Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Doire

Title
Doire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Doire



B'fhéidir gur doigh le daoine gur 'n-ar gcodladh
támuid annseo, acht ní headh chor air bith. Tamall
beag ó shoin, agus dá mbeitheá a' caint le daoine ar an
nGaedhilg 'a magadh fút a bheidheadh siad.



Ní mar sin atá an chúis anois: deir an chuid is mó
aca gur ro-mhaith leóbhtha Gaedhilg a bheith aca agus gur mór
an truaigh an tsean-theanga bheith a' sleamhnughadh uainn.
An áit nach raibh le fághail againn acht magadh, tá
síbhíalthacht le fághail anois. An ionad "ná bí im'
bodharadh le Gaedhilg," tá daoine a' rádh "is deas
milis an teanga í, agus dá mbeidheadh am agam, ba mhaith
liom í fhoghluim." Is mór an nídh an mhéid seo, acht
ní'lmíd sásta go fóill.



Tá Cumann na Gaedhilge Liotardha chum cuairt a
thabhairt siar go Loch Finne an mhí seo chugainn. Is
fíor-Ghaedhealach an áit Gleann-Finne agus badh cheart go
mbeidheadh bailiughadh mór ins a ghleann rómpa de
mhuintir ó na Gleanntaibh ó Dhúbh-Chorraí agus ó Árd-a-
Rátha.



Má bhídheann an Domhnach breágh, agus tá súil againn go
mbeidh sí mar sin, beidh lá álainn againn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services