Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Loch Cé

Title
Loch Cé
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ua Seagha, Séamus
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Loch Cé



Séamus Ua Seagha, cct



Is ciúin 's is sámh mion-thonn á thragha
Is fionn 's is bán an rae,
Is úr gach páirc le drúcht a bhláth
'S is cumhartha - sgáith Loch Cé -
Agus súil mo ghrádha
Is áilne duibhe
'Ná oll-réalt bán
Trí lár an oidhch'
I lonradh árd-neamh ghlé.



Is aoibhin thuas mar chroidhthe shuairc
Na crainn do ghluaiseann gaoth,
Agus síorruidhe-luasgadh toinn ar chuan
Cois coillte buan Loch Cé -
An ghaoith a d-tuaidh
Do fuarann bláth
Craith aoibhneas uait
Anuas, dom' ghrádh,
'S na slighe cuir suan gach rae!



Is sóghmhail súghach é glór na g-clúr
Agus ceol na lonn gan staon,
Is módhmhrach rún na n-eon annsúd
I bh-feorainn úir Loch Cé -


L. 469


'S badh shóghach liom siubhal
Lem' phlúr gan sgíos
Air mór-chraig Dhún
I d-túis an oidhch'
Agus ór air chiuis an rae!



Dá g-casfadh cabhach me 'rís don' ngleann
'Gus go bhfanfainn ann lem shaoghal
Badh mhaith bheidheadh cabhail le fada fann,
'Measg fáithchí 's crann Loch Cé -
'N áit cheasnadh trom
Agus ceann bocht tláth,
Gheobhainn aiteas, greann
Agus teann-neart samh
'Gus badh sheasmhach Samhradh glé!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services