Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Níor bhuail Seághan agus Pól a chéile fós acht buailfid
gan aon amhras muna ngéillidh Seághan. Tá an Bórach
ar chlaidhe na teórainn acht ní fhuil Seághan ullamh. Ní
fheaca, go cinnte, aon fhear riamh is meisneamhla ná Pól
Kruger. Ag bagairt ar Shasana go ngeobhaid siad de
chosaibh innte muna dtógaidh sí a cuid saighdiúirí as
cómhgar na Transbhaala! Ar chualuighis riamh a leithéid,
agus ní fhuil ionnta, ar iomad, acht lán doirn de
dhaoinibh i gcosmháileacht leis an mBreatain Móir. Is
mór an iongnadh ná tagann fuil shrón ar an Sasanach
le buile. Tá cúig mhíle fichead saighdiúir aige ins an


L. 482


Afric theas cheana, más sin féin, ní h-ail leis troid le
Pól, go mbeidh níos mó ná dhá oiread sain aige. Bhímis
ag caint go minic ar chródhacht Shasana agus mheasamuis
go gcuirfeadh fiche míle amháin d'á saighdiúiribh an
ruagadh ar a bhfuil fionn agus dorcha ins an Afric theas.
Go deimhin féin léigheas caint Árd-Taoisigh Arm Shasana
aon uair amháin i n-a ndubhairt dá mbiadh fiche míle
Sasanach aige gléasda, agus cóirighthe go dtriallfadh sé
ó'n gcúinne thiar go dtí an cúinne thoir de Roinn na
hEorpa d'aindeóin a bhfuil annsúd d'fhearaibh cómhraic.
Mar mhagadh bhí sé adéarfair. Ní fheadar, acht tá fhios
agam gur chreid a lán é, agus tá an teist amuich air
nách bhfuil dúil sa bhraon aige. Tá níos mó 'ná an
méid sin ins an Aifric theas, acht ar a shoin sain tá
faitchíos ar mhórán i Lúnduin go mbuailfidh Kruger
buille sul a mbeidh an chuid eile de'n Arm láithreach.
Féach anois cad déarfaidh an domhan acht gur fir ghaoithe
sinn. Cuireann an sgéal i gcuimhne dhom Bill Cole.
Táilliúir do bh'eadh Bill. Fear trom, garbh-chnámhach, do
bhí ann. Tháinig sé isteach go tigh ólacháin thíos i dTiob-
raid Árann lá fuar, fliuch. Bhí fear i n-aice na teineadh
ar chathaoir ag ól braoin, fear beag do bh'eadh é, aodhaire
bó. "Fág an chathaoir sin uaim a sceatacháin, tá fuacht
orm," ar Bill. "Ar bhiorán bhuidhe bhainfinn an fuacht
díot a sceathrach, imthigh leat." ar an fear beag go
feargach. "Arú cosanuighidh orm an sopachán so nó
marbhóchad é," ar Bill, acht phreab an fear beag 'na
shuidhe agus cochall air do nós coiligh, acht dhruid Bill
leis na ndorus agus amach leis agus a ghlúna ar crith.
"Tá an raisbín sin cruaidh," ar seisean, "shaoileas ná
cómhraiceóchadh sé."



Tá trí millúin púnt caithte ag Sasana cheana mar
gheall ar an gcogadh so ag gléasadh fear airm 'na chómhair
agus ní fhuil buille buailte fós, agus is deallrathach
go mbeidh a sheacht n-oiread sain caithte sul a mbeidh
an cogadh críochnuighthe. Ní fhuil sgéal ar bith ins na
páipéaraibh acht thrácht ar an gcogadh so agus tá an
ráiméis chéadna ionnta ó lá go lá. Do thabharfaduis
mórán ar fhios do bheith acu ar an mó fear atá ag
Kruger acht is sean-bhuachaill ciallmhar ciúin eisean
agus ní leigeann sé éinnidh air. "Tá deich míle fichead
fear aige ar an dteórainn," adeir duine, "ní fhuil 'ná
a leath-oireadh," adeir duine eile. Ceapaim go bhfuil
an ceart ag an bhfear déireannach so gidh go mbeidh
níos mó 'ná sain ag Kruger air pháirc an bhualadh, mar
tá aosánaigh ceithre mbliadhan déag agus daoine aosda
ós cionn trí fichid 'gá n-ullmhúghadh chum cómhraic. Ní
baoghal 'ná go dtroidfid siad go calma agus is mór
an truagh cur a leithéidibh sin d'fhearaibh meisneamhla.
Ní gábhadh dhíbh troid, adeir Sasana. "Is fíor sain,"
deir Kruger, "má thugamuid duit a bhfuil againn acht
is fear linn bás 'ná daoirseacht." Sin í an chaint.



