Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Tá Cumann Ceárdaidhthe i Sasana do cuireadh ar
bun tamall maith ó shoin le haghaidh cirt do thabhairt
d'fhearaibh oibre, agus bhí ionad coinne ag an mbuidhin seo
ag Huddersfield an tseachtmhain seo ghabh thart.
Rinneadar riaghlóir ar an dtionól d'fhear darab ainm
Picles. Is ait an ainm í sin, tá ainmneacha greanna-
mhara ar chuid aca i Sasana, acht mar sin féin do labhair
an féar úd go ciallmhar, agus d'á dheasgaibh sin bhí páipéir
Shasana ag cúl-chaint air ar feadh trí lá. Ní raibh aon
chúis aca ar an bhfear so acht amháin go ndubhairt sé
leis na fearaibh oibre gur chóir dóibh aire thabhairt d'á
ngnó féin agus gan bheith ag cailleamhaint a gcéille mar
atáid ar feadh bliadhna ag callaireacht i dtaobh cogaidh
agus ag gríosadh an Riaghaltais chum a n-aimhlis. "Namhaid
d'ár dtír iseadh an fear so," deir na páipéir, agus ba
chóir do na fearaibh oibre é umalasg 'sa laithigh. Ca-
thain do bheidh ciall ag na fearaibh oibre? Is leis na
fir shaidhbhre na páipéir úd agus tá a rian air, meallaid
siad amadán an alluis, mar mhaithe leo féin. Molaid
siad é, deir siad leis gur sámh, suairc, a shaoghal i
gcomórtas le beatha na bhfear i dtíorthaibh eile agus go
bhfuil éad ar mhuintir na ndúthaighe eile leis féin agus leo
sain. Cuireann an fear oibre goic ar féin fá mar
do chuirfeadh bó nuair do thochuiseóchá fá bhun cluaise í,
agus fá dheireadh caitheann sé a han-bháiréad i náirde agus
cuireann liúgh as - "Hurú, cia bhuailfeadh mo mhadra?
beidh ainm an tSagsan-Treibh ar bárr go deo!"



Mar sin féin, cia gur beitheadhach an Sasanach tá
saghas céille aige, agus tá an Chumann Ceárdaidhthe seo
le fada ag iarraidh áiteamh ar an Riaghaltas gur cóir
di sochar éigin go bhronnadh ar an bhfear oibre i ndeir-
eadh a shaoghail. Bhí an rún céadna fá chómhairle aca
ag Huddersfield agus dubhradar gur gheall an Riagh-
altas dóibh go minic go gcuirfidhe dlíghe ar bun le
haghaidh bronntanas do thabhairt gach seachtmhain d'fhear-
aibh oibre ós cionn trí fichid bliadhan d'aois. Ní déirc
an bronnadh so, acht tuarasdal do thuill gach fear oibre
toisg gur mhéadaigh a chuid saothair saidhbhreas na tíre.
Cia gur gheall an Riaghaltas dóibh an bronnadh so ní
gábhadh dhóibh bheith ag brath ar phinginn ruadh dhe d'fhághail.
Tá an oiread airgid caithte ar chogadh na mBórach agus do
thabharfadh deich fichead gach seachtmhain do gach fear ós
cionn trí fichid bliadhan, i Sasana agus i nÉirinn. Ní fhuil
an t-airgead le fághail anois agus ní bheidh go deo, mar tá
díoluigheacht agus ceannuigheacht Sheagháin ag imtheacht uaidh
go tiugh, tá ceannuighthí na Gearmáine agus Americá ag
teacht laistigh de ar gach margadh 'sa domhan.



Do b'árd é uaill na Sasanach tá bliadhain ó shoin chum
fola Phóil. Do b'fheárr leo anois go leigfidís dó mar
is beag nách bhfuilid creachta ó'n gcogadh, agus siúd agus go
mbuaidhfid air fá dheireadh tá náire tabhartha dhóibh ós
cómhair an tsaoghail. Deir a lán go bhfuil buaidhte ag
sluaighte móra Shasana ar na Bóraigh fá dheireadh. Ní
chreidim pioc de gidh go bhfuil fiche fear aca i naghaidh
gach Bórach, acht bíodh so mar chómhartha agat, nuair do
bheidh sé i gcumas Sheaghain breith ar ghunnaí móra na
mBórach bíodh fhios agat go bhfuil na gaisgidhigh ag
meathadh.



Is beag an tuairisg atá i bpáipéir ó'n gcogadh, agus an
méid atá, éitheach is eadh a fhurmhór. Bhí Bota agus Buller
ag gabháil d'á chéile arís ar feadh lae cois Léidenburg.
Deir na Sasanaigh go raibh dhá mhíle ag Laoiseach. Do
theich Buller mar nách raibh aige acht dhá mhíle dhéag ar
fhichid, acht do dhruid Roberts na threó le fiche míle
fear agus leath sé amach iad le haghaidh teacht dia thiar de
Laoiseach. Sin mar do ghnídh na Sasanaigh. Aon uair
amháin go bhuailidís fá dhéin an Bhóraigh go dán, acht ní
baoghal go bhfuil an cleas sain aca anois. Éaluidhid
siad ar a mbolgaibh i gcomhair teacht timcheall air agus is
éigin do'n Bhórach druidim siar i gcás ná tiocfaidís
i ndiaidh an chúil air. Ní thugann Roberts puínn
cúntais dúinn. Sin é an cómhartha nách bhfuiltear go
maith aige. Ba gheárr an mhoill air tuairisg mhaith do
chur chúgainn mar is firín bladhmannach is eadh é.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services