Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dodder

Title
Dodder
Author(s)
Asgall Ghall,
Pen Name
Asgall Ghall
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Dodder"



A Fhir an Chlaidhimh Sholuis,



Táim díreach d'éis freagra "Philib a' Chleite" do
léigheadh. Chím go raibh sé do cheanndánacht aige an
rud gránna úd "Dodder" do chur síos arís i litrea-
chaibh Gaedhealacha! (slán mo chomhartha). An é nach
féidir a mhúineadh dhó gur Dothar an focal? An
amhlaidh leanfas sé do "Dodder" go "deireadh a
shaoghail agus go foircheann a bheathadh"? Faire! Faire
go deo, a "Philib"!



Is mór is gearánta dham ort-sa leis, a eagarthóir.
Go deimhin duit, go bhainis gach aon chóir agus ceart díom.
Níor leigis mo litir-se i gcló; agus gach uile fhocal d'ar
sgríobh "Pilib a' chleite" fá lán-chló agat! Ní hag
faire ar lúb ar lár do bhíos acht deirim leat gur chuir
"Dodder" a leithéid sin de dhéistin agus de sheirbhthin orm
nár fhéadas mo shuaimhneas do cheapadh.



Acht 'na dhiaidh sin agus uile, is é rud is mó ar a bhfuaras
locht, an locht eagair do leigean a leithéide sin de
thuathal agus de bhéarlachas urghránna isteach. Cad chuige
nár buaileadh amach é, agus "abhainn na Dothra" do chur
ina ionad?



Mise,



Asgall Ghall

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services