Deirtheas go bhfuil a dhóthain arm ag Kruger agus go
bhfuil gunnaí móra aige chómh maith agus tá ag Sasana.
Mar sin féin is feirmeóirí furmhór na mBórach agus is
deacair a chreideamhain go bhfuil taithighe chómh maith
acu ar ghunnaibh móra do láimhseáil agus atá ag saigh-
diúiribh Shasana. Ní fhuil aon amhras 'ná gur feárr iad
leis an ngunna geárr, 'ná an saighdiúir.



Bhí Dáil Síth i mBruach Sáile i dtosach an tsamhraidh
seo ghabh tharainn. Shaoiligh daoine go mbiadh deireadh
feasda le cogadh. Dubhramar féin an uair sin nách
raibh na Cumhachta úd dá ríribh acht go raibh teanga
gach ceann acu amach dia thiar de chúl an chinn eile, agus
féach an chéad fhaill d'fhaghann ceann acu go bhfuil sí ar
tí cúmhacht bheag do chur i n-éag.



Chómh fhaid agus do bheidh sainnt sa tsaoghal beidh
cogadh ann. Tháinig gealbhann anuas i mainreach mo
thighe an lá eile, tháinig ceann eile go beacht ar a thóir,
dhírígheadar ar a chéile le ghob, le crobh, le h-ingne,
stolla daran clúmh d'á chéile agus níor staonadar go
raibh iogán agus píobán gach aon acu ag at agus ag
trágha le h-anál a saothair. Ba dhóich leat go bhfuil na
spéartha glé agus na machairí míne fairsing go leór
ag na h-éanabh agus nach bhfuil aon adhbhar troda acu.
Mar sin féin ní réidhtighid le n-a chéile agus bíonn troid
eatortha mar gheall ar bhlúire aráin. Ní fiú blúire
áráin an deifir nó an t-adhbhar troda atá idir Shasana
agus an Transbhaal agus beidh na mílte fear ar lár
agus na millúin púnt caithte sul a mbeidh an cogadh
críochnuighthe mar cómhraiceochaidh an Bórach fad do
bheidh luadháil na láimh chum piléir do chaitheamh.



Ní h-áil le Cumhachtaibh na hEórpa Sasana agus tá
fhios ag Seághan Buidhe go maith é sin. Muna mbeidh
an buadha leis fá cheann rátha measann daoine tuig-
sionacha go mbeidh ceann éigin de na cumhachtaibh ag
bagairt air. Nuair do bheidheas an domhan ag faire ar
an gcogadh so beidh an Rúise ag oibriughadh go foluigh-
theach i n-áit eile mar is gnáthach léi. Tá an chumhacht
sain go láidir i bPort Artúir agus níor bh'iongnadh linn
go ndéanfadh sí iarracht ar an leath thuaidh de'n tSíne
do ghabháil gan cead do Sheaghan. Beidh seisean i
n-achrann leis an mBórach agus beidh a dhóthain le déanamh
aige gan aighneas do chur ar an Rúisíneach. Bhí Mura-
bhíef an la fá dheireadh ins an Spáinn agus chuaidh sé
as sain go dtí an Fhrainc. Bhí na páipéir ag fiafrughadh
dhá chéile cad do bhí aige 'gá dhéanamh sa Spáinn acht
ní bhfuaradar aon tsásamh. Is é an Murabhíef seo
Rún-theachtaire na Rúise agus, deirtheas go bhfuil sé
chómh glic le mada ruadh, nó le Pól Kruger.



Do chualas féin gur as Éirinn de Shinnsear an fhir
seo agus gurab é Ó Murchúdha a ainm sloinne acht gur
atharruigheadh an ainm ins an teanga Rúisis.



Ní cúis mhagaidhe, bhí na "Géanna Fiadhaine" go
fulúirseach ins an Rúise agus táid a sosar ann gus
indiu. Bhí duine acu 'na chaptaen ar long cogaidh.
Chuir an long úd isteach go caladh-phort i Cardiff deich
do dó-dheag mbliadhan ó shoin agus is ag an gcaptaen
do bhí an teanga bhlasda Ghaedhilge.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services