Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Dubhairt Bismarc dá bhfeicfá laoch i gcrothaibh báis
ar pháirc an bhualadh ná biadh aon fhonn chum cogaidh
ort go deó arís. Bíodh sin mar atá is ait an rud é
gurab é sgéal ar chogadh an sgéal is taithneamhaighe
agus is feárr le daoinibh. Tá sult go leór ins an
tsaoghal, daoine ag pósadh ann, agus daoine ag abhrán,
acht ní thráchtar tharsa indiu acht air Bhuller agus ar
Ioubert agus ar a gcuid éirligh agus áir ar feadh na seacht-
mhaine ghabh thart. D'éirigh Briain Bóroimhe d'á ghlúnaibh,
do choisric sé é féin agus dubhairt le n-a ghiolla dul go
dorus an chábáin ag Cluain Tairbh agus tuairisg do
thabhairt dó an raibh brat Mhurchadh ar leathadh fós
i lár an áir. Ceapaim gur chuir Pól a leithéid sin de
cheist i dtaobh brait Ioubert go minic ar feadh na
seachtmhaine agus go raibh an sean-laoch go meidhreach
nuair do chualaidh sé go bhfuil brat nó meirg Ioubert
i n-uachtar fós agus go mbeidh go fóil. D'éis cómhraic
sé lá na seachtmhaine idir Bhuller agus Ioubert tá greim
Ioubert chómh docht daingean ar an bhFuíteach agus do bhí
sé riamh.



Do shílidh na Sasanaigh go mbiadh an Fuíteach fuas-
gailte an Satharn so ghabh thart agus bhí rinnce fada
agus teinnte cnámh le bheith againn, bhí giúmhais agus brosna,
pic agus tara ullamh i Lúnduin agus cloisim go raibh na
daoine macánta thuas i mBéalfeirsde ar an inntinn


L. 738


gcéadna agus a gcuid drumaí croiceann-asal smeartha
acu i gcómhair na hoidhche. Acht níor thug na Bóraigh
gránna sain an méid sin compóird dóibh. Rinne
Buller calma agus a shluaighte líonmhara, tréana a
ndícheall acht ba bheag an mhaitheas dóibh é; tá na feir-
meóirí ro-mhaith dhóibh. Ba bhreágh an radharc sluaighte
Shasana ag gluaiseacht tarsna na Tugela ar tuitim
na hoidhche acht do chífeadh fear piseógach an choirt-
mharbh - rian an bháis - ar mhéaraibh a lán acu. Ní dócha
gur thaithnigh an turus leis na saighdiúirí bochta acht tá
sé riachtanach ortha dul ar aghaidh mar cuireann biothamh-
naigh na sparán fada d'fhiachaibh ortha é. Gidh go measaim
go bhfuil easgaine Dé ar an gcogadh so, ní fhuil leigheas
nó neart ag an saighdiúir air, bhí sé óg, d'ól sé braon,
mealladh é, chuimhnigh sé ar cheól, agus ar bheatha an tsaigh-
diúra, agus mo thruagh é tá sé annsúd agus fuaim gunna
geárr an Bóraigh 'na chluasaibh. Léighim go raibh saigh-
diúir óg agus gan sgríobh air, bodhar, balbh d'éis chatha
Mhagersfontein agus beidh an tionóisg chéadna ar a lán
acu súd do ghabh tarsna na Tugela. Tá dá fhichead
míle acu ann idir marcaigh agus coisídhe, cuid acu ar trí
droichid do chúm na béirteóirí clisde nó na h-engineers
dóibh agus a thuilleadh acu ag coisídheacht tarsna dhá áth
gunna geárr idir gach aon bheirt acu agus greim dlúth ar
a mheadon acu mar tá an abha borb agus contabhartach.



