Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Dhomhnaigh Diadha

Title
A Dhomhnaigh Diadha
Author(s)
Ó C., T.,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Filidheacht



A Dhomhnaigh Diadha



A Dhomhnaigh Diadha, díograsuigh dúinn
Grádh grádhmhar, grástamhail, beannuighthe buan -
Grádh Chríosd, grádh Mhuire thug Dia chúgainn,
'S do'n Spioraid Naomh ghlórmhar chromuigheas gach glún.



Teampall tréan thú do'n Tríonóid féin
Chruinnigheas ciúin-chráibhtheacht istigh do lae,
Uaigh na n-uabhar ó'n uair sin i gcéin,
Eiséirghe Íosa agus ár bhfuascailt ó'n gcré;



Solus síothchána scaipthe as neamh,
Sgoth na seachtmhaine agus sgáth na Naomh
Sgáile na bhflaitheas, flaitheamhnas leamh
Gan folamh i bhfolach acht lán go béal.



Id' threó ní'l deamhan, id' bhealach ní'l diabhal,
Id' shlighe tá siubhal aingil Dé;
Id' ghuth tá mar ghuth na n-éan,
Tá sólás soilbhir agus ní'l donas faoi.



Id' chois tá céol na gclog go fuamach,
Milis mar bhláth 'seadh anál d'ucht;
Buaileann do chroidhe críonna stuamach
Mar chroidhe Chríosd Dé 'san tsaoghal so bocht.



Id' éadan tá crois, id' dhruim an domhan
Bailighthe bagartha ó bun go ceann -
Cóimhcheangailte craipthe an daonacht ar fad.
Ag moladh aon Dé gan leisge, gan spad.



Lá sgoruigheacht Dé ó n-a obair throm
Rinne neult, rinne reult, rinne luibh agus crann,
Rinne an mhúir agus gach nídh 'stigh ann,
An ghrian, an ghealach, agus an uile domhan;



Lá sgaramhainte ó shainnt agus ó pheacadh faon,
Lá do na grástaibh shíleas ar chlaon;
Solus, suairceas, agus sáimhe an tsaoí
Chneasuigheas an t-anam ar a bhfuil rian an daoí.



Lá thug do na habstolaibh úrlabhra agus béal,
Lá fosgailte Neimhe agus lá dúnta hÍfrinn,
Tabhair dhúinn neart agus breith dhúinn féile,
Cómhacht grádha Dé agus blas na fírinne!



T. Ó C.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services