Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feirmeóireacht

Title
Feirmeóireacht
Author(s)
An Feirmeóir Gaedhealach,
Pen Name
An Feirmeóir Gaedhealach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feirmeóireacht



Anois ó tá an foghmhar i leath-taoibh agus - 'dtaobh-rádh
go raibh a thosach go h-an-fhliuch - do chríochnuigh sé go
fíor-áluinn. Tá a rian air, tá féar agus arbhar go seas-
ganta anois ins an iothlainn ag na feirmeóiribh; acht
i dtaobh na bprátaí, ní raibh an barra chomh h-olc le
deich mbliadhna; agus dá luighead atá ann aca tá leath an
mhéid sin féin dubh, agus ní dubh acht dearg-lobhtha; agus is é
mo thuairim féin ná beidh práta le n-ithe ag aon 'ne i
gcóir oidhche Inide. An tseachtmhain so chugainn, nó
chomh luath agus is féidir liom, sgríobhfaidh mé alt ar an
slighe gur ceart tosnughadh ar an dtalamh d'ullmhughadh
i gcóir na bliadhna so chugainn, agus beidh cúntas mar
an gcéadna leis, ar mhargaidhibh agus ar aontaighibh na
h-Éireann againn as so amach.



An Feirmeóir Gaedhealach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services