Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óráid Thaidhg Uí Ghlasáin os comhair Tionóla na hAondachta i gCorcaigh, Iúl, 1900

Title
Óráid Thaidhg Uí Ghlasáin os comhair Tionóla na hAondachta i gCorcaigh, Iúl, 1900
Author(s)
Ó Glasáin, Tadhg,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Óráid Thaidhg Uí Ghlasáin



Os comhair Tionóla na hAondachta i gCorcaigh, Iúl, 1900



Óir atá mar cheann do na rúin oibre ag Connradh
na nGaedheal n-Aontuighthe an teanga Ghaedhilge do
choimhéad beó, mar pháirt don troid chum ar saoirseacht
d'fhagháil thar n-ais, an riachtanas chum ar saoirseacht
d'fhagháil thar n-ais, an riachtanas chum ár dteanga
dhúthchasach do chur ar aghaidh agus do shaothrugadh... Má
fhaghamaid "Riaghail dúthchais" o Riaghaltas Shasan
indiu nó i mbárach, caidé an teanga ina ndéanfaidh ár
bhfeisirí a ndlighthe? … Ní'l aon chunntas is dóigh
liom, ar aon tír san domhain do cuireadh riamh fá
dhaor-smacht an tír eile, agus do chaill a teanga féin nach
mór, agus thóg suas ina hionad teanga a smachtuightheóra,
go bhfuair sí sin a saoirse riamh, nó go rinne iarracht


L. 354


chum a teanga dhúthchasach d'aithbheódhadh ar dtús. Tá
sé cinnte má bhíonn fonn ar dhaoine atá fá dhaors-macht
a dteanga féin do chosnamh agus do shaothrughadh, go bhfuil
fonn ortha mar a gcéadna chum saoirseachta a dtíre
d'fhagháil tar n-ais. Ar an adhbhar soin, tá sé soiléir
go bhfuil sé riachtanach an teanga bhreágh mhilis Ghae-
dhealach do choiméad beó, agus na daoine go bhfuil ortha
Riaghal Dúthchais na hÉireann do chur chum cinn, is
ceart dóibh bheith ar aon intinn le Connradh na Gae-
dhilge san obair thíorthamhail atá aca ar bun. Agus is
ceart dár bhfeisiribh eólas do chur uirthi chum bheith
ullamh, nuair atá súil againn sul i bhfad go mbéidh an
chead agus an ceart aca, a ndlighthe do dhéanamh i n-ar
dteanga ársaid féin agus i n-ár dtír féin. Atá slighe
im' thuairim-se chum an gnó tíorthamhail seo do chur
chum cinn. Anois ó tá cead ag na daoinibh go bfuil
guthanna aca iad so atá ar aon intinn le Connradh na
Gaedhilge do thoghadh feasda, más féidir é, chum gach
oifige puiblidhe, an bárr do thabhairt dóibh seo go bhfuil
Gaedhilg aca agus go háirithe na daoine gur féidir leó
a léigheadh agus sgríobhadh.... (Seadh agus a chur i n-umhail
do chách go bhfuil an iomarca béarlóireacht dá stealladh
i n-aghaidh Gaedhilgeóirí na tíre ag gach aon saghas
cainteóirí atá ag teacht ina measg.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services