Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Is maith is cuimhin liom

Title
Is maith is cuimhin liom
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Is maith is cuimhin liom



Fonn - "An Chúilfhionn"



Is maith is cuimhin liom an oidhche úd fá dhíon na gcrann
mór,
Nuair do bhíomar 'ár suidhe 'stigh ó'n dílinn a Eoghain,
Thugais luighe dham ód' chroidhe amach ná stríocfá do
Sheoin,
Is do shnaidhm mé ar do chlí thuas an draoi-sheamaróg.



'S nuair do chuadhais-se thar sáile 's gur fhágais mé i
mbrón,
'S gur ghluaisis gan spás-mhoill do'n áitreabh so an óir,
Bhí mo chroidhe ionnam dom' shásamh an t-ádh bheith id'
chomhair,
Cé go sílinn ná fágfá-sa an áit sin go deó.



Acht nuair tháinig fios cruinn uait go síne 'nár dtreó,
Go raibh d'intinn ort tidheacht chugainn arís fá Láin-
tseoil,
Tháinig aoibhneas im' chroidhe isteach is síoth go ró-mhór;
Is ó taoi-se slán taoibh liom ní bheidh sgaoileadh ort go
deó.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services