do mhéid a leithéid d'fhiachas; agus i gcaitheamh na bliana airgid reatha
roimhráite leanfar de gach cáin agus diúité agus gach riaráiste den
bhfiachas san do ghearra agus do leaga agus do bhailiú ar an gcuma
cheanan chéanna do dintí é díreach roimh an mBun-reacht so do theacht
i bhfeidhm, agus déanfar an cóiriú céanna do dintí roimhe seo ar an
méid a baileofar; agus chun na críche sin, beidh na comhachta céanna
ag an Ard-Chomhairle do bhí ag an Rialtas Sealadach agus beidh sí
freagarthach sa tslí chéanna 'na raibh an Rialtas san.


L. 38


Earraí a beirtear i gcaitheamh na bliana airgid reatha roimhráite ó
Shaorstát Éireann go dtí aon pháirt den Bhreatain Mhóir no d'Oileán
Mhanainn, no a tugtar ó aon pháirt den Bhreatain Mhóir no d'Oileán
Mhanainn go dtí Saorstát Éireann, ní áireófar iad mar earraí amach
no isteach do réir mar bheidh, ach sa méid go n-órdóidh an Ard-Chomhairle
a mhalairt i dtaobh na bhfuirmeacha a bheidh le húsáid agus an eolais a
bheidh le tabhairt 'na dtaobh.



Chun críche an Airtiogail seo, cialluíonn an focal "bliain airgid" maidir
le cáin ioncuim (mar aon le barra-cháin) bliain a gearrtha, agus maidir
le cánacha agus diúitéthe eile, an bhliain a chríochnuíonn ar an
t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta.



Airtiogal 75.



Go dtí go mbunófar Cúirteanna do Shaorstát Éireann do réir an Bhun-reachta
so, leanfaidh an Chúirt Uachtarach Udaráis, na Cúirteanna Contae,
na Cúirteanna Ceathrú Shiosóin agus na Cúirteanna Udaráis Achmair,
mar atáid anois, don údarás céanna do chur i bhfeidhm de thurus na
huaire mar a dhinidís go dtí so, agus aon bhreitheamh no giúistís, atá
'na bhall d'aon Chúirt dá sórt, agus atá in oifig le linn an Bhunreachta
so do theacht i bhfeidhm, leanfa sé de thurus na huaire ar bheith 'na
bhall di, agus fanfa sé in oifig do réir na seilbhe céanna agus ar na
téarmaí céanna do bhí aige go dtí so, ach i gcás breithimh den Chúirt
Uachtarach roimh-ráite no de Chúirt Chontae, mara gcuirfidh sé in úil
d'Ionadaí na Coróinneach gur mian leis tabhairt suas. Féadfar aon
fhollamhntas in aon cheann de sna Cúirteanna roimh-ráite ar a leanfar
amhlaidh do líona le ceapa a déanfar sa tslí chéanna a ceapfar breithiúin
sna Cúirteanna atá á bhunú fén mBun-reacht so: Ar choiníoll go
mbainfidh forálacha Airtiogail 66 den Bhun-reacht so i dtaobh breitheanna
den Chúirt Uachtarach a bunófar fén mBun-reacht so le breitheanna
Cúirte na hAith-éisteachta ar a leanfar do réir an Airtiogail seo.



Airtiogal 76.



Má bhíonn aon bhreitheamh den Chúirt Uachtarach Udaráis roimh-ráite
no d'aon cheann de sna Cúirteanna Contae roimh-ráite le linn
Cúirteanna do bhunú fén mBun-reacht so, ná ceaptar le n-a thoil
féin chun bheith 'na bhreitheamh d'aon Chúirt dá sórt, déanfar leis,
chun críche Airtiogail 10 den Chonnradh Sgeidealta, i leith is gur fhág
sé oifig toisc an atharuithe Rialtais do tháinig i bhfeidhm de
dheasgaibh an Chonnartha roimh-ráite, ach beidh gach ceart a bronnfar
amhlaidh gan dochar d'aon cheart ná éileamh a bheadh aige i gcoinnibh
Rialtais na Breataine.


L. 40


Airtiogal 77.



Gach oifigeach den Rialtas Sealadach atá ann le linn an Bhun-reachta so
do theacht i bhfeidhm (agus nách oifigeach é gur thug Rialtas na
Breataine a sheirbhísí ar iasacht don Rialtas Sealadach) aistreofar é
ar an ndáta san agus déanfaidh de oifigeach de Shaorstát Éireann, agus
beidh aige seilbh oifige a bheidh ar có-réir leis an seilbh oifige do
bhí aige cheana.



Airtiogal 78.



Gach oifigeach den tsórt san ann do haistríodh ó Rialtas na Breataine
de bhrí aon aistriú seirbhísí chun an Rialtais Shealadaigh, beidh sé
i dteideal tairbhe Airtiogail 10 den Chonnradh Sgeidealta d'fháil.



Airtiogal 79.