Cá bhfuil na Bóraigh? Cá bhfuil na sleagáin buile do
mhillfeadh na saighdiúirí seo ins an abhainn? Ná bac
na Bóraigh, tá fios a ngnótha féin acu. Féach uait ar
chama-chnocán tá Bóraigh ann, sean-daoine liatha cuid
acu, aosánaighe a thuilleadh acu, fir mhóra, leathan-
ghuailneach, féasógach an chuid eile. Táid siad ag
canadh sailm agus abhráin diadhachta. Tá cor capall ag
cos-in-áirde tré chúm chúig mhíle uait, cúbhrán bán ar
na capallaibh, gearrán glas 'na measg agus marcach ar a
mhuin, fear mór, téagartha, srón leathan air, súla
glasa géara aige, cruth ghéar-chúiseach air agus béal
docht. Duine uasal is eadh é; ní fhuil ruibíní ar
sileadh leis ná cleití peacógach 'na cheann-bheart.
Ioubert is ainm do. Ní fheicfir go fóil arís é
mar tá sé imighthe fá mar do tháinig sé, ní mó na
feicfir na Bóraigh eile úd mar tá gach aon aithid acu
i gclais. Ní misde dhóibh é mar tá gunnaí móra
Bhulleir ag pléasgadh ortha agus cloisimíd ó na Bóraigh
féin nár chualathas riamh ar thír a leithéid siúd de
thoirn-chleas. Steallann cuid de na gunnaíbh úd slea-
gán buile seacht míle ó bhaile, tá soc de chruaidh air agus
do bhris sé cairrgeacha agus do chuaidh sé deich dtroighthe
thríd an gcnoc. Mar sin féin ní raibh sé i gcumas
Bhulleir na Bóraigh do dhruidim ar gcúl. Ní raibh aon
ghunnaí móra acu chómh maith agus do bhí aige-sean acht ní
túisge do thagadh na saighdiúirí i ngearracht míle dhóibh
ná do thuiteadh cioth piléar ortha agus do b'éigean do na
saighdiúiribh dul ar scáth láithreach nó ní bhiadh aithid
acu beo.



Lean an bhruighean mar sin ar feadh dhá lá, bhí trí chéad
Sasanach ar lár agus toisg go raibh na sleagáin ag crádh
na mBórach dhruideadar ins an oidhche ar gcúl go clais
eile. Fuaramar an tuairisg go mear, tagann sgéal
maith go tiugh agus dubharthas go raibh na Bóraigh ag teitheadh
anois nó riamh. Do b'álainn an liúgh do chuireamar
asainn. Dubhramar go raibh an báire linn fá dheireadh;
mholamar an ridire Cormac Uarren, agus Ó Cléirigh ó
Chorcaigh.



Is breágh an rud an buadh. Támuid measardha
ámh agus gidh nach bhfuil saint orainn chum fola bhíomar
buaidheartha náchar marbhuigheadh na mílte de na Bóra-
chaibh. Chrothamar ag gceanna go fásta. Tá foidhne
againn. Lean an cath arís, dhruid Uarren na Bóraigh
ghránna dhána ar gcúl beagán eile, go mall an uair
seo, bhí sé anois i ngearracht míle dhóibh. Bhíodar ar
chnocán nó cnoc go ngairmthear Spion Cop air, agus sean-
laoch darab ainm Bota mar cheannphort ortha. Is eól
dom an fear so, tráchtfad air uair eile. Bhí gunnaí
geárra ná mBórach go fíochmhar ar Spion Cop agus i
n-aindeóin réabadh gunnaí móra Bhulleir bhí na Bóraigh
ag stealladh sleagán buile leis. Dubhairt Uarren go
dtabharfadh sé fogha fútha ist-oidhche agus go gcuirfeadh
sgeana geala na saighdiúirí rian ortha. Bhí croidhe gach
duine againn 'na bhéal aige ag feitheamh leis an sgéal.



Hurú, tháinig sé sa deireadh; rug sé ar Spion Cop,
theich na Bóraigh agus bhí an bóthar chum Ladysmith réidh.
Mo mhíle greann tu a Uarren is tusa curadh an lae
chruaidh. Déanfam tighearna dhíot láithreach bonn.
Gháir na fir agus ghoil na mná le háthas, rith fear agus chroth sé
láimh le fear ná feacaidh sé riamh agus chuireadar araon
béic bhladhmannach asda. Chualas triúr fear ag cur
thré na chéile cia aca ba cheart Pól do chrochadh nó a
chur i gcarcair nuair do bhiadh sé fá na smacht i gcionn
coicthíghis. Acht mo dhá léir is geárr do sheasamh Uarren
bocht, bhí fonn air dul go mullach Spion Cop acht nuair
do shroich sé é ní raibh duine 'ná daonnaidhe ann roimis,
acht fá cheann nóimit bheic agus bhladhm na piléir ós a chionn
agus timcheall air agus tháinig an tuairisg ar an tsrang
chúgainn ó Bhuller chráidhte; "is soth liom a admháil,"
ar seisean, "go mb'éigean do Uarren teicheadh ó Spion
Cop agus gur chailleamar mórán fear." Cá bhfuil na
feara gaoithe anois? Ní fhuil an sgéal ar fad againn
fós agus má's fíor an tuairisg atá 'gá leathadh ar fuaid
na hEórpa níor chualamar an chuid is measa de'n sgéal
fós mar deirthear gur chaill Uarren trí mhíle fear agus
fiche gunna mór.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services