Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuairisg ó'n Tuaisceart

Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tuairisg ó'n Tuaisceart



Atá buidhean stiurtha Feise Uladh ag saothnughadh go
tréan chum an fheis do chur chum cinn. Atá trí fichid
púnta airgid bailighthe aca acht atá súil aca dá fhichead
púnta eile d'fhághail. Atá na Breathamhain beagnach
socruighthe agus gach uile nidh ullamh fá choinne na feise.
'San Halla Uladh i mBeilfeirsde ar an cheud lá de mhí na
Nodlaig béidheas an fheis ann. Atá gearr-dráma grínn
Gaedhilge le heith ar na mbórdaibh i Halla an Tais-
béanta i ngarrdha na mbláth i mBéilfeirsde ar an cheud
lá de mhí na Samhna so chugainn. Béidh Tableaux vivant
ar cois in aoinfheacht leis an dráma.



Beidh Céilidh Mhór ag Gaedhilgeoiribh Doire ar an
séamhadh lá fichead de mhí na Samhna i Halla Naoimh
Coluimchille i nDoire. Bhí easpog Doire .i. Seaghán
Onórach Ó Dochartaigh, dochtúir diadha, le bheith mar uach-
darán ag an gCéilidh acht go bhfuil sé ar siubhal 'san
Róimh ag tabhairt cuairte ar an bPápa.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services