Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoineadh an deóraidh ó Éirinn

Title
Caoineadh an deóraidh ó Éirinn
Author(s)
Ua Conmhacáin, Uáitér,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Caoineadh an deóraidh ó Éirinn



Táim im shuidhe ar an a staidhre, a Mháire,
Ait ar shuidh tú le mo thaobh
An mhaidin tsamhraidh i bhfad ó shin,
Mo bhean nuadh-phósda chaomh.
Bhí an geamhar ag éirghe úr is glas,
Bhí an fhuiseog 'measg na néall,
Grádh lasta in do rosg, 'Mháire,
'S bláth rósa ar dó bhéal.



Is beag athrughadh ar an áit, 'Mháire
Tá an lá chomh geal chomh glinn,
Tá an geamhar glas arís agus
Im' chluais ceól fuiseóg binn.
Acht ní airighim fáisg do láimhín bhuig
Ná t'anál ar mo ghiall,
'S táim 'súil go síor le glór do ghoth'
Nach gcluinfeadh le mo shaoghal.



Ní achar síos an tsráidín thall,
Óir feicim uaim a binn,
An chill 'n-ar sheas'mar lámh ar láimh
An lá do pósadh sinn.
Acht eidir mé 'gus í tá t'uaigh,
Mo mhúirnín 's mo rún,
Le do leanbh sínte ar do ucht,
'S ní bhuaidhreó' mé bhur suan.



Ní ghnídheann na boicht aon charaid nuadh
'S táim uaigneach tréigthe fann,
Acht neartuigheann sin ar ngrádh do'n té
Thug Dia dhúinn dá ghann.
Ba thú mo chuid de'n tsaoghal, 'Mháire,
Mo ríméad is mo shuim,
Acht 'nois ní'l nídh ar fiú mo mheas
Ó d'éaluigh Máire uaim.



B'agad bhí an croidhe mór tréan, 'Mháire,
I gcomhnuidhe ag súil le Dia,
Nuair chaill mé féin mo mhuinighin as
'Gus chaill mé leath mo bhríghe -
Bhí sólás in do bhéal go síor,
Bhí compórt in do ghnúis,
Mo bheannacht ort ar a shon sin féin,
Cidh bodhar atá do chluas.



Ag imtheacht dam, slán leat go bráth,
Mo Mháire fhíor is fhial,
Acht ort beidh cuimhne buan is úr
Sa tír ar' bhfuil mé ag triall.
Tá gnó 'gus biadh annsin le fagháil,
Tá an ghrian go síor 'n-a suidhe,
Acht bíodh sí míle uair níos feárr,
I nÉirinn beidh mo chroidhe.



Uáitér Ua Conmhacáin, S.P.,
Gleann-na-maighe-duibhe

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services