Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Gaedhilgeóirí

Title
Na Gaedhilgeóirí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Na Gaedhilgeóirí"



Táimíd ag dul ar aghaidh go háluinn. Bíodh súil ag
craoibh éigin de Chonnradh na Gaedhilge le cuireadh
fhagháil uainn agus mura chífidh Murchadh chífidh an rud is
goire dho, do réir an tseanfhocail. Chuir Tórna ar an
gCaptaon, .i. Pádraig Mac Artghail, Dia Sathairn seo
ghabh thorainn, agus do leig seisean leis ar an sean-nós.
Annsain do thosnuigh an bheirt ag glaodhach ar gach re
fear go dtí gur glaodhadh ar gach duine láithreach go
raibh camán aige. Thosnuigheadar ag bualadh annsain
agus bhí de threise agus de chalmacht ins na laochraidhibh nár
fhéad buidhean aca buadh do bhreith ar an mbuidhin eile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services