Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Níl mé chomh óg is bhídhinn fadó

Title
Níl mé chomh óg is bhídhinn fadó
Author(s)
Corcomruadh,
Pen Name
Corcomruadh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Níl mé chomh óg is bhídhinn fadó.



Tá mo ghruag aig éirghe lomh 's gann
Agus teagann fan Earrach cruadh-shlaighdeán;
Budh bheag agam fadó fuacht nó teas
Ach' anois is maith liom an ghaoth ó dheas.
Is maith liom, trá bhídheann na crainn gan bláth
Mo chathaoir bhog agus mo theine bhreágh;
Chím na comharthaidhe d'oidhche 's do ló
Níl mé chomh óg is bhídhinn fadó.



Is minic a bhídheas, is mo cháirde ré —
Ag ól 's a rinnce go dtí éirghe an lae;
Ar leithidí — adheirinn — ní'l san gcruinne;
Anois i m'aigneadh ní'l a ngnúis ná a sloinneadh.
'S ó! nac suarach é mo shean-cheann bog
Mar bhídhim 'mo chodladh ag an naoi a chlog!
Thar aon ghloine amháin ní théidhim go deó —
Ní'l mé chomh óg is bhidhinn fadó.



Shaoil mé in m'óige go raibh cailín óg
Mar aingeal naomhtha pé bith dath a gruag;
Ní fhuaras 'na hiomchur aon locht nó sgáth
Budh ceól a glór — budh dlighe ar fhéad sí 'rádh.
Anois in gach cailín — dath donn nó fionn —
Tá mórán bealaighe taobh-bun-as-cionn;
Ach' b'fhéidir gur ormsa tá an lucht is mó
Ní'l mé chomh óg is bhidhinn fadó.



Tá an aisling imthighthe, an radharc gan ceó,
'S sgéalta bréagach' díbrighthe go deó,
'S eolus aibidh ó thráth go tráth
Neartuighthe ón Spiorad in gach lá.
Ach' cá bhfuil an fear bhfuil croidhe na lár
Nach ndeir gur bé an t-am chuaidh tart — is fearr,
'S nach ndíolfadh iomlán a mhaoin go beó,
Air bheith chomh óg is bí sé fadó?



“Corcomruadh”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services