Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
An Feirmeoir Gaedhealach,
Pen Name
An Feirmeoir Gaedhealach
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Do bhí an t-Aonach mór bliadhantamhail i mBéal-átha-
na-sluaigheadh an tríomhadh lá de'n mhí so. Do bhí breis
agus deich míle fichead caorach ann. Bhí ceannuightheóirí
ó gach conndae i nÉirinn ann, agus a lán eile aca ó
Shasana. Ní raibh an t-aonach acht cuibheasach mar do
chuaidh mórán caorach a-bhaile gan díol agus dubhrathas
gur thuiteadar dhá scilling an ceann ó'n mhí so ghabh
thorainn.



Do bhí a lán stoic ar aonach Port Láirge, acht gan
puinn éilimh ortha; acht do bhí luach fiach maith go leor
ar an méid do díoladh díobh, - dhá phunt deug go dtí
cheithre puint deug ar bheitheachaibh seasga trí mbliadhan,
agus naoi bpuint go dtí aon phunt deug ar chollaidhe
dá bhliadhan; gamhna, cheithre púint deich go dtí seacht
bpúint; beithigh oireamhnach chun mart-fheola cúig deug
a's dá fhichid go dtí trí púint an ceud; caoirigh reamhra,
reul go seacht bpinginne an púnt; uain, a cúig fichead
go deich fhichead an ceann; céise, punt go cúig fichead
an ceann; banbhaí, cúig deug go dtí na h-ocht deug.



Do bhí mórán stoic agus cuid mhaith ceannuightheoirí
ar aonach na hUamha. Rinneadh a lán gnótha agus do bhí
lucht díoltha sásta go leor. Do bhí an-éileamh ar
bhuláin chum bhreith go Sasana i gcomhair iad do reamh-
rughadh.



An Feirmeoir Gaedhealach



(Béal Átha na Sluaigheadh = Ballinasloe; An Uaimh =
Navan)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services