Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Gaedhilgeoirí

Title
Na Gaedhilgeoirí
Author(s)
An Cléireach,
Pen Name
An Cléireach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Na Gaedhilgeoirí



"Níl an chathair mar a tuairisg" mar adeir Domhnall
Ó Fearachair, agus is baoghalach ná fuil an oiread brighe
ins na Gaedhilgeoiribh le tamall is ba mhaith le cuid
aca. Acht bhí urmhór aca thíos fá'n dtuaith le déidhean-
aighe ag caitheamh saoirseachta do theastuigh go mór
uatha agus b'in é an fáth nách rabhadar nísa bhruideamhla.
Táid siad chum a gcasóg do bhaint díobh dá ríribh an
Satharn so chugainn an cúigeamhadh lá fichead de'n mhí
seo. Tá fógra agus cuireadh i n-éinfeacht agam dá gcur
ag triall ar gach aon Ghaedhilgeoir, an luaithre do
chuimilt dá chamán agus bheith i bpáirc an Fhionn uisge an
lá sain ag a ceathair um thráthnóna, nó bheith air féin.
San am chéadna tá cuireadh fá leith againn dá thabhairt
do gach aon duine labhras Gaedhilg no gur maith leis
bheith ag éisteacht léi dá spreagadh.



An Cléireach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services