Aon tseirbhís phuiblí nár aistríodh a riara go dtí an Rialtas
Sealadach roimh dháta an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm, cuirfear
aistriú a riartha siar go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1923, no go dtí
dáta is luaithe ná san ar a gcinnfidh an Ard-Chomhairle tar éis fógra
mí do thabhairt roimh ré san Iris Oifigiúil; agus an méid sin de sna
hoifigigh ag obair i riara na seirbhísí sin ar dháta an aistrithe ar
a gcinnfear sa tslí atá luaidhte 'na dhiaidh seo, aistreofar iad agus
déanfaidh díobh oifigigh de Shaorstát Éireann; agus beidh d'fheidhm ag
Airtiogal 77 den Bhun-reacht so 'na dtaobh i leith is gur oifigigh den
Rialtas Sealadach do haistríodh chun an Rialtais sin ó Rialtas na
Breataine na hoifigigh sin. Cinnfear ar na hoifigigh a bheidh le haistriú
amhlaidh i dtaobh aon tseirbhísí sa tslí chéanna i leith is go raibh
riara na seirbhísí aistrithe chun an Rialtais Shealadaigh roimh an
mBun-reacht so do theacht i bhfeidhm.



Airtiogal 80.



Maidir le maoin, earraí, cearta agus fiachaisí bhaineas le ranna Rialtais,
tuigfear gurb iad Rialtas Shaorstáit Éireann comharbaí an Rialtais
Shealadaigh, agus sa méid go ndéanfaidh feidhmeanna de Rialtas Shaorstáit
Éireann d'fheidhmeanna aon roinne de Rialtas na Breataine, tuigfear gurb
iad Rialtas Shaorstáit Éireann comharbaí na roinne sin de Rialtas na
Breataine.



Airtiogal 81.



Tar éis dáta an Bhun-reachta so do theacht i bhfeidhm féadfaidh Tigh na
Páirliminte, do toghadh do réir an Achta um Shaorstát Éireann (Socrú),
1922, (gurb í an dáil bhunaidh í chun an Bun-reacht so do shocrú), na
comhachta agus na húdaráis


L. 42


uile a thugann an Bun-reacht so do Dháil Éireann do chur i bhfeidhm ar
feadh tréimhse ná raghaidh thar bliain ón ndáta san, ach chuige sin go
mbeidh ar theachtaí na Páirliminte sin forálacha Airtiogail 17 den
Bhun-reacht so do chó-líona agus déanfar an chéad toghachán do Dháil
Éireann fé Airtiogail 26, 27, agus 28 de seo chó luath agus is féidir
tar éis deire na tréimhse sin.



Airtiogal 82.



D'ainneoin éinní dá bhfuil in Airtiogail 14 agus 33 de seo bunófar
céad Sheanad Éireann láithreach tar éis an Bhun-reachta so do theacht i
bhfeidhm, sa tslí seo leanas, sé sin le rá:-



(a) I gcéad Sheanad Éireann beidh trí fichid ball dá dtoghfar deich
dhuine fhichead agus dá n-ainmneofar deich dhuine fhichead.



(b) Is é Uachtarán na hArd-Chomhairle a ainmneoidh na deich mbaill
fhichead de Sheanad Éireann atá le hainmniú, agus le linn do an
t-ainmniúchán san do dhéanamh tabharfa sé aire speisialta go
soláthrófar ionaduíocht do ghasraí no do pháirtithe ná beidh
leor-ionaduíocht aca i nDáil Éireann an uair sin.



(c) Is í Dáil Éireann a thoghfaidh le vótáil a déanfar do réir
Ionaduíochta Cothromúla na deich mbaill fhichead de Sheanad
Éireann atá le togha.



(d) De sna deich mbaill fhichead a ainmneófar leanfaidh chúig dhuine
dhéag a toghfar le crann-chur, in oifig ar feadh na lán-tréimhse
de dhá bhliain déag, leanfaidh na chúig dhuine dhéag eile in oifig
ar feadh sé mblian.



(e) De sna deich mbaill fhichead a toghfar leanfaidh an chéad chúig
dhuine dhéag a toghfar in oifig ar feadh naoi mblian, agus leanfaidh na
chúig dhuine dhéag eile in oifig ar feadh trí mblian.



(f) Ar chríochnú tréimhse oifige aon bhall den tsórt san toghfar baill
'na n-ionad i slí a fhorálann Airtiogal 32 den Bhun-reacht so.



(g) Líonfar foth-fhollamhntaisí i slí a fhorálann Airtiogal 34 den
Bhun-reacht so.



Airtiogal 83.
Fógrófar chó luath agus is féidir agus ar an séú lá de Mhí na
Nodlag Naoi gcéad déag agus a dó fichead an tráth is déana dhe, le
Furóga ó n-a Shoillse, gur rith agus gur ghlac an Dáil Bhunaidh agus
Páirlimint na Breataine an Bun-reacht so, agus tiocfaidh an Bun-reacht
so i bhfeidhm ar fhoillsiú an Fhurógra san.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services