Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fódla ag gríosadh a cloinne chum léigheadh leabhar a sinsear ar suanshuim.

Title
Fódla ag gríosadh a cloinne chum léigheadh leabhar a sinsear ar suanshuim.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Fódla ag gríosadh a cloinne chum léigheadh
leabhar a sinsear ar suanshuim.



1. Ceistim thú a Mhumhain na
ndruadh A shár-shliocht Éibhir na
dtrom-shluagh An tan gur
chríon re aois mo bhladh Do
deal-adh uaim-se bhúr gcaomh-ghrádh.



II. Freagair m'aitcheas, a Chonnacht cháidh
Na mbeól mbinn éachtach, magh buan-bhlaidh;
'Gar ghluais na startha chnuadh bhar seann
Fa Chruachain Mheibhe na nuailghleann?



III. Aircheann Uladh, na ngleó-las céim
Chleacht tionól Eamhna fa chaithréim
Nár chlaon na frasa duair do luadh
Taisgbhreas curadh na gcraobh-ruadh?


L. 346


IV.
A Laighin nuadhghlas snuadhreach áil
Fuair liag na hÉigse do chómhdháil
Nár thréig searc gach aiste sigh
Bidh Teamhair áibhseach na n-áirdrigh?



V.
Mo chroidhe, mo chliabh, mo chum, mo chnámh,
Mo rosc, mo thaobh, mo théad, mo lámh,
Mo chos, mo chéim, mo léim, mo neart,
Mo leanán Ghaodhalghuthach saorcheart.



VI.
Mé gur thréig - 's mo labhra grinn
Ag m'uaisle ar mhamram ní aoibhinn
Súd seanghuth Éilge, mian-mhil báird
A ndochar éaga 'sar anáird.



VII.
Fóir mo chianghul-sa, a fhíor chlann
'S mé eirc-bhliocht, ársaidh, tocht anbhfann
Is tír gan tlacht, gan reacht, gan féile,
Nach tuig treabh Aon-mháthar a chéile.



"DÍOBARTHACH Ó ÉIRINN".



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services