Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fuisgí

Title
Fuisgí
Author(s)
Cuan na Mara,
Pen Name
Cuan na Mara
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fuisgí



I dtaobh na díospóireachta so atá idir "Chú Uladh,"
agus Sgríobhnóir "beirt fhear ó'n tuaith," fá'n fhocal
"fuisgí," nach raibh sé chomh maith fear eadarsgáin do
ghlaodhach isteach sul dá dtéigheadh sé chum buillí mór-
ibhfad uainn an urchóid!



Atá 'n lán cheart ag Cú Uladh do bheith i n-aghaidh
focla truaillighthe do tharraint asteach i n-ar dtean-


L. 277


gaidh, mar fheicimid déanta gach uile lá, nuair atá
focla ar ndóthain dá'r gcuid féin againn; acht 'nuair
deir sé go bhfuil an oiread leithsgéil ag an dream a
deireas "handáilte" agus "unhandáilte" agus atá aca
so a deireas "fuisgí" atá sé ag dul amugha go mór.



Tá fhios ag gach uile dhuine nach bhfuil gaol ná baint
ná páirt ag "handáilte," "unhandáilte" agus focla
mar iad do'n teangaidh Gaedhilge; tá cuma agus snuadh agus
snas an Bhéarla ar na foclaibh so. Ní mar soin dálta
an fhocail "fuisgí." Is fíor-Gaedhilg an focal so, is
as an nGaedhilg do fásgadh é. Admhuighid na foclóirí
Béarla féin gurab eadh. Is fíor gur focal é a siubhail
sgathamh ó bhaile acht tháinig sé ar ais chugainn níos
láidire agus níos bríoghmhara ná d'imthigh sé agus is ceart
céad míle fáilte a chur roimhe agus úsáid do dhéanamh dhe.



CUAN NA MARA

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services